25 June 2009

Cruimh Chabáiste




Chuir muid roinnt cálráib i bosca glasraí sa ghairdín. Agus seo an toradh - ionradh na gcruimh cabáiste. Chuir mé an ruaig ar scata acu cúpla lá ó shin, ach tá ceann nó dhó á phiocadh agam de na duilleoga maidin agus tráthnóna ó shin. De réir na leabhair, ní dhéanfaidh siad aon ró dhochair don bharr. Tá súil agam gur amhlaidh atá - níl cálráib ró fhlúirseach in Éirinn. Faighim corr uair ó díoltóir i mBarra Temple é, ach ní bhím sa cháthair sách minic ag an deire seachtaine.

Glasra deas milis atá ann.

3 comments:

Dennis King said...

Feicim sna hollmhargaí anseo iad ach níor ith mé ceann riamh (na glasraí atá mé a rá!), go bhfios dom ar aon nós. Ní dóigh liom gur ith mé rutabaga riamh ach oiread, cibé Gaeilge atá air. Conas a ullmhaíonn sibh iad?

aonghus said...

Thar a bheith simplí. An craiceann crua glas a bhaint díobh, iad a ghearradh ina ndíslí beaga, agus iad a bheiriú ar feadh thart ar deich nóiméad ar a mhéid.

Itear ámh iad freisin.

Séamas Poncán said...

Bhí siad sa ghairdín againne anuraidh den chéad uair. Tugtar turnapa Gearmánach air, freisin.