29 November 2009

Cosc ar mhiontúir - ach díol airm fós ceadaithe

San Eilvéis.

Bhí dhá reifreann ann. Ceann leis an abairt seo leanas a chuir le Bunreacht na hEilvéise:

"Tá cosc ar tógáil mhiontúir"

De réir an Neue Zurcher Zeitung, glacadh leis le móramh 57 % den 55 % a chaith vóta. Ach ar mhaithe le postanna a choinneáil san Eilvéis, is cosúil, bhí móramh mór in aghaidh cosc a chuir ar onnmhairiú ábhair cogaidh.

Caolseans go mbeadh mórán difear anseo dá mbeadh reifreann dá leithéid ann, i bhfianaise an suirbhé ar na mallaibh san Irish Times, a léirigh an tuairim a beith ag casadh in aghaidh eachtrannaigh abhus.

Nach ait an mac an tsaoil - is mó de bhagairt túr, a mheabhraíonn do dhaoine gur ceart guí chun Dé, ná eitleáin cogaidh agus airm mharfacha?

7 comments:

ormondo said...

An é go bhfuil an ilchultúrthacht ag dul as faisean?

Téann sé thar mo chumas faoi láthair na comharthaí a fheictear ag teacht amach ón sochaí a mheas: ar an taobh amháin táthar ar leibhéal oifigiúil ag iarradh comhréimniú ciníocha a chur i bhfeidhm agus ar an taobh eile feictear dom go bhfuil sórt nua-chiníochais ag dul i dtreise agus é inghlactha agus measúil ag a lán daoine.

aonghus said...

An cuma atá ar seo ná gur frith ghluaiseacht atá ann i gcoinne ilchultúrachas na scoth-aicmí, nár éirigh leo riamh an pobal a thabhairt leo.

Fearn said...

Is aisteach nach bhfuil cleas na hÉireann ag rialtas na hEilbhéise .i. an dara reifreann muna raibh an chéad freagra "ceart".

aonghus said...

Cá bhfios nach bhfuil. Bhí "tréimhse machnamh" abhus idir reifrinn ar an gceist chéanna.

Fearn said...

"tréimhse machnamh"?

Tá sé amhail nuair a bhí mé óg, agus "feall" éigin déanta agam. Bhagair mo mhaimí orm dul chun faoiside agus "scrúdú coinsiasa" a dhéanamh roimh ré.

Aon rud a thugann athrú aigne ar dhaoine, is dócha

An Cainteoir Dóchais said...

Ní thuigim an Eilvéis agus tá mé in amhras an féidir le daoine ón taobh amuigh í a thuiscint ar chor ar bith.

aonghus said...

Bhuel, an t-imní atá ormsa ná go bhfaighfí mórán an freagra céanna ar an dá cheist abhus - ar mórán na cúiseanna céanna.