17 April 2009

Sóivéid Luimní, 1919

Cathair inti féin Luimneach.

Fiú roimh luaithreach Angela, agus a droch chlú reatha mar Luimneach na Lann, ba áit spéisiúil í.
Tá giota bhreá ag Heinrich Böll fúithi ina Dhialann as Éirinn - na sráideanna tréigthe, ach na hEaglais lán go dtí go raibh nóibhéine thart.

Is ann a bhí an t-aon (go bhfios dom) pogram in Éirinn, spreagtha ag sagart, monuar.

Cathair a bhí caomhach go maith, mar sin. Cathair a bhain leis an eite dheis cléireach , mar sin.
Ach fiú roimh Jim Kemmy bhí Luimneach eile ann - an Luimneach radacach úd a bhunaigh Soibhéid chun cur i gcoinne Dlí Míleata 90 bliain ó shin.

Rinne Liam Cahill, údar leabhair faoi, píosa breá cainte ar Adhmhaidin inniu, rud a spreag an mhír seo. (Nascann an mhír thuas lena leabhar, atá anois ar líne.)

D'fhág an Cogadh Cathartha muid gan an ghnáth iomaíocht idir na heití a mhúnlaigh polaitíocht na hEorpa. Cadhain aonair ab ea na radacaigh ar an eite clé riamh - Kemmy, Joe Higgins agus a gcuid. Cá bhfios na mbrisfidh imeacht na bPDanna agus an ghéarchéim eacnamaíocht an mhúnla cúng úd ar deireadh thiar thall.

Bheadh feidhm le Sóivéid nua i Luimneach - le cur i gcoinne maoinlathas agus armlathas na drongadóirí, a gcuireann a n-aindlí féin i bhfeidhm orthu siúd a sheasann ina gcoinne - agus daoine geanúla mar Roy Collins ag íoc an praghas is airde as.

2 comments:

Séamas Poncán said...

"Is ann a bhí an t-aon (go bhfios dom) pogram in Éirinn" [go fóill]

"Cathair a bhí caomhach go maith, mar sin." Ní thuigim cad tá i gceist agat. An bhfuil tú ag rá go bhfuil baint idir an frithGhiúdachas agus an coimeádachas? Glan mícheart, má tá.

aonghus said...

Ní hea go baileach. Ach is leis an eite dheis is mó a luaitear pogramanna san ré sin.