Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-10-14

Ródscéalta II

Busáras BhÁC
(Busáras. Íomhá ó Wikimedia)

Chaith mé dé hAoine ag dul aneas le mo mhac. Ar an mbus. Feiceann tú taobh eile den tír agus tú ar an mbus - seachnaíonn an bus na seachróid nua. Téann sé tríd lár na mbailte beaga.

D'fhág muid Baile an Chinnéidigh ar a hocht ar maidin. Ach b'é an gnáth turas comaitéireachta é sin. Lear mór d'aos léinn agus do daoir oifige ag dul isteach go COBÁC agus lár na cathrach fá seach.

Ó Bhusáras go Luimneach na Lann ansin. Tríd bailte bheaga le coilm imeachta an Tíogar Cheiltigh. Idir Bauruinen na heastáit folmha, agus siopaí tréigthe i lár na mbailte, scriosta ag na hionad ar na príomhbhóithre.

Bhí sé ag stealladh baistí, agus ceol feiliúnach ag fear an bus - fear catach, dorcha. Fado em mim le Mariza a bhí aige san seinnteoir CD. (Tá's agam toisc gur chuir mé ceist air!) Bhraith mé gur fheil an ceol uaigneach don aimsir ghruama agus an ród chasta tríd bailte beaga lár tíre.

Bhí briseadh i mBuiríos Mór Osraí, i dteach tábhairne. Seachas gurbh ó Oirthear na hEorpa an fhoireann, shílfeá go raibh an áit sioctha sna 1980í. Ceapairí leamha. Caife ar an toirt Nescafé. Gruama, dorcha, míshlachtmhar.

Téann an bus tríd cúlsráideanna go minic, de bharr nach mbíonn an stáisiúin traenach san ceantar mór le rá. Bhí sin sonrach i Luimneach go háirithe. Bhí rian streachailt an chathair sin le feiscint go soiléir - tithe dóite amach, le doirse agus fuinneoga dúnta le cruach meirgeach. Ach bhí comharthaí athnuachana ann, uaireanta béal doras leis na fothraigh. Tithe geala, deá dhaite. Súil agam go mbeidh an lámh in uachtar ag cosmhuintir Luimní ar na drongadóirí.

Bhí scata mic léinn ag filleadh abhaile as Luimneach go Ciarraí ar Bhus Trá Lí. Bean glórach ina measc, agus d'fhoghlaim mé faoi drabhlás aos léinn Luimní! Is cosúil go mbíonn cóisir bréigéide fairsing, ina measc cóisir le téama "Tamhlachta"

Géag deiridh an turais - bus an Daingin. Tharla gur bhuail muid i dTrá Lí le Diarmuid Ó Mathúna - fear dem cheird a chaith tréimhse fada le NASA. Chíor muid ceisteanna gairmiúla as Gaeilge. (Tá leabhar foilsithe ar na mallaibh aige. Bunaithe ar obair a rinne sé dhá scór bliain ó shin. Mór an trua nár bhláthaigh an ríomhaireacht mar ba cheart!). Ba gheall le bus scoile an bus seo, agus daltaí á scaipeadh aige idir Trá Lí agus Abhann an Scáil.