26 July 2009

Briseann an dorchadas...

Tá an chéad gála de na húrscéalta maidir le Seán Ruiséal léite agam anois.

Léigh mé an dara cheann ar dtús! Tá saghas áthas orm anois gur dhein, mar thaitin an ceann seo i bhfad níos fearr liom.

Tosaíonn sé amach mar mistéir an t-seomra faoi ghlas, ach diaidh ar ndiaidh nochtar an conas - níl an seomra chomh slán is a creideadh - agus an cén fáth; agus ansin an cé.
Léirítear gnéithe eile faoin íospartach mar a thagann na bleachtairí ar an fhianaise, agus is saghas CSI atá ann - modhscéal, mar a bhaist Seán air.

Fitear le chéile obair na baill foirne éagsúla go maith, gach aoinne acu ag cuir leis an eolas de bharr a shainscil féin, agus léirítear an tábhacht leis an t-ádh a bheith ar na péas chomh maith.

Sár scéal, teannas tríd síos, agus feidhm bainte as saol phearsanta na bpríomh phearsain chun an teannas agus an strus sin a chuir in iúl.

Tá sé mar aidhm ag Sheáin go n-oirfeadh "...na leabhair d'aerthaisteal ó BhÁC go dtí An Róimh.". Ghiorródh an leabhar seo aistir mar sin go paiteanta.



Seán Ruiséal agus Iníon An Oileáin
Modhscéal póilíneachta le
Seán O’Connor
Coiscéim 2007

2 comments:

Dennis King said...

Tosóidh mé le huimhir a dó mar sin. Is oth liom a rá go bhfuil an dá leabhar ar an gcarn fós, bliain tar éis dom iad a cheannach. Ah bhuel, tá _An Cléireach_, a cheannaigh mé ag an am céanna, ag feitheamh liom freisin!

aonghus said...

Aistear níos faide a bheidh de dhíth ort don Cléireach! Ach is fiú go mór iad ar fad a léamh.