04 June 2009

Dhá cultúr?

Bhí alt ag Torlach Mac Con Midhe i mBeocheist na seachtaine seo inar chuir sé an cheist

Ach an féidir linn eolaíocht a phlé – mar shampla, ceist na géineolaíochta, rud atá rí-thábhachtach, bíodh sé le leas nó le haimhleas an chine daonna – mar a phléitear ábhair eile?

Léigh na nuachtáin agus éist leis na meáin chraolta sa Ghaeilge. Pléitear litríocht agus stair agus polaitíocht agus a leithéid go rialta – ach is annamh a phléitear eolaíocht. Ní hé nach bhfuil na téarmaí ar fáil. Ach níl ann ach corrdhuine cosúil leis an Dr Matt Hussey a fhoilsíonn ar chúrsaí eolaíochta. Is trua é, agus is mór an chaill ar an Ghaeilge é.

Feictear dom go bhfuilid ann sa bhlagadóireacht atá ag cíoradh na ceisteanna seo. Feictear dom freisin go bfuilimidne a bhíonn ag plé leis na heolaíochtaí go gairmiúil sách oscailte do na dána. An-sampla aiste Sheáin ar an gCeimic. Ach is dócha gur fíor nach bhfuil an cumarsáid ann san treo eile.

N'fheadar conas an bearna úd a líonadh? Scríobh linn, is dócha!

5 comments:

Mise Áine said...

Agus coinnígí oraibh ag scríobh! Nach mar sin a bheidh muid uile ag foghlaim óna cheile?

Tá an aiste sin ó Sheán thar barr, í easca a léamh agus easca a thuiscint, ach an oiread le d'fhocail féin.

Cuimim le mo stór focal agus mé ag léamh na mblaganna Gaeilge uile, agus táim de shíor ag foghlaim nach bhfuil mórán ar eolas agam!

Mise Áine said...

Ar ndóigh, 'Cuirim le mo stór focal..' atá i gceist agam thuas, agus ní 'Cuimim'! Clóscríobh le foghlaim freisin is cosúil...

An Cainteoir Dóchais said...

Dá bhfaighinn pingin gach uair a chloisim gearán faoin dá chultúr, bheinn saibhir faoin am seo.

Is fíor, áfach, gurb ann do dóibh. Tá dímheas acu ar a chéile ach déarfainn gur mó dímheas an aosa liteartha ar an aos eolaíochta ná a mhalairt.

Mothaím é sin gach uair a léim mo chóip de New Scientist in áit éigin phoiblí. Bíonn saghas náire orm mar níor mhaith liom go gceapfadh daoine gur anorak mé!

Séamas Poncán said...

Ba bhreá liom colún ar an eolaíocht a bheith in An Gael, ach níl colúnaí faighte agam chuige go fóill...

aonghus said...

@MBM ach is anoraks muid...

Séamas, an smaoineamh. Ach níl fhios agam an bhfuil pobal na heolaíochta le Gaeilge sách fairsing chun colún rialta a sholáthar. B'fhéidir go mb'fhiú duit dul i dteagmháil le muintir an Rotha.

Bhíodh forlíonadh eolaíochta á chruthú ag an Dr. Matt Hussey - bunaithe ar altanna a chonaic sé áiteanna eile, ach níl fhios agam an bhfuil sin fós ann.