09 June 2009

Aonaráin, alltacht, allagar, ádh, athnuachan

Táid ar fad le fáil i gCanary Wharf le Orna Ní Choileáin.

Gearrscéalta breátha atá díreach léite agam. Scéalta ón ré seo, agus iad inchreidte ainneoin iad a bheith ag cíoradh eachtra as an gnách - Kafkach geall leis.

Duine aonair, aonaráin go minic, i gcroí gach scéal acu, i ngleic le dán arbh féidir leis bheith aisteach, uafar, crua.

Thaitin na scéalta go mór liom, agus shlog mé an leabhar. (Ar an ndrochuair do na foilsitheoirí, ón leabharlann a fuair mé é. An géarchéim, tá's agat!)

Léigí (agus ceannaígí, más féidir!)



Canary Wharf
Cnuasach Gearrscéalta
Orna Ní Choileáin
ISBN 9781901176919
Cois Life 2009

167 lth.

5 comments:

Dennis King said...

Is léir gur léitheoir cíochrach thú. Tá mé in éad leat!

Mise Áine said...

Agus mise freisin! Cá bhfaigheann tú an t-am, a Aonghuis? An bhfuil sé fíor nach dtéann léitheoir rialta a chodladh ar chor ar bith, nó ar éigean? Sin a dúradh liom, tráth, nuair a bhí mé ag cásamh an easpa ama atá agam féin le léitheoireacht a dhéanamh.

Ar ndóigh, b’fhéidir gur duine tú atá i bhfad níos eagraithe ná mo leithéid, agus a léann i bhfad níos sciobtha ná mé! Cibé scéal é, tá mé ag cur mo liosta léitheoireachta le chéile, a bhuíochas ortsa, a chara. Ar a laghad, beidh liosta agam…

aonghus said...

Caithim roinnt uair a chloig gach lá ag taisteal ar traenacha. Ansin is mó a léim.

Ach is leitheoir gasta mé. Ró ghasta, uaireanta!

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

Ná bí ag gabháil leithscéil leis na foilsitheoirí faoi leabhair a fháil ón leabharlann - margadh an-tábhachtach d'fhoilsitheoir ar bith iad na leabharlanna. Bí ag ordú leabhair Ghaeilge uathu agus ag moladh leabhair dóibh le fáil. Go rialta!

aonghus said...

Ó tharla gan ach méadar no mar sin de leabhair Ghaeilge acu - beidh!