20 May 2009

Ros na neamh rúin?

Píosa barrúil ag Pól Ó Muirí san IT inniu maidir le "shocker" Ros na Rún.

Is fíor annamh a fhéachaim air (Duine mise a léann an Bhíobla agus a abraíonn an Phaidrín!) toisc go bhfaighim chuile sórt sobalchlár leadránach - agus toisc nach bhfuil fonn dá laghad agam bheith ag rianadh eachtraí sa sraith, ná aon sraith eile.

Táim ag léamh Díbirt Dé faoi láthair, dála an scéil - rud a bheadh shocking go maith dá ndéanfaí scannán as...

Tá daoine tallannacha i gcliar Ros na Rún agus sa chúlra. Mór an trua nach mbaintear feidhm níos fearr astu...

Níl aon easpa ábhar ann sa Ghaeilge ach oiread.

4 comments:

Seán Mór said...

A Aonghuis, léigh mé féin an leabhar sin Díbirt Dé... úrscéal den cheád scoth atá ann! Ceisteanna móra casta ansin... níor fágadh duine ar bith gan smál éigin orthu.

Níor léigh mé an t-alt ó Phól Ó Muirí go fóill... tá mé ag staidéar inniu, agus ag caitheamh sracfhéachaint ar na blagannaí le sos a fháil.

Séamas Poncán said...

Aon seans gur léigh tú Cogadh Dearg go fóill?

aonghus said...

Do léigh.

Níl faic scríofa agam faoi fós, mar go dteastaíonn uaim cothrom na féinne a thabhairt duitse.

Thaithin sé liom, nuair a d'eirigh liom teacht thar an chéad cúpla caibidil. Beidh níos mó le rá agam faoi amach anseo, lcd.

Concubhar said...

Mar a dúirt mé ar iGaeilge an tseachtain seo chaite, agus mé ag tagairt don scéal seo, creidim go léiríonn seo go bhfuil rás Ros na Rún rite agus go bhfuil sé in am anois sobal cathrach a fhorbairt. Chosnódh sé thart ar €3m cheapfainn - ní fheadar cá bhfaighfinn an t-airgead sin....