Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-06

Daonlathas Díreach

Tá fúinn cinneadh a dhéanamh - arís! Beidh reifreann ar Chonradh Liospóin ann i gceann míosa. Fuarthas gealltanais maidir le roinnt de na ceisteanna a tógadh le linn an reifreann deiridh (cé gur beag an bhaint a bhí acu leis an gConradh). Agus tá an bholscaireacht agus síolteagasc faoi lán tseoil arís.

Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras orm faoin bhfeachtas ar an dá thaobh. Feicim agus cloisim a lán paisean agus mothúcháin - ach fíor bheagán argóint stuama.

Tá amhras orm faoin gcur chuige seo. Cáipéis chasta trí chéad leathanach atá i gceist leis an "Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh" a rialóidh obair an Aontais má dhaingnítear Conradh Liospóin. Is amhlaidh a bheidh riamh in aon eagraíocht a mbeidh breis agus fiche seacht Stát, gona teangacha, córais dlí, cultúir agus nósanna faoi seach, ag obair le chéile. Tá sin le feiceáil san méid prótacal agus eisceachtaí a chuirtear le haon cheann de na Conarthaí seo, ag dearbhú go bhfuil an Stát seo nó siúd ag diúltú nó ag leasú gné éigin.

Tá reifreann in Éireann de dhíth, deirtear linn, de bharr cás Chrotty in aghaidh an Taoisigh maidir leis an Ionstraim Eorpach Aonair. Ach bhí an breithiúnas sa chás sin measartha soiléir - ghlac an Chúirt leis go raibh an chuid is mó den Acht chun feidhm a thabhairt don gConradh bhailí. Seachas maidir le pointe amháin, sé sin, go raibh an Rialtas ag géilleadh roinnt inniúlachtaí maidir le gnóthaí eachtracha don gComhairle. De bharr gurbh ón bPobal a tháinig na hinniúlachtaí seo, bhí sé de dhualgas ar an Rialtas cead an Phobail a fháil.

An beart stuama mar sin ná na Conarthaí seo a iniúchadh, agus aon ghné a bheadh ag laghdú flaitheas an phobail a chuir faoi bhráid an pobail. Ina áit sin, tá gach conradh ó shin sactha isteach sa mBunreacht, ag bronnadh carte blanche ar na maorlathaigh.

Is mór idir sin agus daonlathas díreach, dar liom.

Daonlathas mar atá san Eilvéis, áit a chíortar ceisteanna ar an leibhéal is ísle, i nDáil Poiblí (mar a fheictear thuas1). An difríocht? Go bhfuil daoine ag cíoradh na ceisteanna mar a bhaineann siad leo féin go díreach. Ag glacadh le dualgais, agus ag éileamh agus ag seasamh le cearta pearsanta agus pobail. Tuiscint acu ar a bhfuil idir chamáin acu.

Ba mhaith liom i bhfad Éireann níos mó den saghas sin daonlathas a fheiscint abhus. Agus, ag tógáil ar sin, daonlathas ionadaíoch faoi prionsabal na coimhdeachta. Fágtar faoi na maorlathaigh conas a eagraíonn siad a gnó féin, ach iad ag cloí le treoir ón bPobal. Agus a oiread de ghnó gach pobail i lámha an pobail sin agus atá ar chumas an phobail a reáchtáil.

Ach níl aon mhaith i cuma an daonlathais a chuir ar cíoradh ceiste, mar atá sa reifreann seo. Tá's ag an saol nach ar bhun a bhfuil sa chonradh a shocrófar an cheist, ach ar bhonn mothúcháin agus claontuairimí.

An chun ár leas é sin?



1Íomhá le Marcus Schlumpf, http://www.icarus-design.ch/icarus/