23 July 2009

Saoirse na Máthar an cosaint is fearr in aghaidh ginmhilleadh

Le líon na seachtaine seo chaite, bhí an íobartach i gcás C ag caint le Pat Kenny.
Deir sí nár thuig sí cad is ginmhilleadh ann, agus nach mbeadh sí tar éis toiliú dá dtuigfeadh. Chuir sí ainm ar a leanbh, agus chaoin sí í.

Feictear dom gur theip muid mar sochaí ar bheirt saonta sa chás seo; ar an dá leanbh.

Ceist í seo nach leor an dlí le dul i ngleic leis, cé gur léir go bhfuil gá le dlí láidir docht in aghaidh banéigin. Coir atá ar chomhchéim le dúnmharú dar liom, agus ar cheart caitheamh leis mar coir den troime sin.

Tá sé spéisiúil sa comhthéacs seo go bhfuil Rocco Buttiglione anois ag rá go bhfuil sé níos tábhachtaí féachaint chuige go bhfuil máithreacha saor go fíor ina cinntí seachas an dlí a chuir i feidhm orthu.

Is dóigh liom go bhfuil an ceart aige, ach is dóigh liom freisin go bhfuil ról ag an dlí i gcosaint máthair agus leanaí - ag leagan amach cad iad na gníomhartha atá inghlactha againn mar phobal.

Ceist íogair, ceist chasta. Tá gné spéisiúil ann sa Ghearmáin. Tá ginmhilleadh mí dhleathach - ach i gcásanna áirithe saor ó phionós.

Tá cás roimh an cúirt Eorpach um Chearta Daonna faoi láthair a chuirfidh corr eile sa scéal abhus.

Tá na cosúlachtaí idir cas C agus Cás Jane Roe sna Stáit spéisiúil. Tá Norma MacCorvey (fíor ainm Jane Roe) anois in aghaidh ginmhilleadh.

3 comments:

ormondo said...

Agus dála na Gearmáine agus an chórais sa tír sin: nach mithid do rialtas an tseanfhóid "Sicherungsverwahrung" nó buanchoinneáil choisctheach a thabhairt isteach chun coirpeach a choimeád faoi ghlas - fad a shaoil, más gá - a bhfuil taifead coiriúil aige atá lán de choireanna brúidiúla cosúil le dúnmharú, dúnorgain, éigniú srl? Ní bunúsaí fanaiceach mé maidir le cúrsaí dlí agus oird ach ba chóir don rialtas dul i ngleic leis an rabharta coireachta sa tír.

Tá cineálacha coire ann agus má dhéanann duine iad ach uair amháin ní chóir an té sin a ligean saor feasta.

Mise Áine said...

Mar a dúirt an bhean ‘C’ san alt sin ‘I’m doing a life sentence…’. Shílfeá, le cothrom dlí a fháil, go mbeadh pianbhreith saoil i ndán don fhear, an t-éigneoir, sa chás seo freisin?

Ach, ní hionann cothrom dlí agus reachtaíocht na tíre seo, is cosúil.

aonghus said...

Ceist thar a bheith casta atá i Coir agus Pionóis!

Cad chuige a cuirtear duine faoi ghlas?
Mar éiric?
Chun foghlaim?
Mar Bhac ar dhaoine eile?
Mar cosaint don bpobal?

Bíonn na cúiseanna sin ar fad i gceist, agus dúshlán an bhreithimh cothrom na féinne a bhaint amach.

Feictear dom gur theip ar an mbreitheamh an céad uair a cuireadh an fear seo faoi ghlas - agus i gcás dúnmharfóir Manuela Riedo freisin, agus é amuigh ar bhannaí faoi chás éignithe eile nuair a rinne sé an ainghníomh.

Ceist chasta.