Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-11-23

Luddach Daingean nó Línseoir Dóchasach?

Léigh mé píosa le Juan Goytisolo ar El Pais inné.

Allagar idir é fhéin agus blagadóir caithréimeach ar a dtugann sé Pat. Fear a rinne iontas de go raibh Goytisolo fós i muinín - mar a dúirt sé féin - teicneolaíochta an naoú aois déag. Scríobhann sé le peann (biró saor). Agus seachas feidhm a bhaint as an Idirlín d'fhonn taighde a dhéanamh, tá a chartlann fhéin den méid atá léite aige sna nuachtáin aige, agus is as sin a tharraingíonn sé chun tacú lena altanna.

Mhaígh Pat go raibh ar a chumas siúd, agus línseoirí mar é, bheith ina speisialtóir ar ábhar ar bith. Go raibh siad in inmhe teacht ar fhíricí ar líne chun tacú lena gcuid scríobh. Agus go raibh siad saor dá réir ar an tsórt botún a shleamnaigh isteach i scríobh Juan. (Luaigh sé saothar a chuir Juan i leith Oscar Wilde, ach gurbh é André Gidé a scríobh)

Anois, cé gur blagadóir mé féin, tá amhras orm faoin maíomh seo. Cinnte, téim i muinín na línseoireachta agus eolas á lorg agam. Ach is fearr liom eolas a thagann le mo thaithí, nó mo léitheoireacht i bhfoinsí a bhfuil seala údarásach orthu. Tá an oiread sin fíricí agus sonraí ar líne go bhfuil gá le scagadh chúramach orthu chun tuairim a mhúnlú. Agus, gan amhras, is féidir cló na fírinne agus na húdaráis a chuir ar éitheach ar líne gan mórán dua.

Is dóigh liom gur mó an muinín a bheadh agam in altanna Juan ná blag Phat! Ach beidh mé ag línseoireacht fós. Go cúramach!