20 May 2009

Allagar an Idirlín

Píosa stuama ar First Things maidir leis an deacracht le plé ar an idirlíon.

An deacracht go bhfuil an iliomad glagairí ann. Ach freisin go mbíonn muid ró dheas lena chéile ar uairibh, agus nach mbíonn argóint soiléir fiúntach ann dá bharr.



Nó leigheas eile molta ag Bock an Ropaire (chonaic mé tagairt dó ag Mark Shea, tá an blagasféar ana bheag uaireanta...)

6 comments:

Cú Chonnacht said...

Nach bhfuil tú chun smaointe a bhreacadh síos i leith na bpéidifileach san eaglais? Agus an tuairisc nua faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí in institiúidí á rith ag "seirbhísigh Dé"?

aonghus said...

N'fheadar.

Má bhíonn rud éigin le dealramh le rá agam. Faoi láthair, táim tromchroíach faoi. An oiread sin pian agus fulaingt imeartha ar leanaí ag daoine a bhí in ainm is aire a thabhairt dóibh. Agus an bpobal i gcoitinne dall (mar dheá air).

Is furasta locht a chuir ar an Eaglais. Ach tá níos mó i gceist. An rogha éasca a bhí ann é fhágáil faoi na hOrd rialta, agus iad ag glacadh le curaimí nach raibh ar a gcumas, ceal acmhainní, iad a chuir i gcrích go fónta.

Tá súil agam go bhfoghlaimeofar ceachtanna, agus na ceachtanna cearta. Ach tá amhras orm. Nár dúnmháraiodh cailín abhí faoi chúram an stáit ar na mallaibh?

Bock the Robber said...

Gabhaim mo leithscéal. Níl mo chuid Gaeilge ar fheabhas.

Seo mo cheist: an bhfuil an tír seo ina phoblacht in aon chor, nó an tíreanach é? Féach mo ghrúpa Facebook anseo: Make Ireland a Republic.

Bock the Robber said...

Dhein mé dearmad ar an seoladh.

aonghus said...

Poblacht lochtach atá ann.

Mar is eol duit, nílim go hiomlán ar aon fhocal leat faoin Eaglais, cé go bhfuil smál do-mhaite uirthi de bharr na scannail seo.

Ba mhaith liom feabhas mór a fheiscint, san cliarlathas agus san stáit, go hairithe i maorlathas an stáit.

P.S. Tá do chuid Gaeilge go breá!

Bock the Robber said...

Is fear ró-chineálta thú. Tá mo chuid Gaeilge ina mhála buinnigh.