18 September 2009

Siopa Baolach!


I measc rudaí eile, tharraing an fógra thuas mé isteach san siopa Leabhair Cathach ar Sráid Diúc.

Tá an chuid is mó de na leabhair ann i bhfad thar m'acmhainn díol astu - plúr na seanleabhair atá a dhíol ag Muintir Chuinneagáin ann. (Agus is fíor don fógra!)

D'éalaigh mé le cóip de Colún Eibhir - Saol agus saothar Tomás Acuín le Aibhistín Valkenburg O.P. Fuair mé ar dhá euro é i gcúinne na sladmhargaí thíos staighre.

Earra atá ag éirí gann is ea fíor siopa leabhar, seachas ollmhargadh na hilmheáin (fiú Waterstones, níl siad gan bialann anois, agus is beag rud as an gnách a gheofá ann!)

7 comments:

Mise Áine said...

Beidh mé ann, an chéad uair eile a bheas mé sa taobh sin tíre. Go raibh maith agat, a Aonghuis. Is deas cloisteáil faoina leithéid.

Dennis King said...

Is breá liom an siopa sin freisin, ach níl mo sparán in ann aige.

Cailliomachas said...

Maith liomsa freisin é. Amanta faigheann siad fuílleach leabharlainne leabhair le huacht abair. Pé rud faoi na leabhair Bhéarla, ní bhraithim go mbíonn na leabhair Ghaeilge ró-dhaor.

aonghus said...

Ní hé go bhfuil siad ró dhaor. Luach cheart a bhíonn orthu. Ach is seoid gann cuid mhór acu. Agus níl sé ar mo chumas a bheith ag ceannach seoid (fós).

Cailliomachas said...

Ceart agat. Roinnt blianta blianta ó shin chonaic mé leabhar de chuid Lobháin ann. Ní raibh sé daor ar chor ar bith. Ach níorbh acmhainn domsa é a cheannach faraor.

Séamas Poncán said...

beagan?

aonghus said...

"Beagan" atá ag na Griannaigh, mar shampla (féach sa Tobar). Ultaigh iad muintir an tsiopa.