22 October 2009

An bhfuil muid san Domhan Nua Dána?

Tá dhá úrscéal cáiliúla a léiríonn frith-Útóipe.

1984 le George Orwell, agus Brave New World le Aldous Huxley. San alt seo maíonn Michael Kirke (iar oide liom, ach sin scéal eile) go bhfuil fís Orwell imithe as radharc don gcuid is mó den Domhan le titim an Réimeas Sóibhéadach. Ach go bhfuil muid píosa fada ar an mbóthar a chonaic Huxley.

Tá gné amháin atá rud beag difriúil, áfach. I bhfrith-Útóipe Huxley, tá rialtas cumhachtach Domhanda ann. Feictear dom go bhfuil rudaí níos casta ná sin.

Tá tionchar mhór ag oll-chomhlachtaí ar ár saol. Agus tá siad ag múnlú an sochaí ar mhaithe le brabach.

Féach, mar shampla, an alt seo a chíorann an feachtas chun vacsaín in aghaidh HPV a thabhairt do chailíní óga, ainneoin nach bhfuil fianaise ann go mairfidh an cosaint thar cúig bliana, agus go bhfuil an baol fo-iarmhairtí níos airde ná an baol ailse cheirbheacs, ar a laghad san Astráil. Agus nach dtéann an vacsaín i ngleci ach le cuid de na víreas ar féidir leo an galar a spreagadh.

Lón machnaimh.

15 comments:

Dennis King said...

Nach mbíonn chuile dhuine os cionn daichead bliain d'aois ina chónaí i ndomhan nua dána -- i gcónaí?
Ag smaoineamh ar -- mar shampla amháin -- fluairíd a chur san uisce agus an imní uilig faoi nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Tá sí ann anois le fada an lá, abhus anseo ar aon nós, agus is fearrde muid í.

aonghus said...

Ag léiriú m'aois atá mé, is léir! (Cé nach bhfuilim ag blian fánach thar an dá scór).

Tá fluairíd abhus anseo, agus mé buíoch as - bhí mé ag an bhfiaclóir ar na mallaibh, agus ní raibh dada le déanamh. Ach níl fiacail uachtar dá cuid féin ag mo mháthair ó bhí sí sna fichidí.

Ach ceist eile an vacsaín seo. Tá costas mhór air - táid ag lorg €600in aghaidh an instealladh abhus. Agus mura bhfuil feidhm leis...

Agus ní hé sin an t-aon sampla. Gnó le brabach mhór atá san IVF freisin. agus rl.

Dennis King said...

€600 !?! Ababú! Bhí alt sna nuachtáin cúpla lá ó shin faoin vacsaín céanna a chur ar fáil do bhuachaillí chomh maith anois, mar chosaint an aghaidh faithní na mball giniúna... agus mar an dara chuid den herd immunity atá mar sprioc acu/againn.

aonghus said...

Bheadh ciall leis sin, más rud é go bhfuil an eolaíocht ann chun é chruthú.

Ach d'ardaigh an alt úd ceisteanna faoin dtréimhse díonachta, agus (níos tromchúisí)faoin réimse cúng víreas a choscann an vacsaín.

D'fheadfadh an éifeacht chéanna a bheith leis seo agus le ró úsáid frithbheathaigh - na víreas eile a dhéanamh níos fairsinge.

Táim amhrasach!

N'fheadar cén leigheas atá ar an scéal. Tá, mar shampla, Bord Leigheasra na hÉireann spléach ar na táillí a ghearrann siad ar na comhlachtaí cógaisíochta. An bhfuil na himscrúdaithe a dhéantar faoi na cúinsí sin iontaofa? Bheadh amhras orm!

Fearn said...

Sílim go bhfuil DK ag déanamh na fírinne.
Dála an scéil, tá Útóipí ( 7 frithÚtóipí ) á scríobh agus a samhlú ó lár an 15ú Aois amach. Fíorú an Oileáin Úir ba chúis leo, is dócha.
Dála scéil eile, timpeall an ama sin, bhí sé a mbuaileadh isteach i gcloigne áirid nach raibh poc aosáin freagrach as gach galar.

aonghus said...

Cé gurbh é More a chéad úsáid an ainm Útóip, sílim go bhfuil an seánra níos sine. Nach Útóip é Poblacht Phlato?

Seán said...

Léim na naisc seo go minic. B'fhéidir go ndéarfaidh duine "seo teoric comhcheilge", ach tá an iomarca fírinne ansin. Mar:

http://www.prisonplanet.com/doctors-confirm-flu-shot-disabled-woman-as-carrey-mccarthy-lend-support.html

Meas iad duit féin.

www.prisonplanet.com
www.infowars.com


Domhan Nua Dána?
Ordú Nua Domhain?

aonghus said...

Teideal úrsceal atá i gceist le "Domhan Nua Dána", a Sheáin.

Seán said...

A Aonghuis, is eol dom sin. Cruinníonn an físeán seo do chuid cainte. Ceart?

http://www.youtube.com/watch?v=KGaYXahbcL4

Dar liomsa, tá muid sa Domhan Nua Dána cheana. Ach tá muid ag dul isteach sa tíorántacht de 1984 anois. Bhí eolas ag Aldous Huxley chomh maith. Mar shampla, bhí a dheartháir, Julian Huxley, tacaí eoiginice agus bhí an teaghlach Huxley gaolta le na teaghlaigh Darwin, Galton, agus Wedgwood. Bhí Orwell ag obair le BBC i bholscaireacht. Is fíor-chasta an gréasán!

Modh:
~ Domhan Nua Dána (tíorántacht le pléisiúr)

Modh eile:
~ 1984 (tíorántacht le treise lámh)

Ceachtar Modh =
Ordú Nua Domhain

ormondo said...

B'fhéidir go raibh fís níos sofaisticiúla ag Huxley. Ar aon nós tá ré na n-alfa-ápaí faoi lán sheol le blianta anuas.

Fearn said...

"Cé gurbh é More a chéad úsáid an ainm Útóip, sílim go bhfuil an seánra níos sine."
Tá, cinnte!

"Nach Útóip é Poblacht Phlato?"

Tagaim leat, is Útóip í Poblacht Phlatóin.

Ach seo rud, ós Idéalaí an tÉireannach seachas Réalaí, más fíor; agus samhlaíocht aige, tuige nach raibh Útóipí sa Ghaeilge, ní mé!

aonghus said...

Cá bhfios nach raibh!

Níl Parliamint Chloinne Thomáis léite agam, ach nach bhfuil gnéithe den frith Útóip ag baint leis? Gan trácht ar Chúirt an Mheon Oíche!

Fearn said...

Chúirt an Mheon Oíche ina Útóip? Cad tá útóipeach ag baint leis? Breitheamh mná? Mná ag tabhairt amach faoi na fir is gan bhean nó chlann orthu?


Níl an Phairlimint léite agam.

Seán said...

Anseo do dhomhan nua dána!

"No men OR women needed: Scientists create sperm and eggs from stem cells"

http://www.dailymail.co.uk/sciencetech/article-1223617/No-men-OR-women-needed-artificial-sperm-eggs-created-time.html

Fearn said...

Bhí tóir ar ailcimic sa 15/16ú aois freisin.

An é seo órchloch an 21ú Aois?