28 June 2009

Foirgnimh - Foirm agus Feidhm is fearr!

Agus mé i mBeirlín ar na mallaibh rith sé liom - arís - go bhfuil slacht ar leith ar mhonarchana an Gründerzeit thar mar a bhíonn ar mhonarchana an lae inniu. Bíonn gnéithe deasa - túir, fuinneoga gotacha agus rl sna foirgnimh brící dearga seo a mhaisíonn go seoigh iad.
Is mór idir sin agus iarrachtaí na haoise seo, fiú sár iarrachtaí cosúil leis an "Monarcha Gloine" de chuid Volkswagen i nDresden.

N'fheadar an Oisín i ndiaidh na Féineachas é seo agam?

Go hairithe agus a lán de mhonarchan an "Aois Bhunaithe" anois díomhaoin.


Íomhánna ó Wikimedia Commons - anseo agus anseo.

5 comments:

Dennis King said...

Is féidir go mbeadh suim agat sna grianghrafanna anseo:

http://arktos62.livejournal.com/285865.html

aonghus said...

Cumasc spéisiúil, cinnte.

ormondo said...

Is maith liom roinnt mhaith den ailtireacht dá chuid, ceart go leor, ach ní fheadar an rachaidh ré an Norman-Fosterachais, mar shampla, chun deiridh roimh i bhfad.

Séamas Poncán said...

Nárbh iad na Gearmánaigh féin (Bauhaus) a scrios an ailtireacht?

aonghus said...

Níl mé cinnte. Bhí foirgnimh deasa ag lucht Bauhaus.