10 September 2009

Éiric fola


Maíonn Aire Gnóthaí Eorpacha na Libia go mba cheart d'íobartaigh an IRA a bheith ag lorg cúiteamh ó Gael Mheiriceánaigh a thacaigh leis an IRA seachas ó Libia a dhíol an Semtex leo.

Seo casadh i scéal atá ann ar an gcéad dul síos de bharr gur íoc Libia cúiteamh le híobartaigh Mheiriceánacha an IRA mar chuid de mhargadh trádála le SAM.

Is dóigh, má tá éiric le n-íoc, go bhfuil dealramh leis an tuairim seo aige.

Ach ní dóigh liom go ndéanfaidh sé lá difir do chonair chasta na sé Contae.

Tá daoine ann nach sásódh éiric Chéin iad - go hairithe má fhaigheann an taobh eile rud ar bith. Rud a chonaic muid nuair a mhol coiste Eames Bradley cúiteamh do gach aoinne ar maraíodh

Tá amhras orm faoin saghas seo cúiteamh gan nasc le haon rud eile. Bhí ciall leis an éiric fadó, agus é neadaithe sa chóras cóir. Ach anois? Íobartaigh mar ceithearnaigh i margaíocht ceannaithe agus polaiteoirí?


Sleá Lugh, cuid de éiric Chéin, ón ngnáth fhoinse.

6 comments:

Dennis King said...

"Tá daoine ann nach sásódh éiric Chéin iad."

An-bhlasta, agus fréamhaithe do domhain i seanchas na nGael! An tusa a chum é?

Tá a lán comhchoirí ann, gan dabht dá laghad, ó Bhostún go Tripoli agus leath bealaigh (?) eatarthu!

aonghus said...

Níl fhios agam an mé a chum. Ach sin an t-íomhá a rith liom.

ormondo said...

Agus i gcónaí an tseanfhadhb, faoi mar a scríobh tú: má tharraingíonn dream éigin ceist na héirice nó an chúitimh dóibh féin anuas maidir le Trioblóidí an Tuaiscirt ní dóigh liom go bhféadfar an cheist a theorannú don dream amháin sin.

Agus tá an cead isteach san Iarthar faighte ag an Libia cheana féin mar chuid den mhargadh aisteach a síníodh sa bhliain 2008.

Cén spreagadh a bheadh ann dóibh an babhta seo?

Fearn said...

Cigilteach, mar is gnáth, ceist na héirice. Éileamh ag fear buaite an chluiche ar fhear caillte an chluiche, seachas ar gach duine atá thíos leis an cluiche.i. An Ghearmáin i ndiaidh an chéad cogadh domhanda.

Le baint amach an neamhspléachais ag Éire, bhí uirthi blianachtaí a íoc mar chuiteamh ar "thiarnaí talún" eachtrannacha a chaill a dteacht isteach. Cuireadh críoch leo go haontaobhach sna 1930aí.

Is beag duine atá ar son ceartas idirnáisiúnta a fhorbairt a bheadh beag beann ar "bhuatóirí" is "chaillteoirí"

Séamas Poncán said...

Nach bhfeiceann sibh go bhfuil difear ollmhór ann? Níor thug rialtas SAM tacaíocht don IRA riamh. Níl aon rialtas ciontach as rud a dhéanann corpaigh i gcoinne dlithe na tíre, chomh fada agus atá siad i ndáiríre ag obair chun na dlíthe sin a chur i bhfeidhm.
A mhalairt de scéal sa Libia, dar ndóigh. Úlla agus oráistí atá i gceist.

Fearn said...

Ar "dhiol" SAM as maru inion Gheadafai nuair a mharaigh siad i ? No an coirpigh a ndeara e?