11 November 2009

Droch lá, más gé tú!

Is ea féile San Máirtín. De réir an fhinscéil, chuaigh sé i bhfolach i measc na ngé nuair a bhí muintir Tours ag iarraidh easpag a dhéanamh de dá ainneoin. Ach sceith na géanna air. Dá bharr sin a itear gé inniu ar Mór Roinn na hEorpa, deirtear. Mar a léiríonn an alt seo, is iomaí nós - cuid acu barbartha go leor - a bhain le géanna ar an lá seo. Ach is dócha cúiseanna níos créúla a bheith leis ná scéal naofa amháin. Fáil réidh le farasbarr géanna roimh an Gheimhridh toisc eile, is dócha.

Níl nósanna mar sin in Éirinn, a bhuí do na Péindlíthe, sílim. Ach ar fud na Gearmáine bíonn mórshiúlta fairsing. Dráma beag ag léiriú scéal an Naomh agus an Bacach, agus ansin siúl le lóchrainn.



Íomhá ón ngnáth fhoinse!

10 comments:

Dennis King said...

Ní dóigh liom nár bhlais an mhórchuid de mo chomhthírigh gé riamh. Níor ith mé féin í ach uair amháin. Tríocha bliain ó shin bhí cúpla gé againn in éineacht leis na cearca agus na lachain. Shíl mé gur mhithid dúinn ceann de na héin gan feidhm seo a chur ar an mbord. Mharaigh mé gé amháin -- nó gandal, níl mé cinnte anois -- phioc mé í/é, agus mar sin de gur chuir mé san oigheann faoi dheireadh í/é. Séard a tháinig amach ná a lán geire, a lán deataigh ón ngeir rósta, agus fíorbheagán feola!

Dennis King said...

recte: ní dóigh liom gur bhlais...

Fearn said...

A Aonghuis

"Níl nósanna mar sin in Éirinn"
Sílim go raibh nós ag an Éireannach gé a ithe um Nollaig sular tháinig an chearc Fhrainceach sa bhfaisean. Féach an tAthair Peadar ( in áit éigin )

A DhK,
Cad chuige duit an t-úll a cháineadh cionn is nach bhfuil sé ina phréata? Ní geir go gé! cé go bhfuil an lacha is an tonóg níos geiriúla

aonghus said...

Mórshiúlta agus pléráca a bhain le creideamh a bhí i gceist agam. Bhí na patrúin ann, gan amhras, go dtí go dtáining an Má Nuadachas i dtreis!

SeanO said...

An Ghé

Agus mé ag caitheamh samhradh na bliana 1950 sa Ghaeltacht in aice le hIndreabhán, bhí géanna ag bean a’ tí. Agus mé aineolach faoina leithéid, ba mhinic a bhain siad geit asam lena n-ionsaithe.
“Tuige na héin sin agat?” arsa mise le bean a’ tí.
“An bhfeiceann tú go bhfuil idir shicíní agus thurcaithe agam amuigh?” ar sí. “Well, cosnaíonn na géanna iad siúd ar mhadraí agus sionnaigh agus siúd is nach n-aithníonn siad tusa, fan amach uathu.”
Is cuimhin liom go raibh gé againn do bhéile Lá Nollag bliain amháin agus gur bhlasta mar éan í, cé go raibh an fheoil níos dorcha na feoil an turcaí. An gheir féin, ba mhinic a bhí sí mar leigheas ar chraiceann scoilte agus táim ag ceapadh go raibh barraíocht teasa agat san oigheann agus tú á róstadh.

aonghus said...

Rinne muid giota gé Nollaig amháin.

Caithfear é choimeád tais, le géir, agus é á róstadh agat.

Fearn said...

A SheáinUí,

An bhfágann sé sin go bhfuil caint agus fiosrú agat le 59+ de bhlianta?

Tá tú hóg agus mo mhaimó! Deir sí go bhfuil isteach is amach ar fiche is céad d'aois aici!

Fearn said...

A SheáinUí,

An bhfágann sé sin go bhfuil caint agus fiosrú agat le 59+ de bhlianta?

Tá tú comh hóg agus mo mhaimó! Deir sí go bhfuil isteach is amach ar fiche is céad d'aois aici!

SeanO said...

Fearn:

Go deimhin, tá. Beidh an trí scór go leith curtha isteach agam Feabhra an bhliain seo chugainn. Sea, tá’s agam gur chóir ‘Feabhra na bliana seo chugainn’ a bheith agam, ach beidh mé ag baint casadh beag as an gCO agus mé ag scríobh ar mo bhlag féin agus sin agaibh sampla den chasadh sin.

Fearn said...

Smior i do chnámh, a ShéinUí!