Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-11-23

Móradh Mhorus


(More agus Erasmus, le Holbein)

Spreagtha ag Calliomachas, fuair mé Moladh na Baoise le Erasmus.

Is spéisiúil an duine é Erasmus. Do lasc sé lochtanna Eaglais a linne, agus feictear mar réamhtheachtaí de chuid an Athrú Creidimh é. Ach d'fhán sé fhéin dílis don Eaglais Rómhánach, ainneoin na lochtanna follasacha a chonaic sé uirthi lena linn. Píosa spraoi, scríofa dá chara More is ea an Μωρίας Ἐγκώμιον.

Fir lán de léann agus d'acmhainn grinn iad beirt, agus daonnachaithe go smior.

Aor ar sochaí a linne atá san píosa seo. Tá sé breac le tagairtí do na claisicí - m'anam nár thuig mé ach sciar ana bheag. Is mór idir oideachas liobrálach an uair úd agus anois. Fós féin, bhain mé sult as an leabhar. Baois á moladh féin, agus a léiriú gurbh í is mó a bhfuil tionchar aici ar fir. Ag maíomh a sinsir - Plutus (Maoin) a athar, agus Óige a máthair. (Saothar Terry Prattchett a rith liom san aois seo - an cion céanna ar an gcine, ach an faghairt chéanna i leith na baoise. Agus, gan amhras, a shaothar breac le tagairtí do chultúr na linne seo agus roinnt aoiseanna eile!)

I dtreo deiridh tugann sé sciúradh neamhthrócaireach d'Eaglais a linne tríd beola na baoise. Ag léiriú go raibh diagairí agus cléirigh ró ghafa lena léann mar dhea féin agus a sain-nósanna féin, agus neamhaird á dhéanamh acu ar an soiscéal. Gach duine acu ag caitheamh anuas ar a chomharsan. Clisteacht focail in áit umhlaíocht croí.

Níl staid na hEaglaise chomh hainnis céanna anois - ach is dóigh liom go bhfuil ceachtanna fós le foghlaim ó chlisteacht agus gaois Erasmus.

Táim buíoch do Challiomachas a sheol i'm threo é!