Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-09-28

Seachrán Domhnaigh

Cloch na gConChuas ag spaisteoireacht le mo mhac Dé Domhnach beag seo. Thóg muid an bus 185 ó Bhré go dtí an Stad deiridh - Shop River as Béarla, na Geataí Óir as Gaeilge. Mar a léiríonn taifid an Bhrainse Logainmneacha áfach, sílim gur botún atá ansin. Tugtar na Geataí Óir ar bealach cúil isteach go Cúirt na bPaorach. O 203 173 an pointe atá i gceist anseo, píosa siar ó Chill Mholing. Shiúl muid fán mbóthar ansin chomh fada le brú Cnoc Rí1. As sin lean muid Slí Chualann ó thuaidh i dtreo Charraig na bhFiach. Cosán breá tirim, agus slacht curtha ar an gcuid is achrannaí ag an Meitheal Sléibhe. Cosán deas eibhir. Uaidh sin chas muid siar i dtreo Suí Liam2. Chas muid rud beag ró luath, agus lean muid imeall na coille ar feadh tamaill roimh casadh ó thuaidh chun an charn ar bharr a bhaint amach. Bhí radharc bhreá aduaidh againn - Binn Éadair, Inis Mhic Neasáin agus Reachrann le feiscint sna farraigí amach ó Bhleá Cliath. Bhí na Beanna Boirche le feiscint ar imeall na spéire ainneoin é beith scamallach go maith. Chuir sin le blas an anraithe a bhí mar phroinn againn!

Lean muid orainn siar ansin, i dtreo Cloch na gCon. Sin atá sa ghrianghraif thuas. Bhí an bealach seo sách lathach - níor mhaith liom é a shiúl in aimsir fliuch. Mar a bhí, chuaigh mise go barr mo ghlúine isteach sa bportach ag pointe amháin. Ón gcloch chas muid ó siar ó dheas, ag tabhairt aghaidh ar cúinne na coille ós cionn Gleann Crí. Tá cosán fá imeall na coille a thug amach go dtí an Bóthar Míleata muid, agus shiúl muid ansin go dtí an Ionad Athmhuintearais, a bhfuil café deas acu!

Thart ar trí uair go leith a bhíomar ag siúl, siúlóid taitneamhach, go hairithe agus muid araon fós ag teacht as babhta fliú!


1 Leagan amhrasach eile!
2 Ainmnithe in onóir chuairt Rí Seoirse, de réir taifid logainm.ie. N'fheadar cén ainm a bhí ag ár sinsir air?