06 September 2009

Daoirse na mBan

Ar athraigh aon rud? Chuir an píosa seo de chuid Míshásta - coiscíní á dháileadh ag rince Debs - ag smaoineamh mé.

Feictear dom, ainneoin an réabhlóid atá in ainm is a bheith curtha i gcrích, nach bhfuil an dearcadh coiteann ar mhná athraithe pioc. Fós is ea an chollaíocht an slat tomhais. Níl ann de dhifir anois ach go bhfuil sé níos fusa ag fir éalú ó aon iarmhairt i caidreamh gnéis - nárbh cheart don mbean féachaint chuige go raibh frithghiniúint in úsáid aici?

Sa mhullach ar sin, tá an dá slat tomhais fós ann. Fear a luíonn le iliomad bean, is fear seoigh, stail iontach é. Bean a luíonn le fear nó dhó, tá sí ró fhial lena cuid, is striapach í. Bean a dhiúltaíonn fear, tá sí fuar, tá rud éigin cearr léi.

Sa mhullach ar sin, táimid i gcultúr ina mbíonn lucht fógraíochta ag baint feidhm as corp na mban chun chuile rud a dhíol - ó smeara fiacla go carranna ghasta. Agus is minic íomhá bréagach á chuir in iúl - grianghraif de mhná áille dá g"ceartú" chun aon mhion-lochtanna a feictear do dhuine éigin a bheith orthu a leigheas. Agus ansin na cailiúláin sin dá mholadh mar múnla do mhná óga.

Bhí alt ar Mercator.net ar na mallaibh faoi réiltín Poncánach óg - cailín le tallann agus fonn - a bhfuil brú uirthi agus í anois ag teacht in inmhe, a chraiceann chomh maith lena ghuth a chuir sa reicneáil.

An toradh - creimeadh ar féin mheas mná óga, gearr-chailí ag fulaingt le neamhoird itheacháin, easpa measa ag daoine orthu féin agus ar a chéile.

Agus feictear dom nach bhfuil feabhas dá laghad tagtha ar líon na mná atá ina gceannairí pobail. Ainneoin gurbh iad mná cnámh droma chuile pobal.

Ceann de na cúiseanna a cuireadh i léith Jean D'Arc - bean a d'fhuascail a pobal as an ngéibheann - ná go raibh sí ró fhearúil. An caineadh chéanna a déantar go minic ar na mná láidre sin a éiríonn leo an síleáil gloine a réabadh.

Ach n'fheadar an fearúlacht ná banúlacht atá i gceist in aon chor. Mar atá an chóras faoi láthair, ní mór d'aon duine ar mian leo na harda a bhaint amach a bheith leithleasach, tiomáinte, agus a gairm a chuir roimh aon rud eile. Má tharlaíonn sé go bhfuil paistí acu, ní mór dóibh céile tuisceanach a bheith acu, a iompraíonn an t-ualach ar fad.

Feictear dom nach bhfuil saoirse - fíor saoirse - ag mná ná fir sa chóras seo. Agus gur boichte muid uilig dá bharr.

Agus sin mo racht go n-uige seo.



Jeanne d'Arc ag coróiniú Cathal IV, ón ghnáth fhoinse!

6 comments:

SeanO said...

Aonghus: Chuir a bhfuil scríofa agat thuas i gcuimhne dom seanmóir a chuala mé i bhfad ó shin agus muid ag Aifreann in Eaglais na hOllscoile roimh bhricfeasta bliantúil Iarscoláirí Choláiste Mhuire. Colmán Ó hUallacháin a thug an tseanmóir agus i measc na nithe a bhí le rá aige, bhí an cheist seo leanas: “Cad is iníon ann?” Seo a bhí mar fhreagra aige: “Sé is iníon ann ná pionós a leagann Dia ar fhir de bharr an crá croí a chuir siadsan ar aithreacha na n-ógbhan a raibh siad ag iarraidh cluain de chineál éigin a imirt orthu.” Agus féach go raibh mise mór tráth le hógbhean a raibh cónaí uirthi in Montenotte agus gan oiread is focal faoi choiscíní le cloisteáil ag an am. Tá iníon amháin againn, ach í pósta agus muirear uirthi, a bhuí le Dia. Ach, by dad, is cuimhin liom na blianta corraithe. Oh, yes.

aonghus said...

Meabhraíonn sin seanmóir eile domhsa. Sagart ag meabhrú dúinn gur minic fáilte roimh an mac drabhlásach a fhilleann. Ach nach gcloistear go minic faoi filleadh na hiníne drabhlásaigh, ná aon fáilte roimpi.

Mise Áine said...

Is boichte muid gan dabht, a chara.

Sár alt ansin uait, a Aonghuis.

Fearn said...

Dhiabhail, a fhearaibh!

An chéad rud eile, beidh sibh ag maíomh go bhfuil anam ag an bhean!!!!!!!!!

Mise Áine said...

Cibé faoi anam, tá ciall acu agus aithníonn siad diabhlaíocht nuair a fheiceann siad é...

Fearn said...

Aithníonn go dearbh, a Áine!