12 June 2009

Pontifex

Alt ag John Allen ag rá gurbh é an Eaglais, agus go hairithe an Pápa, atá de dhíth chun nasc a dhéanamh le Moslamaigh measartha.

Tógálaí Droichid an sanasaíocht atá le Pontifex.

Is dóigh liom gur fíor dó, agus go bhfuil práinn ag baint leis an gceist.

5 comments:

Fearn said...

Sílim go bhfuil súil i bhfad ró-ard ag an Alleneach. Is fada an lá ó chuir an tEorpach spéis, thar an bhfiosracht, sa Phápa. Is iomaí críostaí nach ndéanann rud air, fiú ar a chlann fhéin. Gúrú spioradálta i measc gúrúanna spioradálta eile é.
Is maith an rud an t-éiciúméanachas ach sílim gur rud polaitíochta atá i gceist le lánpháirtíocht agus caoinfhulaingt

aonghus said...

Is dócha gur fíor duit.

Ach nílim iomlán cinnte go bhfuil a laghad sin tionchar aige agus a chreideann tú.

Beidh le feiscint.

Fearn said...

Cinnte, tá "tionchar" aige, ach tá sé i bhfad amach; ach is beag "tionchar" aige ar lucht mallaithe ar aon nós.

Feadh mo shaoil, chuir meáin an tsaoil mhóir síos ar thrioblóidí an tuaiscirt mar "coimhlint creidimh"; agus is cuimhin liom éisteacht le Meiriceánach amháin a tháinig chun eadarnáil a dhéanamh idir cliarlathas na hEaglaise Caitlicí agus seanóirí na nEaglaisí Phrotastúnach. Dar ndóigh bhí thiar aige. Ní ansin a bhí máthair an oilc

Séamas Poncán said...

Fuair leath na hEorpa saoirse mar gheall ar thionchar an Phápa, tamall gearr ó shin.

Fearn said...

"Fuair leath na hEorpa saoirse mar gheall ar thionchar an Phápa, tamall gearr ó shin."

Turnamh Chumannachais Oirthear na hEorpa?

Ní hionann comhchoibhneas agus caolagróireacht.