Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-06-12

Cathláin an Phápa

Cuir an mhír seo ag Calliomachas ag smaoineamh mé.

Bhí tionchar riamh ag creideamh agus polaitíocht ar a chéile. Ba threise an tionchar úd i ré na Ríthe a chreid ceart Diaga a bheith acu rialú. Agus ón uair a chuir Leo III an choróin ar Chathal Mór, bhí gaol casta idir pobail agus flatha na Gearmáine agus an Pápa.

Zwei swert in einer scheide,
verderbent lîhte beide;
als der bâbst der rîches gert
sô verderbent beidiu swert

Bescheidenheit, Frîdanc, 1230
Nuair atá dhá chlaíomh in aon truaill
loitear go héasca iad araon
Nuair a shantaíonn an Pápa an Coróin
loitear iad araon.


Thug Anraí IV an Bealach go Canossa ar féin, rud a chuir corr eile san scéal. Mar a tharla go minic, chaill an Pápacht an cath bolscaireachta sin, a bhfuil macalla air go dtí an lá atá inniu ann.

Ach leis an Athrú Creidimh, agus na cogaí a lean é, d'éirigh an scéal níos casta fós. Socraíodh i Síocháin Creidimh Augsburg gurbh é "cuius regio, eiuis religio" an prionsabal feasta - gurbh é creidimh an flaithe a bheadh mar chreideamh an ceantair.

Ba mhinic creidimh flaitheas ag malartú, de réir mar a mhalartaigh an prionsa. Uaireanta, d'iompaigh an Prionsa ar mhaithe leis féin - mar shampla August Láidir a d'iompaigh chun na Róimhe ar mhaithe le coróin na Polainne.

Tá a lán béaloidis ann faoi uisce faoi thalamh, breabaireacht agus dúmhál chun rídhamhnaí a iompú go dtí an creideamh "cuí". Tá sé lárnach in úrscéal Feuchtwanger, Jud Süss.

Agus scríobh Friedrich Schiller úrscéilín (nár chríochnaigh sé) "Der Geisterseher" bunaithe ar an ábhar céanna.

Sin an cúlra le sceon Goethe, agus a easpa comhbhá leis na Gael faoi chois:

"Bei den Katholiken", sagte Goethe, "sind alle Vorsichtsmaßregeln unnütz. Der Päpstliche Stuhl hat Interessen, woran wir nicht denken, und Mittel sie im Stillen durchzuführen, wovon wir keine Begriff haben"
Eckermann, Allagar le Goethe, 3ú Aibreáin 1829
(Agus tú ag plé leis na Caitlicigh, arsa Goethe, níl aon mhaith bheith faichilleach. Tá spéiseanna ag an bPápacht nach ritheann linn, agus modhanna iad a chuir i feidhm faoi choim nach bhfuil an tuiscint is lú againn orthu)


Léiríonn an íomhá thuas Anraí ag geata Chanossa. Fuair mé anseo é.