Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-26

Focal draoi


Aréir, d'fhreastail mé ar An Foclóirí Draíochtúil a bhí mar chuid de IMRAM. Ceiliúradh ar an bhfoclóirí Dinneen a bhí ann.

Ócáid dhá leath a bhí ann. Ar dtús, thug Alan Titley caint thar a bheith spreagúil bunaithe ar Dinneen agus foclóirí i gcoitinne. Ansin léigh Biddy Jenkinson gearrscéal bleachtaireachta a scríobh sí don ócáid. Is fiú mír dá chuid féin é sin.

Tá Alan ina chainteoir chomh líofa agus atá sé ina scríbhneoir. B'é seo a chéad uair a chonac beo é.

Tharraing sé as beathaisnéis an Duinnínigh. Níor thug mé liom ainm an fhir a scríobh, faraor. D'fhigh sé caint iontach as sin focail aisteacha i bhfoclóir Dinneen agus foclóirí eile - go háirithe Dwelly agus liostaí focail éagsúla, ag tarraingt as canúintí na hÉireann agus na hAlbain. Rinne sé tagairtí do Shéan a'Chóta agus don leabhar Éist leis an gCóta - ag tabhairt samplaí thar a bheith greannmhara de chol an Chaomhánaigh leis na Sasanaigh. Saothar gan críoch ab ea an foclóir a bhí idir lámha aige, saothar faraor nár foilsíodh - mór an trua, ó tharla gur foclóir Gaeilge-Gaeilge atá ann. Luaigh sé freisin an leabhar nua Cén Sórt é? agus an bhéim ann ar focail drochmheasa seachas moltacha! Gan amhras, ní bheadh aon phlé ar saibhreas an Duinnínigh iomlán gan sár leabhar Alf Mac Lochlainn - Farasbarr Feasa ar Éirinn - a lua. Gan amhras, mar Chorcaíoch dílis, chaith sé slaiseanna lena comharsan Ciarraíocha, arbh duine díobh an Duinníneach!

Tátal an chainte - go bhfuil saibhreas iontach sa chaint, go háirithe sa Ghaeilge, agus nach stopann an foghlaim riamh. Agus go fuineann agus go scagann foclóirithe agus scríbhneoirí an teanga, ag cuir léi nuair is gá.

Ana chaint.



Íomhá: Dinneen le Jack Yeats, ó Wikimedia.