29 April 2009

An ríomhchlárú mar litríocht

Bíonn dhá príomhchúis ann go dteipeann ar clár ríomhaireachta.
  1. Toisc go bhfuil an clár fabhtach - go ndearna an ríomhchláraitheoir meancóg.
  2. Toisc go bhfuil an clár mícheart curtha i gcrích.
Go hiondúil, bíonn cumasc den dá chúis i gceist.

Tá bunchúiseanna simplí leis seo.

Ní mór aon rud atá le déanamh ag ríomhaire a bhriseadh síos ina mhinmhionsonraí, agus iad a bheith sainmhínithe go soiléir agus in ord a n-úsáidte. Bíonn nodaireacht theibí de dhíth chun é seo a dhéanamh.

Tá dhá deacracht leis seo.
  1. Ní thagann sé seo le modh nádúrtha smaointe an duine. Is fearr linne tosú amach le imlíne gharbh a phléann leis an creatlach ar dtús, agus ansin na mionsonraí a bhreacadh diaidh ar ndiaidh.
  2. Ní mór beith i'd do shaineolaí chun an nodaireacht a thuiscint. Ach ní saineolaí ar an nodaireacht gach saineolaí ar an ábhar is bunús leis an gclár atá le dearadh.
Mar sin, cumarsáid bun agus barr na ceiste. Cumarsáid righin, saor ó dhé bhrí idir an ríomhchláraitheoir agus an ríomhaire (is fíor go bhfuil sé seo ró antrapamorfach - níl tuiscint ag an ríomhaire). Ach, níos tábhachtaí fós, cumarsáid idir an duine ar mhaith leis an ríomhaire a úsáid, agus an saineolaí a bhfuil ar a chumas an ríomhaire a chuir ag obair. Anseo is mó a chailltear an chath.

Tá ríomheolaithe ag dul i ngleic leis an deacracht seo le blianta; agus is mó scéim samhlaíoch a cumadh. Ceann spéisiúil a tháinig mé ar arís ar mallaibh ná Ríomhchlárú Liteartha, téarma a chum Donald Knuth, Ollamh i Meiriceá.

Ina aiste in 1984 "Ríomhchlárú Liteartha", leag sé amach modh nua oibre. Ghlac sé leis go mbeadh seilbh ag ríomhchláraitheoir ar dhá nodaireacht - teanga ríomhaireachta, mar shampla Pascal; agus nodaireacht chun cáipéisí a chruthú. Bhí an nodaireacht clóchur agus na clár a théann leis - TeX - cumtha ag Knuth, agus bhain sé feidhm as ina mhodh nua, ar thug sé "web" air.

An bunphrionsabal atá i gceist ná nach mbeadh ann ach an t-aon foinse amháin don méid a chuirtear faoi bhráid an ríomhaire (faoi bhráid an tiomsaitheora, le bheith cruinn), agus bhí bhráid daoine i foirm cur síos ar an gclár. Líon ("web") a thug sé ar an bhfoinse seo, agus gineann dhá clár ar leith foinsí agus cáipéisí as seo. Caithreáil a thug sé ar an bpróiseas chun clár ríomhaire a bhaint as an líon, agus fíodh ar an bpróiseas cáipéisíochta.

Fágann an córas seo gur féidir an dearadh a dhéanamh ar shlí atá nádúrtha don duine, agus déanann an clár tangle atheagrú ar an gcód don tiomsaitheoir.

Smaoineamh thar a bheith spéisiúil, a bhfuil forbairt tagtha air ó shin - tá suíomh cuimsitheach idirlíon ag plé leis ag http://literateprogramming.com./

Ní dóigh liom go mbainfidh mé feidhm go gairmiúil as fós - ní dóigh liom go bhfuil sé chomh h-oiriúnach céanna do mhór chláracha neadaithe, ar minic canúint ar leith den ríomhtheanga a bheith de dhíth dóibh. Bíonn gá freisin le breis nodaireacht d'fhonn uirlisí anailíse éifeachtach a dhéanamh.

Ach chun cláracha cúnta a dhearadh, agus mar sin, b'fhéidir. Tá leagan don teanga ar C ar fáil - CWEB.

Tá sé ar intinn agam an scéal a chíoradh níos doimhne, pé scéal é.

4 comments:

Kevin Scannell said...

Píosa suimiúil, GRMA.

Gerry Keane said...

Bhí mé ag smaoineamh ar SASweave a úsáid

( http://www.stat.uiowa.edu/~rlenth/SASweave/ )

ach shochraigh mé ar phíosaí as SAS (Statistical Analysis Systems) a iomportál go LaTeX.

Ba chuma do mo léitheoirí cad as a tháinigh an t-eolas. Níorbh ghá dó an program a thuiscint.

Gerry Keane said...

Is staitisteoir mise agus (mar shampla) tá comhad agam le na milliúin de cásanna. Úsáidim an ríomh-phacáiste SAS chun an anailís a dhéanamh. Tá aidhm agam na torthaí a chur amach ar bhealach a mbeadh intuigthe do chách. Tá mé ag caint ar thuarascáil, le meascán de táblaí, grafanna agus téasc, leagtha amach i PDF. Ba mhaith an rud é go mbeadh aon ríomhchlár amháin a dhéanfadh an gnó.

Cé go bhfuil an dul chun chin déanta ag SAS le blianta beaga anuas le cáipéisí a chruthú i PDF, tá sé an-deachair na píosaí go léir a cheangal le céile in aon doiciméad amháin.

Ar an lámh eile, tá eolas agam ar LaTeX ( a bhfuil i bhfad bhfad níos fearr ná Word agus saor sa bhreis). Tá LaTeX buan do cháipéisí fada agus tá na tagairtí inmhéanach do tháblaí agus umhir leathnaigh rsl ar fheabhas.

Le SASweave – RíomhChlár Literatha href=”http://www.stat.uiowa.edu/~rlenth/SASweave/”– is féidir clár LaTeX a scríobh, le chunks de SAS cód istigh ann. Nuair a ritheann tú an LaTeX clár, déantar teangmháil le SAS agus tógtar aschur ó SAS isteach san áit cuí.

Níor úsáid me SASWeave mar bhí an obair idir lámha agam ró-chasta, ach smaoinigh mé air.

Níl fhios agam an bhfuil an brí, atá leagtha amach thuas agam, ag teacht ar an bhfealsúnact a bhí ag Knuth i 1984 (1984! Tá Knuth ar aon leibhéal le Turing in mo thuairimse).

I mo chása, ‘sé clár éifeachtach a bhí uaim agus a mbéadh éasca go leor a ath-rith le comhad eile. Ní fhéachann éinne ar an cód ach mé fhéin. Gan dabht ba chóir dom go leor ráitis mínithe a chur i mo ríomhchlár chun gur féidir liom on loighic a léanúint.

N’fheadar an bfhuil morán difríocht idir ríomhchlár le flúirse de ráitis mínithe agus Ríomhchlárú Liteartha ala Knuth – go háirithe má bhíonn an aschur sásúil.

aonghus said...

B'é an tuiscint a bhain mé as bun alt Knuth ná go chun sochair forbairt an chlár a théann sé é scríobh "go liteartha" mar a mhol sé - toisc go gcuireann sé ar do chumas smaoineamh san ghnáth slí, agus beachtú sonraí áirithe a chur ar athló.