20 August 2009

Cime mar cách gach aoinne den chine

An-alt ag Alan arís inniu:

Nuair a mhachnaíonn tú ar Ahmadinejad, smaoinigh ar Fhianna Fáil nuair a bhí Haughey i gceannas. Nuair is dóigh leat go bhfuil Al Queda ina aon bhloc aontaithe chun sinn a smísteadh inár leapacha, meabhraigh duit féin Fine Gael agus ceannairí éagsúla á staibeáil acu. Nuair a cheapann tú go bhfuil comhcheilg ar bun chun an Chailifeacht a thabhairt ar ais san Eoraip, cuimhnigh ar an gclub peile áitiúil, nó ar an gcumann comhar creidmheasa sa tsráid.

Is ea, tá an dream amuigh ansin gach pioc chomh suarach éagsúil linn féin.



Agus sin í an fhírinne ghlan!

5 comments:

Séamas Poncán said...

Raiméis. "Imigí libh! Níl aon rud le feiscint anseo! Téigí abhaile..."

aonghus said...

Ní thuigim, a Shéamais.
Cá bhfuil an raiméis?

Séamas Poncán said...

"Is ea, tá an dream amuigh ansin gach pioc chomh suarach éagsúil linn féin."

Níl aon rud suarach faoin ionsaí atá ar siúl orainn.

aonghus said...

N'fheadar an bhfuil an brí céanna ag Alan le suarach agus atá agatsa.

Pé scéal é, is ag cuir i gcoinne ró shimplíocht atá sé, seachas ag rá nach bhfuil bagairt ann ó dhreamanna áirithe.

Séamas Poncán said...

Léigh mé an t-alt ina iomlán inniu. Tá AT ag troid i gcoinne fir thuí. Agus sílim go bhfuil sé ag iarraidh a bheith ag magadh faoi Mark Steyn, cé nach dtuigim an fáth go bhfuil baint ag an bhfíric go mbeidh an Eoraip moslamach i gcúpla glúin agus an téama nach bhfuil gach Moslamach mar an gcéanna. Cé a dúirt go raibh? Agus is iomaí rud atá sa chreideamh sin atá i gcoitinne acu más Moslamaigh ar bith iad...