30 November 2009

Seoda Saíochta Soiscéalaíochta

Chuir mé fios ar an iomlán leabhair móide DD atá a chuir amach ag Lorlum.

Cúig cinn ar fhichead de scéalta ón mBíobla, agus leaganacha fileata cumtha ag Fearghas Mac Lochlainn. Tá siad bunaithe ar leabhair de chuid Arch, mar sin, tá dóchas agam go bhfuil níos mó ar na bacáin acu!

Tá an obair ealaíona gleoite, agus an rannaireacht sár mhaith. Tá nasc san eireaball i gconaí le saol creideamh an duine aonair san lá atá inniu ann.

Sár píosa oibre atá san Dlúthdhiosca freisin, le éagsúlacht guthanna agus fuaimeanna nuair a fheileann siad.

Tá leabhar samplach le feiscint anseo:

Táim ag súil go mór len iad a léamh le m'iníon (tar éis do San Nioclás iad a bhronnadh uirthi um Nollag!)

6 comments:

Fearn said...

Ó, a Aonghuis,

nach leor di a cuid bábóga sula bhuaireann an saol uirthi as a stuaim fhéin.

aonghus said...

Bhfuil tú ag maíomh go mba cheart dom an seod is luachmhara agam a cheilt ar mo chúram?

Fearn said...

Eile mit Weile, a mhic.

Sí an óige an seod is luachmhaire ag an níon! Níor bhuair Íosa a chinn ag cur isteach ar an óige.

aonghus said...

Féach Matha 19:14.

Is leo É agus a Ríocht. Cén chaoi go gcuirfeadh an deá scéal go bhfuil Grá gan Teorann ag Dia di isteach ar a hóige?

Fearn said...

Taispeán di.

Cá bhfuil do dheifir?

( Nó an é rún daidí iad a léamh dó fhéin? )

aonghus said...

Is cuid den taispeáint leabhair a léamh léi. An mbainfidh mise sult
agus tairbh as an léamh? Cinnte!