20 February 2009

Galileo agus an Vatacáin

Píosa spéisiúl i Welt:

Dúradh Aifreann ar na mallaibh ar son Galileo - rud nár cheart ionadh a chuir ar aoinne ó tharla gurbh Caitliceach cráifeach agus eolaí cumasach (ach cancrán) a bhí ann.

Is maith liom an giota seo:
Es war wirklich ein Witz: in naturwissenschaftlicher Hinsicht war die Inquisition im Recht – und Galilei mit seiner Bibelerklärung!

3 comments:

Fearn said...

Mhaígh Íosa nach ar son na gcráifeach a tháinig sé; ach ar aon an pheacaigh

aonghus said...

Is féidir a bheith cráifeach agus peacach. Féach seanfhocal 24:16!

Ní shin a bhí i gceist agam pé scéal é, ach an tuairim forleathan go raibh scaireadh buan idir Galileo agus an Eaglais.

Fearn said...

"Is féidir a bheith cráifeach agus peacach. Féach seanfhocal 24:16!"

Tá fhios agam go mbíonn an t-aon duine amháin maith dona de réir a chur amach, ach ní shin a bhí i dtreis agam.

"Ní shin a bhí i gceist agam pé scéal é, ach an tuairim forleathan go raibh scaireadh buan idir Galileo agus an Eaglais."

Tuairim forleathan? Is aineolas forleathan atá tú chuige. Dar ndóigh, thug an Chúistiúnacht air a fhocal a shlogadh faoi bhagairt péine. Seans nach raibh siad thar a bheith sásta leis.