07 August 2009

Todhchaí, teaghlaigh agus torthúlacht

Alt fhada ar Mhercator maidir leis an ngaol idir saol oibre agus saol teaghlaigh.

Táimse fós in éad le comhghleacaí Sualannach de mo chuid. Bhí cónaí air gar don obair. Bhí sé ar a chumas dul abhaile am lón, aire a thabhairt dá chlann go dtí am tae, agus sin filleadh ar obair. Rud a fhág saoirse ag a chéile obair lasmuigh den teach, ach fós cúram á dhéanamh ag na tuistí dá bpáistí.Tá sé de nós acu sa tSualainn freisin uaireanta fada a chuir isteach sa Gheimhreadh, agus saoirse dá réir a bheith acu san Samhraidh, rud a thagann chun tairbhe do theaghlaigh freisin.

Bímse imithe ón dteach idir a seacht ar maidin agus a hocht tráthnóna de ghnáth - toisc go bhfuil cónaí orm i bhfad ró fhada ó mo láthair oibre.

Fágann sin go bhfuilim imithe ón gclann beagnach go hiomlán i rith na seachtaine, go háirithe maidir le m'iníon óg.

Agus fágann na laethanta fada traochta mé freisin.

Ní chun tairbh mo shaol teaghlaigh ná oibre an ídiú fuinnimh seo.

Tá gá le múnlaí nua, múnlaí a chuireann gach gné de shaol an duine san áireamh, ar mhaith linn ar fad.

Agus beidh gá le creatlach dlí chun seo a chuir i gcrích. Déantar an rud a tomhaistear; agus an rud atá riachtanach de réir na rialacha.

2 comments:

Cú Chonnacht Ó Reachtair said...

Chabhródh pleanáil cheart, rud atá in easnamh in Éirinn. Rud atá coitianta sa tSualainn.

An Cainteoir Dóchais said...

Tá an ceart ar fad agat. Feictear dom uaireanta go bhfuil easpa samhlaíochta ag baint uaireanta leis an ghaol idir daoine agus obair. Striapachas ar son an tuarastail, mar a deir An File ar Buile.