02 November 2009

An réamhchlaonadh deiridh a bhfuil glacadh leis

Alt a scríobh Easpag Dolan Nua Eabhrac maidir le frith Chaitliceachas.

Níl an Eaglais saor ó cháineadh. Déanann muide, Caitlicigh, ár sciar de. Bíonn muid ag dréim leis, agus cuireann muid fáilte roimhe. Níl á iarraidh againn ach go mbeadh sé cóir, réasúnta agus cruinn - mar a bheadh muid ag súil leis i léith aoinne.
Tá an scéal beagnach amhlaidh sna meáin abhus. Agus táim chomh cinnte céanna leis an Ardeaspag nach bhfuil feabhas i ndán.

8 comments:

Mise Áine said...

Mar a scríobh mé faoi chine in http://miseaine.blogspot.com/2009/10/sinne-na-linne.html, is ionann mo thuairim maidir le na reiligiúin uile, a Aonghuis. Ní gá ach an focal 'reiligiún' a chur isteach in áit 'cine' san alt.

ormondo said...

An réamhchlaonadh deiridh? Ní dóigh liom é.

Baineann an t-Easpag úsáid as an bhfriotal "cáineadh roghnaíoch". Is féidir a rá gur sórt bodhaire Uí Laoire an feiniméan seo i dtaobh cúrsaí morálta agus mar sin de - agus ní hé nach bhfuil an eaglais cleachtaithe ar an nós céanna uaireanta!

Tá ceann eile ann a chloistear go minic: "cóibhéis mhorálta". Ní mór a bheith cúramach le daoine a úsáideann an ceann seo - bíonn na bataí scóir acu lán d'eangaí de ghnáth! Is geall le hordú gobánach é má chuirtear "cóibhéis mhorálta" i do leith.

Caithfidh go bhfuil meithleacha smaointe nó institiúidí de chineál éigin a dhearann a leithéid de sheifteanna reitrice.

aonghus said...

Ní thuigim cad atá á mhaíomh agat, a Ormondo!

Ar mhiste leat soiléiriú?

aonghus said...

An do "selective outrage" a bhí do thagairt? Sílim gur mhínigh sé a chás go maith - go gcaitear leis na fíricí ar bhealach ar leith más cléireach de chuid na hEaglaise CR atá i gceist, ach ar bhealach eile má tá gach rud mar an gcéanna, na hidéil chéanna á mhaíomh agus á thréigean, ag duine nach cléireach CR é.

Dennis King said...

An réamhchlaonadh deiridh? Shíl mé go raibh cead againn a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine ramhra freisin.
;-)

aonghus said...

Bhuel, ach an mbítear ag cur níos mó i leith daoine go bhfuil dúshlán cothrománach acu ná a dtoirt?

Sin, sílim an phointe. Agus an deacracht - ní hamháin don Eaglais, ach don sochaí i gcoitinne. Má lorgaítear fréamh na faidhbe san áit nach bhfuil sí, ...

ormondo said...

Sea, bhíos ag tagairt do "selective outrage" agus a leithéid de sheifteanna a loiteann gach díospóireacht ionraic.

aonghus said...

Tuigim dhuit, ach ní dóigh liom gur seift a bhí ann anseo, ach cuir síos ar an bhfadhb mar a fheiceann seisean - agus mise - é.