Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-05-25

Colainneacha agus colanna

Is dócha go bhfeadfaí tráthúlacht a thabhairt air an fíric go bhfuil Díbirt Dé le Pádraig Standún díreach léite agam. Tráthúil, de bharr an tonn bréantais atá á scuabadh thart orainn de bharr ainghníomhartha daoine a bhain feidhm as a ngradam mar cléirigh chun éigniú corp agus anama a imirt orthu siúd a bhí faoina gcúram.

Tá gné de sin á phlé i saothar an Standúnaigh - baineann snáth amháin den scéal le sagart a d'éignigh gasúr, a bhfuil a théarma príosún curtha isteach aige, agus atá seolta ag a Easpag chun maireachtáil le sagart eile, fear a bhí sa choláiste leis. Tá snáithe eile san úrscéal seo a phléann le lochtanna daonna eile.

Ach ainneoin an adhaltranas, an andúil san ól, an tréigean cairdeas agus an brath atá sa scéal seo, tá roinnt dóchas ann freisin; an dóchas go dtig le duine aithrí agus leorghníomh a dhéanamh; ní ghlantar an smál, agus fanann créacht - ach is féidir leanacht ar aghaidh.

Tugann an blurba rógaire sagairt ar Phádraig Standún - tagairt is dócha dá chol móide féin, agus dá amhras maidir le teagasc na hEaglaise. Ach, cé nach mbeinn ar aon fhocal leis faoi mórán, braithim go bhfuil sé ar a laghad ag iarraidh freastal go dílis ar a phobal.

Murab ionann agus na fuaid úd a bhfuil brat folaithe meirligh déanta acu d'éide an chléirigh.

Fuair an t-úrscéal seo duais Oireachtais as a bheith ina "Fhicsean Éadrom". Bhí duais tuillte aige, ach is éagóir "Ficsean Éadrom" a thabhairt air. Tá scil agus teannas tríd síos, agus deireadh thar a bheith stuama - níl gach rud réitithe, níl siad chun maireachtáil "go sona as sin amach", ach tá clabhsúr éigin ann.



Díbirt Dé
Pádraig Standún
ISBN 978190556016
Cló Iar Chonnachta 2007