31 July 2009

Cearta an Bhráthair Mhór

Is cosúil go bhfuil sé ina raic maidir le cearta Amazon ar do Khindle.

Tráthúil go leor, is de bharr go raibh leaganacha den úrscéal 1984 á scaipeadh acu gan na cearta a bheith acu. Nuair a fuair siad amach, scrios siad na cóipeanna ar gléasanna a gcuid custaiméirí, agus d'aisíoc siad an 99c.

(Chonaic mé an scéal ar dtús anseo - níos mó anseo)

Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras orm faoin saghas seo bainistíocht ceart digiteach. Feictear dom gur leithscéal atá ann mion sonraí do sainspéiseanna a bhailiú - agus rudaí a chreid tú a bheith ceannaithe agat a cheilt ort más áil le Bráthair Mór éigin é sin. (Dar ndóigh tá i bhfad barraíocht eolas ag Google fúmsa cheana).

Táimid, a bhfuil muid nasctha leis an iliomad gléas, ag fágáil méarloirg digiteacha gach áit... agus cé leis an leas?

2 comments:

ormondo said...

An bhfuil Kindle agat féin?

In ndáiríre, agus téacsanna fada á léamh agam, b'fhearr liom féin gan iad a bheith á léamh agam ar scáileán.

aonghus said...

Níl. Is Luddach mé - is fearr liom leabhair. Ach tá oirfideach póca de chuid Sony agam.