23 October 2009

Collaíocht agus Coiriúlacht

Is annamh mé ar aon tuairim le David Norris nuair atá collaíocht i gceist. Ach aontaím leis an méid a dúirt sé san Seanad ar na mallaibh.

Sa chás atá i gceist, bhí fear óg 19 bliana ag bualadh craiceann le cailín a bhí 16 - faoi aois na tola ag 17. Ach, más cruinn an tuairisc ar an gcás a bhí ag Carol Coulter san Times, b'é an fíric go raibh muintir an chailín i gcoinne an caidreamh an toisc gur cuireadh an coir ina leith in aon chor.

Anois, nílim i bhfabhar táth.

Ach tá ceisteanna le freagairt ag an SIP. Nuair a bhí ceist an fios collaí neamhdhleathach faoi chaibidil, in ndiaidh don Chúirt Uachtarach an dlí reatha a scoir de bharr é bheith ag teacht salach ar an mbunreacht, dúradh thar ceann Oifig an SIP go raibh i gcónaí bearna 8 mbliana i gceist i gcásanna a ionchúisíodh.

Seo anois áfach fear óg go bhfuil tréimhse 11 mí le cur isteach aige, agus doirse dúnta go buan air, toisc nár réitigh sé le muintir a chailín.

An coir é sin?

12 comments:

Fearn said...

Is cinnte go bhfuil sé deacair na "línte a tharraingt" nuair atá buaileadh craicinn i dtreis.
Cead ann? Cead lántoilteanach? Cead lánaibí?
Masla don athair? An bhfuil an íníon ina "shealbh"?
Tátál an dlí? Ceart an dlí? Cuíos an dlí?

Ó! cé a bhéas ina bhreitheamh?

aonghus said...

Níos deacra fós - cé bhéas ina reachtóir! An dlí a thugann fráma tagartha don bhreitheamh.

Agus, ag deireadh an lae, is ón bpobal a chaithfidh an reacht a theacht.

aonghus said...

Is fiú freisin Tuairim Tomás ó Acúin a chuir san áireamh

Fearn said...

"An dlí a thugann fráma tagartha don bhreitheamh"

Bhuel, de réir mar a bhreathnaím ar chúirteanna na hÉireann, is beag "ligin" atá ag breitheamh, ach an dlí a chur i bhfeidhm gan an iomarca béime a chuir ar chúinsí sainiúla an cháis. Bíonn ligean níos leithne ag dlinsí eile, an Ollainn mar eiseamláir.

Is fíor dhuit gurb é an pobal a dhéanann an dlí, bíodh siad chomh so-earráideach agus cách.

Díol spéise dom an giota ó Tomás. Mar is gnáth, tá sé os cionn buille

Mise Áine said...

Ní féidir ciall a dhéanamh den dlí, ó am go chéile, a Aonghuis, agus is iomaí duine a bhaineann feidhm as ar mhaithe leo féin, chan ar mhaithe leis an tsochaí.

Maidir leis an SIP, bím i gcónaí amhrasach faoi dhream ar bith nach 'gá' dóibh bheith freagrach do dhuine ar bith as na cinntí a dhéanann siad...

Míshásta said...

Déarfainn go mbeidh achomharc sa chás seo. Is coir é pianbhreith mar seo.

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Ní bheadh de dhásacht agamsa agus mé i m'óige...

Tá an pionós ró-dhian sa lá atá inniu ann.

Ach is é mo thuairim neodrach gur míshásamh mar gheall ar na hiarmhairtí eacnamúla (toircheas srl.) seachas scrupaill mhórálta a rialóidh na cúrsaí seo amach anseo.

Tiocfaidh ré cheadaitheach eile nach mbeidh chomh saonta agus "cothromaíoch" leis an ré atá i réim fós.

Beidh an cheadaitheacht ann amháin don té a bheidh in ann íoc as.

I ndeireadh an lae is cúinge an sparán ná an creideamh.

Seán said...

Má tá cearta ionanna d'fhir agus do mhná againn, ansin cén fáth nach bhfuil pionós don bhean? Baineann táth le beirt.

aonghus said...

Ní táth a chuireadh ina léith, ach éigniú reachtúil, toisc an bhean a bheith faoi aois 17.

Seán said...

A Aonghius, ach tá éigniú reachtúil cineál tátha, mar atá, an gnéas neamhcheadaithe idir lánúin neamhphósta. Sa dlí coiteann bhí an t-aois oilithe 14 agus 12 (faoi theacht chun caithreachais).

"By the common law the age at which minors were capable of marrying, known as the age of consent, was fixed at fourteen years for males and twelve years for females."

http://www.newadvent.org/cathen/09691b.htm

aonghus said...

Faoin dlí reatha, ní hamhlaidh atá. 17 an aois, do fhir agus do mhná. Bhí an leaid 19, bhí an cailín 16 1/4. Sin sin.