11 February 2009

Conair Chasta Chomhair, athuair

Feicim go bhfuil tuairisc ar imeacht Aindrias Ó Cathasaigh curtha le chéile anseo -

http://www.ceartaguscomhar.webs.com/

Feictear dom go bhfuil an léiriú ann lán d'eolas.

Mar a dúirt mé ag an am, 'sé an easpa gairmiúlachta is measa faoin scéal ar fad seo. Agus feictear dom go léiríonn an tuairisc seo bunús a bheith le mo thuairimí.

Níl sé scagtha go mion agam - ach molaim an údar as í a bheith sásta é chuir le chéile, agus a hainm a chuir leis, ainneoin a chúinge is atá saol na Gaeilge. (Cuid den fhadhb, seans?).

Tá eagrán Mí Feabhra agam anois - ach níl faic feicthe agam go fóill a d'fhágfadh go mbeinn sásta mo shíntiúis a athnuachan i Mí Meán Fómhair.

5 comments:

Séamas Poncán said...

Is fíor duit. Tá an iris leamh (ach amháin mo scéalsa) faoi stiúir an eagarthóra seo ón Irish Times. Ní miste liom nach bhfuil na rudaí radacacha ann, ach ba chóir rud éigin suimiúl a chur ann, nach acadúil é. IT/Foinse/Comhar, an dream céanna i gcónaí anois, déarfainn. Níl seoladh r-phoist san iris, fiú, ionas go mbeadh daoine in ann ailt nó scéalta a thairiscint.

Concubhar said...

Cuir sin i gcomparáid le Nós* - dea chumtha, dea scríofa. {Níl sé gan locht, gan amhras - ach tá an fhoireann ag obair go dian agus le gairmiúlacht].
Creid nó ná creid faigheann Comhar deontas de €8,500+ an eagrán ón bhForas. Ní bhfaigheann nós* tada....

aonghus said...

Bhuel, is fearrde iad gan é. Tá líon damhain alla de srianta ag dul le cianóga suaracha an Fholúis, is léir.

Concubhar said...

Mar sin féin, b'fhearr liom go mbeadh airgead an phobail á chaitheamh níos stuama ag an bhForas ná mar atá.
Ag glacadh leis nach bhfuil díolachán thar 200 ag Comhar, is ionann deontas €8,500 in aghaidh an eagráin agus deontas €40+ do gach leitheoir gach eagrán. Sin cur amú airgid....

aonghus said...

Gan amhras.

Ach bheidh amhras orm freisin an chun sochair Nós* a bheadh conradh leis an bhForas faoi mar atá siad i mbun gnó anois.

Más fíor an méid atá le rá san tuarascáil úd, agus tá blas searbh na fírinne air, is cur chuige an Fhorais agus lámh trom an maorlathais cuid den gcúis le cás chomhair.