19 November 2009

Uachtarán fileata!

Is trua, dála an scéil, nár baineadh feidhm as an bhfocail níos cruinne "Cathaoir- leach" agus Conradh Liospóin á thiontú go Gaeilge.

Seo é, mar sin, Herman Van Rompuy - an fear a bheadh ina Uachtarán ar Chomhairle na hEorpa.

Dúirt Plato, más fíor, gur méanar don críoch arbh fealsamh a bPrionsa. Seo againne Cathaoirleach a scríobhann haicúanna. Cén toradh a bheidh ar sin?

3 comments:

Dennis King said...

Seo jab d'Alex Hijmans: na haikúnna a chur ar fáil i nGaeilge ó tá an dá theanga a thoil aige!

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Herman Van Rompuy,
uachtarán an Aontais Mhóir.
File san fholús!

:-)

Fearn said...

Seo mar a scríobh sé:

Wolken als watten
bovenaards.Vanop de grond
een weelde van kleur


Seo mar a rinne Gúgal Gaeilge de:

Scamaill cosúil le cadás

talamh bovenaards.Vanop

saibhreas na datha


Seo mar a chuir mise Gaeilge air:

Scamaill mar cadás

Thuas. Suas ón talamh

Gréas dathanna