21 October 2009

Athchóiriú Oireachtais

Tá athchóiriú Oireachtais faoi chaibidil arís, ó mhol Enda Kenny an Seanad a scor.

Is cinnte go bhfuil gá le hathchóiriú ó bhonn ar an Seanad. Seachas na Seanadóirí Ollscoile, is polaiteoirí a roghnaíonn an Seanad, fiú má bhíonn cead ainmniúchán ag grúpaí ar leith. Tá móramh buan ag an Rialtas, toisc gurbh é an Taoiseach a ainmníonn aonar déag as an seasca Seanadóir, agus gur minic móramh ag an Rialtas sa Dáil agus sna Comhairlí áitiúla arbh iad na toghthóirí.

Ach nílim i bhfabhar an Seanad a scor.

An chéad céim: tá sé thar am feidhm a thabhairt don Acht um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht a ritheadh i 1979. Ceart Seanadóirí a thoghadh a leathnú amach chuig gach céimí.

Ba cheart feidhm cheart a thabhairt do na painéil, sa chaoi agus gurbh iad ceardchumannaithe, feirmeoirí agus rl a thoghann na Seanadóirí.

Ach tá níos mó práinn le athchóiriú Dála.

Táthar ag caint ar chóras liosta. Tá amhras orm faoi sin. Feictear dom ó shampla na Gearmáine gurbh iad na dea saighdiúirí páirtí a fhaigheann áit "sábháilte" ar an liosta.

Tá de bhuntáiste ag ár gcóras reatha gurbh iad na toghthóirí a roghnaíonn na teachtaí dála - mar dhaoine, seachas mar ball pháirtí. Faraor, tá an córas reatha lofa le cliantachas. Is é an fear is fearr a líonann poill sa bhóthair seachas an fear is fearr a dhéanfaidh leas an stáit.

Tá bóthar fada le dul sular mbíonn Oireachtas éifeachtach againn. Agus is faoi na toghthóirí dlús a chuir leis an athchóiriú sin.

3 comments:

Mise Áine said...

Ach, a Aonghuis, tá na toghthóirí ag vótáil do dhaoine atá fréamhaithe sna páirtithe éagsúla, mar nach bhfuil daoine neamhspleácha ar fáil. Agus fiú dá mbeadh, tá sé de nós ag toghthóirí cloí le baill de pháirtithe seanbhunaithe, ní leis an 'duine', rud a fhágann na daoine céanna sa rialtas arís is arís eile, bíodh siad maith nó ná bíodh.

Mar a dúirt tú, bóthar fada atá romhainn, a chara!

Cailliomachas said...

Ba cheart go mbeadh vóta don Seanad ag gach saoránach - agus gan ach ceann amháin - ar phainéal éigin. Tuige nach bhfuil Seanadóir ann thar ceann lucht dífhostaithe, lucht éagumais, agus daoine eile nach bhfuil guth acu sa chóras polaitiúil faoi láthair? Féach an gaisce atá déanta ag David Norris. Tá gá againn le tuilleadh mar é. Buntáiste eile a bhaineann leis an Seanad nach mbaintear leas as gur féidir aire rialtais a cheapadh ón Seanad - saineolaí, abair, murab ionann agus cuid de na hairí atá ann ón Dáil ar aineolaithe in Ranna féin iad.

Ach céard tá ar bun ag Ó Cionnaith? Cén fáth dílseacht bhaill a pháirtí a thástáil nuair nach raibh sí in amhras?

Dubhaltach said...

sílim go bhfuil an bóthar seo níos faide ná mar a cheapann muid!

Tá Uinseann de Bhrún ag treabhadh an iomaire uaignigh sin le fada an lá.
San alt dá chuid inné deireann sé a leanas i leith na Dála:

The central issue has to do with how parliament has become the creature of the government, thereby rendering almost meaningless the notion of the government being responsible and accountable to parliament.

Bun agus barr na faidhbe.

Maidir le seasamh Kenny agus an Seanad, cuireann sé seasamh Kenny agus Gaeilge i gcuimhne dom.
Cad chuige an deabhadh fáil réidh leis sula gcuirtear athruithe i bhfeidhm ar dtús. Athruithe móra éifeachta á moladh leis na blianta.
Níl ina sheasamh sa dá cheist ach seasamh poiblí a ghlac sé chuige féin chun daoine aineolacha a mhealladh.
Ní deireann sé mórán dá mhianach mar cheannaire!