Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-12-31

Oíche Chinn Bhliana

Bhí 2009 achrannach go maith. Dóchas agam go mbeidh 2010 rud beag níos fearr. Súil agam nach bhfuil muid sa riocht a chuirtí síos ar san scéal grinn sa Ghearmáin. "Tá bun Gleann na nDeor sroichte againn. Ach is amhlaidh go bhfuil muid ag súil sa ghleann seachas dreapadh as"

Guím Athbhliain séanmhar, sona oraibh go léir.

Janus ón nGnáthfhoinse.

2009-12-30

Blúiríní: Léacht iontach ar leabhair agus cóipcheart

Dhá chuid, anseo agus anseo.

First Thoughts a tharraing m'aird air.

Ciste shaibhir Sheáin

Bhí leabhar Sheáin ar mo mhianliosta Nollaig, agus fuaireas é. Is fíor go raibh roinnt dá chuimhní cinn taitneamhacha léite agamsa sna hirisí agus le deireanas ar a bhlag. Ach is maith ann iad idir clúdaigh leabhair. Ciste deas le bheith ag tarraingt as. Feileann an íomhá clúdaigh go maith mar meafar don leabhar - na bóithre mar a bheadh sruthanna ar leith ag eascairt as foinsí éagsúla, ag teacht le chéile. Cuimhní cinn teaghlaigh. Taithí saoil. Samhlaíocht.

Thaitin a leagan de na heachtardhomhandaigh ag stiúradh an chine go séimh ón gcúlra go breá liom. Is píosa breá ficsean eolaíochta an scéal Oileáin Charlie, agus cá bhfios nach bhfuil síol úrscéil ann, nó san scéilín a lean é.

Tá an ghreann, an taithí saoil agus an grinn-dhearcadh sna scéalta agus cuimhní cinn seo. Is léir gurbh as dream spéisiúil, láidir a shíolraíonn Seán. Is maith ann na sceitseanna anseo ar saol Bhleá-cliathach atá imithe, agus is maith ann na gearrscéalta nua.

Tá moladh ag dul do chéile Sheáin a mheall uaidh an leabhar seo, agus a ghabhann sé buíochas léi san iarfhocal. Súil agam go mbeidh sí ina bean glúine ag tuilleadh ón gCiste chéanna!



Inné agam mar chiste agus scéalta eile.

Seán O’Connor
Coiscéim 2009

Aghaidh Chríost


Für den Christen hängt alles davon ab, ob in ihm das Bild des Herrn ursprünglich und kraftvoll lebt oder aber abgegriffen und matt. Viele Einwendungen gegen Christus stammen wohl im Letzten daher, dass seine Gestalt im Geiste der Gläubigen nicht leuchtet und ihr Herz nicht lebendig von ihr berührt ist. Stünde der Herr mit Macht vor den inneren Augen der Glaubenden, brennte ihr Herz vom inneren Wissen um Ihn, dann würde vieles von dem was gegen Ihn gesagt wird, nicht gesagt werden können.
Romano Guardini, Das Bild von Jesus dem Christus im Neuen Testament.


(Tá gach ní spléach don gCriostaí ar conas mar atá íomhá an Tiarna ann - láidir agus bunúil, nó caite agus lag. Is dócha gurbh é bunfhoinse mórán agóidí in aghaidh Críost nach bhfuil a chruth ag soilsiú in anam na creidmhigh, agus nach bhfuil a gcroíthe bogtha go beo aige. Dá seasadh an Tiarna le cumhacht ós comhair súile inmheánach na Creidmheach, dá mbeadh a gcroíthe ar lasadh le eolas inmheánach faoi, ansin tá mórán den méid a deirtear ina aghaidh nach bhfeadfaí a rá)



Íocón de Chríost, ag léiriú a Ghrá agus a Bhreithiúnas, ó Sinai san 6ú Aois. Ón gnáthfhoinse.

Gluais, a mhic, gluais


Cheannaigh mo mháthair "Gluaiseacht" do mo mhac is sine. Mar is gnách le déagóirí, tá sé deacair é a spreagadh chun dea leabhair Gaeilge a léamh. Ach tá an leabhair léite agamsa. Cé go mbíonn Alan Titley ag aclú na Gaeilge go hiondúil agus é a scríobh do dhaoine fásta, ní hamhlaidh anseo. Ní "Gaeilge simplí" (pé ní é sin) atá i gceist, ach Gaeilge soléite, cuí.

Scéal ógánaigh ón Afraic, teifeach, agus a bhealach ó thuaidh go dtí an Eoraip, tír tairngire an óir ar na sráideanna, bia agus obair do chách. Mar a fuair gach teifeach riamh amach, ó aimsir an chéad chathair anall, ní hamhlaidh atá. Do gach Dic Whittington, tá na mílte gan ainm a d'éag gan cháil.

Is amhlaidh anseo freisin, agus ag deireadh a imram, is léir nach bhfuil dea chríoch i ndán don laoch. Ní luaitear logainm ar bith sa scéal - rud a chuireann leis an cumhacht. Scéal na céadta atá ann, scéal na hAoise seo. Scéal an ghluaiseacht gan sprioc insroichte. Agus ceisteanna á ardú. Tuige go bhfuil feithidí na hEorpa sách ar a nduilleoga, ag cáineadh a mbráithre as an iomarca acu a bheith ag iomrascáil san deannach?

Scéal sár mhaith, arbh fiú é a léamh. (Súil agam mo mhac a mhealladh chuige uair éigin!)


Gluaiseacht
Alan Titley
ISBN 9781857917550
An Gúm 2009

Íomhá: Gaineamhlach i Libya le Luca Galuzzi - www.galuzzi.it

2009-12-29

Bluiríní: Serge Klarsfeld maidir le Pius XII

Agallamh le iris Francach anseo: "Bhí ról ríthábhachtach ag Pius XII sa streachailt in aghaidh na Naitsithe"

2009-12-28

Gaeilgeoirí Galltachta

Luaigh Panu Bás san Oirthear mar léiriú ar mheon an Ghaeilgeora Galltachta. Is den aicme sin mé féin, mar sin chuaigh mé sa tóir ar an leabhair, agus fuair tríd an leabharlann é. Ach aontaíom leis an léirmheas seo i gComhar - bhain mé idir ciall agus sult as an "réamhrá". Bhí an úrscéal féin ró osréalach - lán de mheafair do shaol na Gaeltachta agus na Galltachta, an Bhéarla agus na Gaeilge, Thiar agus Thoir. Is eagal liom nár thuig mé ach splanc anseo agus ansiúd.

Tá saothair eile a phléann taithí an té a tógadh le Gaeilge sa Ghalltacht. An ceann is iomráití is dócha, Speckled People Hugo Hamilton, bíodh is go raibh gnéithe eile ina shaol siúd a chuir lena choimhthíos. Tá gearrscannán ann freisin - Mac an Athar - a léiríonn gasúr ag dul i ngleic leis an gné seo dá chaidreamh lena athair.

N'fheadar an Gaeilgeoir Galltachta neamhghnách mé. Ní cuimhin liom an nasc leis an nGaeltacht a bheith chomh lárnach sin dom. Níor chaith muid, chomh fada agus is cuimhin liom, ach saoire teaghlaigh amháin sa Ghaeltacht agus mé óg - ar Árainn. Agus níor mhothaigh mé riamh go raibh muid ann chun tarraingt as foinse na Gaeilge. B'fhéidir siocair gur tógadh m'athair romham le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Cuid dem fhéiniúlacht nár bhraith mé riamh gá ró mhór í a cheistiú an Ghaeilge, cuid a raibh mé riamh ar mo chompoird leis.

Ach ritheann sé liom, má tá rath le bheith ar an bplean 20 Bliain, go bhfuil gá ann le taighde ar thaithí na daoine a tógadh le Gaeilge agus a chuir ar aghaidh í, agus orthu siúd a lig i léig í. Má tá bacanna ann a choisceann gaibhniú an slabhra teangain, agus ar féidir iad a ghlanadh chun bealaigh, is mithid sin a dhéanamh.



Bás san Oirthear
Lorcán Ó Treasaigh
Comhar 1992

2009-12-24

Ná bíodh eagla oraibh ... rugadh Slánaitheoir daoibh inniu



Go raibh Nollag bheannaithe againn go léir!




Fógra an Aingil do na hAoirí le Govert Flinck. Ó Wikimedia.

2009-12-23

Bluiríní: Dáta na Nollaig

Breis faoi dáta bhreith Chríost. Níos mó ná an eolas a bhain mé feidhm as cheana

Pius XII agus na Giúdaigh


De bharr gur fhógair an Vatacáin go raibh Grád Laochúil i Suáilce aitheanta do Pius XII, tá teannas arís idir Giúdaigh agus an Eaglais Chaitliceach. Mar a bhíonn uair a bith a luaitear Pius XII, ó foilsíodh dráma Rolf Hochhuth An Fear Ionad san 1960í.Roimhe sin bhí meas forleathan ag Giúdaigh ar an bPápa - mar atá ag cuid acu fós. Léiríonn aiste seo le Rabbi David Dalin é seo, chomh maith le saothar an Pave the Way Foundation.

Is fíor nach mbeidh gach cáipéis de chuid Pápacht Phacelli ar fáil go forleathan go ceann sé bliana eile nó mar sin, de bhrí go bhfuil obair cartlainne fós ar bun. Ach ní cinneadh stairiúil, ach tréadach ab ea an aitheantas thuasluaite.

Feictear dom féin go bhfuil na Giúdaigh atá corraithe faoin Shoah - agus an ceart go hiomlán acu - ina ceithearnaigh acu siúd ar mian leo tochailt faoin bPápacht. Idir iad siúd laistigh den Eaglais atá a bheag nó a mhór i gceannairc, agus iad siúd lasmuigh ar mhian leo an Eaglais a scrios. Go deimhin, bhí líomhaintí ann ó Maor i Seirbhís Rúnda na Rómáine go raibh lámh láidir ag an KGB san dráma úd a chas an tuairim poiblí in aghaidh Pius XII.

Tá dóchas agam go leanfaidh an obair chun caidreamh níos fearr a thógáil idir ár deartháireacha sinsear sa Chreideamh, na Giúdaigh, agus an Eaglais Caitliceach Rómhánach. Tá a lán peacaí ar coinsias na hEaglaise i leith na nGiúdach. Rud a aithin Eoin Pól II go minic. Ach creidim go léireoidh obair staraithe nach ceann acu "tost" Pius XII, agus go bhfaighidh seisean an t-aitheantas atá ag dul dó. Shábháil an Eaglais, de réir aiste Dalin thuas agus foinsí eile, 700,000 Giúdach. Líon an-bheag i bhfianaise an 6 milliún a bhásaigh. Ach níos mó ná eagraíocht ar bith eile.


Aguisín: Alt ag John Allen ag rá go bhfuil gá ann a mhíniú tuige go mba cheart Pius XII a chanónú. Tá dealramh leis an gceist.

Aguisín II: Ráiteas ón Vatacáin ar an gceist.


Pius XII, ó Wikimedia.

2009-12-22

Jauchzet, Frohlocket




Bhí píosa san Irish Times inniu faoi oratóir Nollaig Bach. Cuid den Nollag an píosa seo dúinne - ar CD. Tá ardú croí iontach ann. Osclaíonn sé leis na focail "Jauchzet, Frohlocket" (Gáirigí, Déanaigí Lúcháir)

Bainigí sult as!

Ag ól fíona le Peadar ar Neamh!


Mheabhraigh an allagar maidir le píosa Dennis thall dom turas a thug mo bhean agus mé féin ar Bad Kösen blianta ó shin. Is ar abhann an Saale atá an baile suite, abhann san Oir Ghearmáin a bhfuil cáil ar na fíonghort ar na bruacha. Fíon geal tirim, blasta. Is féidir camchuairt coisíochta a thabhairt timpeall an ghleanna, ag bualadh isteach go dtí na caisleáin Rudelsburg agus Saaleck. Ansin, agus muid ag filleadh ar an taobh eile den ghleann, bhí gloine breá d'fhíon an Saale againn san proinnteach Himmelreich (Ríocht na Flaitheas). Tá an leasainm Peadar ar fhear an tí riamh anall. Súil agam go mbeidh an té óna bhfuair sé a ainm chomh fáilteach chéanna romham!


Thuas an Rudelsburg agus Saaleck i ngrianghraif luath ó deireadh an 19ú aois. Ó Wikimedia.

2009-12-21

Grianstad


Táid ann a chaitheann amhras ar cheangail Bhrú na Bóinne le Grianstad an Gheimhridh, ag maíomh gurbh an atheagar a chum an bosca úd a scaoileann solas na Gréine isteach.

N'fheadar cén radharc a bhí ann i mBliana - lá breá geal soiléir atá ann anseo i gCill Mhantáin.

Pé scéal é, beidh na laethanta ag dul i bhfad as seo amach, buíochas le Dia.

Thuas: Brú na Bóinne mar a bhíodh, aimsithe ar Wikimedia. Is cinnte gurbh mór idir é agus an lá inniu! N'fheadar cad a cheapann Aonghus Óg faoin scéal?

Dlí scanrúil, scannalach á phlé i Uganda

Beidh fhios ag léitheoirí an bhlag seo go seasaimse go dlúth le teagasc na hEaglaise, ina measc an teagasc gurbh sa bpósadh idir fhear agus bean amháin atá dlisteanacht ag baint le gníomh collaí.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuilim i bhfabhar dlí chóiriúil a úsáid chun an teagasc sin a chuir i bhfeidhm. Creidim go raibh an lán cheart ag Tomás Acúin ina phlé ar gnó an dlí - ní féidir le dlí daonna cosc a chuir ar gach duáilce, ná iallach a chuir gach suáilce a bheith ag duine. Is an leas coiteann atá mar sprioc ag an dlí. Deir na scrioptúir go dtiteann an fear chóir seacht n-uaire in aghaidh an lae, agus is beag duine againn nach dtiocfadh i coinbhleacht le dlí ghéar mar sin.

Bhíodh gníomhacha collaí idir fir in aghaidh an dlí chóiriúil san tír seo. Ní dóigh liom go ndearna an dlí úd aon leas don bpobal i gcoitinne. D'fhág sé daoine aeracha faoi bhagairt dúmhál agus níos measa. D'fhág sé baic roimh obair sláinte agus tréadach. Droch dlí a bhí ann, agus is maith bainte de na leabhair é.

Ach tá dlíthe mar é fós ina reacht ina lán tíortha. Tá dlí a phlé i Uganda a bheadh iarmhairtí thar a bheith tromchúiseacha aige. Gearrfar pionós an bhás ar dhaoine aeracha. Cuirfear dualgas dlí ar aoinne le húdarás sceitheadh a dhéanamh ar aon eolas atá acu. Reacht mí mhorálta atá ann.

Tá deacracht ann i gcur i gcoinne dlí mar seo ón Iarthar. Mar a léiríonn an alt seo, tá an tuairim forleathan san Afraic gur "cúis" Iartharach é cúis na daoine aeracha, atá dá bhrú in aghaidh a dtola ar mhuintir na hAfraice. Maraon le nithe eile a fheictear dóibh a bheidh in aghaidh a leasa - tá gnéithe eoiginic agus ciníoch ag baint len obair atá ar bun acu siúd san Iarthar atá ag brú frithghiniúint agus ginmhilleadh ar an Afraic. Sin gan trácht ar na fiacha atá ar an Afraic le bainc san Iarthar - ach gur caitheadh an t-airgead ar lón cogaidh nár dhéan leas pobail na hAfraice in aon chor, agus a chuir go mór le brabach an Iarthar. Ní hé an chollaíocht an chloch is mó ar phaidrín Eaglais na hAfraice (ná abhus, i bhfírinne - níl ann ach go bhfuil codarsnacht follasach idir an teagasc agus meon na meáin chumarsáide, ainneoin an fíoch a bhí ar Tiger Woods de bharr a dhrúis).

Bhí mé ag súil go labharfadh Easpaig na hAfraice iad féin amach, ag meabhrú teagasc na hEaglaise a aithníonn castacht agus íogaireacht cheist an Homaighnéasacht agus a deir go soiléir go mba cheart aon rian de leithcheal éagórach ina leith a sheachaint.

Ach níor labhair.

Níl fhios agam céard ba cheart a dhéanamh ón Iarthar sa chás seo. Tá súil agam nach rithfear an reacht mar atá, agus má ritear, go n-aimseoidh daoine bealaí thart air chun an éagóir a sheachaint, agus chun leas na pobail go léir a dhéanamh - idir homaighnéasach agus gan a bheith.

Ní fheictear dom aon mhaith a bheith i achainithe idirlín nach bhfuil costas ag baint len iad a shíniú agus dearmad a dhéanamh orthu.

2009-12-20

Déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.


Mórann m'anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Thaispeáin sé neart a láimhe:
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus d'ardaigh sé daoine ísle;
Líon sé lucht an ocrais le nithe fónta,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D'fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire -
de réir mar gheall sé dar n-aithreacha -
d'Abrahám agus dá shliocht go brách.





Cuairt Mhuire ar Eilís ábhar soiscéal an lae inniu. Lk 1: 39-45 Díreach ina dhiaidh sin san soiscéal atá iomann mholta Dia a chan Muire, ar a dtugtar an Magnificat (Mórann i Laidin).

Íomhá: Cuairt Mhuire ar Eilís le Mariotto Albertinelli. Ó Wikimedia.

2009-12-19

Geata Auschwitz goidte


Scéal feicthe agam díreach anois ag an Tagespiegel - ghoid bithiúnaigh an inscríbhinn "Arbeit macht frei" (Saorann saothar) ó gheata Auschwitz. Tá sé doiligh a chreidbháil go ndeanfaí a leithéid de ghníomh mhaslach.

B'iad na braighdeanaigh fhéin a raibh orthu an geata a dhéanamh. Chuala mé caint i bhfad ó shin ó aosánach a bhí ag obair in Auschwitz mar saorálaí le Aktion Suhnezeichen. Thaispéain sé dúinn na comharthaí beaga ceannairc a d'fhág na braighdeanaigh - ina measc go bhfuil an B in Arbeit bun os cionn.

Tá súil agam go bhfaightear an taise seo go tapaigh, agus slán.



Pictiúr ó Wikimedia.

2009-12-21 Aguisín: fuair siad é.

Chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó


Bhuel, ní raibh aon toradh fónta ar chainteanna Cuan na gCeannaithe. Pé ní faoin forthéamh Domhanda, éilíonn an cóir go gcuirfeadh muide san Iarthar smacht ar ár craos chun acmhainní agus beatha an domhan a mhilleadh. Cuireann muid an dúrud fuinnimh agus bia amú. Tá sé soiléir nach féidir le gach duine daonna maireachtáil mar sin. Mar sin, ar mhaithe lenár mbráithre san domhan i mbéal forbartha, is mithid dúinne athrú.

Caithfear chuir san áireamh go bhfuil stíl bheatha an Iarthair spléach chuid mhór freisin ar saothar saor i gcodanna eile den Domhain - faoi choinníollacha nach gcuirfí suas leo abhus. Agus faoi choinníollacha atá ag cuir le truailliú an dúlra, a mbeidh muid uilig thíos leis an ball.

Neosann an dealbh thuas an scéal go maith, sílim - "Bua na raimhre". An tuaisceart craosach sa mhuin ar an deisceart ocrach. Is fíor nach dtuigeann an sách an seang. Ach caithfidh muid. Má theipeann ar an deisceart, beidh muide faoi uisce leo!

Lonn gheal an Phápa


Scéal ag Zenit gur thug an Pápa Lonn gheal faoi ndeara agus é ag siúl ina ghairdín. Is cosúil go bhfuil saibhreas ar leith éanlaithe san Vatacáin, de bharr na foirgnimh a chuireann áiteanna do nead ar fáil, agus na plandaí sna gairdíní, a bhfuil saibhreas agus éagsúlacht ag baint leo.



Lonn gheal ó Wikipedia (ní ceann an Phápa!)

Geamaireacht Greannmhar

Chuaigh mé go dtí an New Theatre aréir le mo thuismitheoirí chun Geamaireacht Aisteoirí Bulfin a fheiceáil.

Aor ghéar pholaitiúil scríofa ag Aodh Ó Domhnaill - Biffó Béar. Bhain sé greann as ár dTaoiseach, ár Réamh Taoiseach, saol an lae inniu in Éirinn - dífhostaíocht, drongadóirí, Magh Rois i Luimneach, turasóirí, Spa bréag ghalánta agus rl.

Tá an scil aige ag scríobh liricí i nGaeilge le dul le foinn hits an Bhéarla. Ceann faoin galar MRSA ag dul le fonn YMCA, mar shampla (A sheanbhean....)

Cé gur amaitéaraigh iad aisteoirí Bulfin, ní aithneofá é. Bhí gach ball den chliar ag cur leis an spraoi agus scata acu ar stáitse.

Thug Méabh Ní Loinsigh sár taispeántas mar Mhaggie, iníon súil leathan saonta an Taoisigh.

Bhí Louise Foxe i ról an Scuinc, drongadóir. Chinntigh sí go dtáinig lucht an phinn dheirg ar a gcostas - cheartaigh sí an tuiseal Gairmeach agus Ginideach dá hainm i gcónaí agus go glórach!

Thug Tadhg Ó Conchubhair agus Micheál Ó Gruagáin ana thaispeántas mar dís dífhostaithe de bharr éag an Tíogair Cheiltigh atá sásta dul in éide mná ar mhaithe le post san Spa Mar Dheá.

Is beag nach bhfuil fonn orm gach ball den chliar faoi seach a ainmniú agus a mholadh! Ach táim ró fhalsa.

Is fada ó rinne mé an oiread gáire croíúil le fada an lá. Ba bhoichte go mór muid gan Aisteoirí Bulfin!

2009-12-18

Ríomhtheangeolaíocht

píosa ag Danny O'Brien san Irish Times inniu faoi ríomhtheangacha.

An rud a chreidtí faoi teangacha - go múnlaíonn siad na smaointe, tá sé níos fíre faoi ríomhtheangacha. Múnlaíonn an uirlis, agus máistreacht an cheardaí an obair.

Tá teangacha ann a chuireann creatlach righin ar an obair, agus teangacha eile atá thar a bheith scaoilte. Deacair a rá cé acu is measa i lámh an duine neamh oilte.

Táim faoi láthair cráite iniúchadh cód droch-scríofa C - teanga a cumadh do shaineolaithe, agus atá baolach i lámha daoine gan oiliúint!

Tabharfar Imeánuéil mar ainm air, ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn


Tá muid ag teacht níos gaire don Nollaig. Fógra an Aingil do Iósaef a bhí mar soiscéal inniu. (Matha 1:18-24) Bhí ról lárnach ag glacadh Iósaef leis an teachtaireacht seo in imeachtaí an chéad Nollaig. Agus is faoi sin an Nollag.

Bhí litir san Irish Times inné ag éileamh go gcuirfeadh an post stampaí "neamh reiligiúnacha" ar fáil don Nollag.

Cén ciall atá leis an iarracht seo Críost a bhaint as a fhéile breithe? Bhí alt mhaith ar Mercator.net ar na mallaibh faoi seo: 圣诞节 Breithlá Naofa, a tugtar san tSín aindiach ar Lá Nollag. Glacann siadsan leis mar fhéile Críostaí.

Níl dada agam ina aghaidh siúd ar mian leo rud éigin eile a cheiliúradh - sol invictus, abair. Ach tuige go mbeadh orainne ár cúis a shéanadh ar mhaithe leo?

Maitear go minic gur "bhaist" Críostaithe an Nollaig, ag athrú féile in onóir don Ghrian. Níl fhios agam féin a dhóthain chun bheith cinnte faoi sin - ach tá argóint láidir anseo nach fíor an líomhain seo.

Bainigí sult as A bhreithlá!



Grianghraif le Andreas Borchert de fhuinneog in onóir San Iósaef in Ardeaglais Thuama. Aimsithe ar Wikimedia.

Is athghéar an ghaoth inniu


Is athghéar an ghaoth anocht,
craitear fionnfholt farraige:
ní heagal theacht thar mhuir mhín
laochra fiáin na Lochlainne

Tonnta i mbá Bhaile Átha Cliath inniu. Grianghraif ó thóg mé ag Stáisiúin na Carraige Duibhe. An rann thuas tógtha as Athdhánta, Ó Floinn 1969. An buntéacs ón 9ú aois.

2009-12-16

Blúiríní

Píosa deas ag Gabriel Rosenstock san Times inniu maidir leis an bPobal Bishnoi.

Agus píosa faoi chinneadh Cúirt Uachtarach na Breataine go bhfuil dlíthe na Giúdaigh Ceartchreidmheacha maidir le cé is Giúdach ann - ciníoch....

Ag scagadh óir as sruth na sonraí

Bhí alt inné san Irish Times faoi Mark Little.

Tá sé ag glacadh sos gairme chun plé le modhanna iriseoireacht bunaithe ar foinsí ón idirlíon. Tá sé i gceist aige teacht i dtír ar an ngaois san slua. Modhanna cuardaithe a fhorbairt chun teacht ar fíricí i scamall na sonraí.

B'é scéal na hIaráine a spreag é - iriseoirí an Iarthair sáinnithe in óstáin, i bhfad ón scéal, agus teachta aige féin ar shonraí ón idirlíon.

Tá clú ar sruth tweet-anna Mhark féin, tuigim. (Táimse ag fanacht glan ar twitter. Caithim barraíocht ama ar líne mar atá).

Is dóigh liom go bhfuil an dealramh leis an ngúm seo aige, agus tá súil agam go n-éireoidh leis. Tá saibhreas bainte amach ag roinnt daoine bunaithe ar gheilleagar na bhfoinsí oscailte sna bogearraí. Bíonn an bogearra féin saor in aisce, ach bíonn costas ar seirbhísí thart air. Shamhlóinn go bhfeadfaí plean gnó rathúil a bhunú thart ar seirbhísí nuachta.

2009-12-15

Freagra lag ar dhúshlán Dennis



Tá sceach i mo scornach!

Sop in áit na scuaibe anseo, bunaithe ar leagan úd an froig ag Dennis. Agus ag baint feidhm as Paint seachas aon rud cliste!

Fírinní garbha

alt ag Kate Holmquist san Irish Times inniu ina maíonn sí go mba cheart dúinn rá le mná óga go bhfuil siad ag dul i mbaol a éignithe má théann siad thart fóir ag ól. Ní hea go gceapann sí, mar a mhaíonn drong airithe go bhfuil sé "tuillte" acu, ach go neosann an stair pianmhar dúinn go bhfuil an baol ann.

Aontaím léi - ba cheart an baol a chuir ar a súile do dhaoine, rud nárbh ionann agus an locht a chuir orthu.

Tá a argóint tráthúil i bhfianaise ailt a bhí san forlíonadh sláinte - go mbraitheann trian de déagóirí mná faoi bhrú bheith "gníomhach" go collaí, agus 8 % de bhuachaillí.

É seo ar fad ag teacht sa mhullach ar nósanna éide na bpiscíní ceilteacha - ábhar bhlag thall ag Bernd. Is cuimhin liom dul thar dioscó Old Wesley mall istoíche le cuairteoir ón nGearmáin. Nuair a chonaic sí na cailíní amuigh don aeraíocht, chuir sí ceist orm arbh ansin a bhí an "Baby Strich" (áit ina bhfaightear striapacha faoi aois). Sin ag cuir arís leis an mbaol gan gá.

Bhíodh a lán le rá ag an gcléir fadó faoi "siocracha peaca". Sílim go raibh roinnt mhaith den fhírinne acu.

Cuireann an rud ar fad imní orm - is tuiste mé, agus beirt déagóir agus iníon óg agam.

Insíonn muid dár bpáistí conas iad féin a choinneáil ón mbaol. Is mithid dúinn a mhacasamhail a dhéanamh dár aosánaigh.

2009-12-14

Filleadh trúig bháis Dhiarmada!

Nóta san Irish Times inniu go bhfuil Toirc Allta, a tugadh isteach le ceadúnas go hÉireann, ag éalú agus ag scaipeadh. Is mór idir Éireann an lae inniu agus Éireann na Fianna - agus gan Fianna ná faolchon againn chun smacht a choinneáil ar na beithígh seo. Is féidir leo an dúrud damáiste a dhéanamh, agus déanann ar an Mór Roinn, ainneoin cúinsí beatha measartha maith a bheith ann san fiántas dóibh.

Is maith liom scéimeanna chun cuir leis an dúlra, agus ainmhithe a athlonnú. Ach caithfear na cúinsí faoi láthair a chuir san áireamh, ar mhaithe le daoine, an dúlra atá ann anois, agus na hathlonnaitheoirí féin!



Íomhá ó Wikimedia

2009-12-13

Gáirigí le háthas agus le lúcháir


Inniu Domhnach Gaudete, an tríú Domhnach den Aidbhint.

Meabhraíonn ná léachtaí dúinn go bhfuil cúis gairdeas san Tiarna againn. (Sófania 3:14-18, Is 12 ónar thóg mé an leathrann thuas, Filipigh 4:4-7 agus Lúcás 3:10-18)

Éide rósach a fheileann don féile seo, agus do Domhnach Laetare san Carghas. Shíl mé an nós a bheith imithe, ach bhí éide rósach ar an sagart a léigh an tAifreann ar fhreastail mé air aréir.

Tá nós Ghearmánach an Fleasc Aidbhinte éirithe coitianta abhus sna hEaglais, agus is minic na coinnle ar dhathanna an liotúirge, murab ionann agus an dearg a chleachtar thall.

Ní fada anois uainn cothrom lae a bhreith. Go scaipe Sé a lúcháir agus a Ghairdeas orainn go léir.

2009-12-11

Athaireacht

Léiríonn an cás a chinn an Chúirt Uachtarach maidir le cearta athair, a thug a shíol chun go mbeadh leanbh ag lánúin leispiach, castacht cheist an Atáirgeadh Daonna Cuidithe.

Mar is gnách di, tá an cheist cíortha go maith ag Carol Coleman san Times inniu.

Cearta an páiste croí na ceiste - an ceart fhios a bheith aige cé dar díobh é sa cholainn chomh maith le san oiliúint. Agus a leas.

Tá faillí do-mhaite á dhéanamh ag an Oireachtas gan cearta paistí i léith a nathair a rialú, agus gan creatlach ceart dlí a chuir in áit má tá Atáirgeadh Daonna Cuidithe le bheith ann.

Ní ceart an cheist seo a fhágann faoi na cúirteanna - ní féidir leo ach na cásanna a thagann ós a gcomhair a réiteach - nó iarracht ar réiteach a dhéanamh. Faoin am go mbíonn cás imithe faoi bhráid cúirt, is minic dochar déanta.

Tá soiléireacht de dhíth ar phaistí, agus ar an bpobal.

Ceist goilliúnach atá anseo, cinnte, toisc baint a bheith aige le collaíocht agus caidrimh. Ach ní féidir faillí a dhéanamh ann de bharr meatacht.

Aguisín 2009-12-12: alt eile san Times inniu le Breda O'Brien.

Roma Locuta

Ráiteas an Phápa i ndiaidh a chruinniú le Príomháidh na hÉireann maidir le tuarascáil Uí Mhurchú.

Ráiteas láidir, ag léiriú náire agus uafás, agus toil chun leasú.
Tá litir tréadach geallta aige dúinn.

Is trua nár ghlac an Curia an deis soiléiriú a dhéanamh ar an easpa caidreamh a bhí acu leis an gCoimisiúin. Ba mhaith liom freisin rud éigin soiléir a fheiscint faoi na líomhaintí gurbh de bharr Dlí Canónta na hEaglaise a theip ar Easpaig an cheist a chuir faoi bhráid na Gardaí. Deirtear, gan amhras, san tuarascáil nár cuireadh an Dlí Canónta ná Dlí an Stáit i bhfeidhm. Ba mhaith liom ráiteas soiléir ón Róimh ag léiriú gurbh é dualgas gach Easpaig agus Cléireach fónadh do dhlí na hEaglaise agus Dlí an Stáit i gcás mar seo, gan trua ná taise don gciontach.

Causa finita? Níl, ná baol air.

Endurance


Tá an leabhar Endurance le Dermot Somers díreach léite agam.

Cuir síos ar seacht gcinn d'aistear in Éireann.

Tá tíolacthaí ar léith ag Dermot a fhágann go bhfuil scil thar an gcoiteann aige chun na hoibre seo.
Tá Éire siúlta aige, agus aithne agus grá aige don tírdhreach. Tá Gaeilge ar a thoil aige, agus teacht aige ar foinsí dá réir - agus is léir go ndeachaigh sé i gcomhairle domhain leo. Léiríonn an saothar seo gur scoláire agus gabha focail den scoth é. Bhain mé an-taitneamh as, agus molaim é.

Seo iad na seacht turais a pléitear:
  1. Éalú Aodh Rua ó Caisleáin Átha Cliath.
  2. Eachtra Francisco de Cuéllar
  3. Camchuairt Ó Suilleabháin Béara
  4. Eachtraí na Tána
  5. Aistir Bhrian Ború
  6. Caoilte agus Pádraig ar a gcamchuairt, mar a léirítear in Agallamh na Seanórach.
  7. Eachtaí Michíl Uí Chléirigh ag tiomsú a chuid saothair, go háirithe Annála na gCeithre Máistrí.
D'fhág mé an teideal i mBéarla - cuimsíonn sé na cialla "do-chloíteacht", "seasmhacht" agus "fad-fhulaingt" - nithe atá i gceist leis na heachtraí a reiceann sé.


Thuas: Loch Té, ó Wikimedia.

2009-12-09

Eolaíochas

Alt bhreá anseo ag Mark Shea maidir le heolaíochas - an creideamh gurbh iad na heolaíochtaí nádúrtha bun agus barr gach scéal.

Tá Eolaíocht go mór san nuacht faoi láthair, go hairithe de bharr an amhras a cothaíodh faoin teoiric gurbh é an cine daonna is cúis leis an athrú aeráide. Amhras a cothaíodh nuair a goideadh r-phostanna a léiríonn go raibh roinnt eolaithe ag plé le ceist an athrú aeráide ar a laghad míghairmiúil.

Tá ár dtuiscint coiteann ar na heolaíochtaí nádúrtha spléach orthu siúd a thuigeann na ceisteanna - agus is mionlach ana bheag iad, agus gan ag aoinne acu ach cuid bheag den bpictiúr.

Sa bharr ar sin, tá muid ag plé le córas córais agus an athrú aeráide á phlé. Rud atá níos casta fós.

Níl fhios agam an fíor an teoiric faoin téamh domhanda antrapaigineach.

Ach tá sé follasach nach bhfuil na hacmhainní ann go n-ídeodh gach neach daonna acmhainní an domhain mar a dhéanann muide san Iarthar. Ceist córa atá ann mar sin go mbeadh muid níos cúramaí maidir le breoslaí agus fuinneamh. Agus má moilleoidh na gníomhartha sin an athrú aeráide, is amhlaidh is fearr é!

Ach ní mór dúinn a bheith cúramach faoinár fáithe eolaíochta!

2009-12-07

Ó Cualann

Bhí lá saor ag mo mhic inniu, mar sin thug mé faoin gcnoc le mo mhac is sine. Thóg muid bus chomh fada le Radharc an Ghleanna. As sin shiúl muid ar bhóthar - an Lána Rua - ar feadh thart ar leathuair. Bóthar measartha géar suas sleasa Ó Cualann. Tá carrchlós ag áit ar a dtugtar Coimín Ghleann na gCeap Theas. Mar is gnách i gCill Mhantáin, bíonn fearas éigin ann chun cosc a chuir ar - ach go hairithe de cuid an lucht siúl - feithicil móra. Go hiondúil geata cruach atá i gceist. Ach, mar a léirítear sa ghrianghraif thuas, áirse ghotach coincréite atá ansin le tamall, atá i bhfad níos deise ná an ghnáth bac.

As sin tá siúlóid thart ar leathuair go barr na sléibhe atá le feiscint tríd an áirse. Bhí, mar atá sa traidisiúin, lón againn ar bharr na sléibhe. Is ar fíor imeall batailit eibhir atá an sliabh. As carraigeacha meiteamorfacha an sliabh, rud a fhágann an cuma géar air, murab ionann agus na cnoic cruinn atá coitianta i Sléibhte Chualann.

Screathan atá timpeall ar bharr na sléibhe. Agus muid a dul anuas an taobh thoir, sciorr mé agus ghearr ordóg mo chiotóige ar an sceallach. Lean sé air ag cur fola ar feadh i bhfad - n'fheadar ar chuir mé olc ar spiorad na sléibhe! Thuirling muid tríd an screathan agus ansin tríd raithneach feoite agus aitinn go dtí Cill Mocheanóg. Bhailigh mo bhean ansin muid, ach tá seirbhís bus go lár Átha Cliath uaidh sin freisin. Siúlóid dheas [seachas an ordóg stróicthe!] thart ar dhá uair go leith.

Omnia Christus est nobis!

San Ambrós ag staidéir


Inniu Féile San Ambrós, Easpag Milano agus Dochtúir de chuid na hEaglaise.

Thug an Pápa Benedict ceacht faoi ar a lá fhéile i 2007. Fathach d'Easpag, agus tá a leithéidí, a bhfuil teagasc agus saol ag teacht go foirfe le chéile, de dhíth go géar orainn in Éirinn agus ar fud na cruinne. Tá súil agam go bhfuil sé féin agus Pádraig mac Calprainn ag amharc anuas ar imeachtaí na laethanta seo, agus go dtabharfaidh an Cairdinéil Ó Brádaigh agus Ardeaspag Martin fuinneamh nua thar nais ón Róimh leo chun íonghlanadh na hEaglaise Chaitlicí in Éirinn a dhlúthú.

I dtreo is nach mbeidh gá leis an mana "Déan mar a deirid, ní mar a dheinid!"

San Ambrós, guí orainn!



Íomhá ón ghnáth fhoinse, dealbh Spáinneach ón 15ú Aois de Ambrós ag staidéir.

2009-12-06

Féile San Nioclás

Atá ann inniu. Lá mór do phaistí ar Mhór Roinn na hEorpa. Leanann muid an nós anseo, agus d'aimsigh na páistí bronntanais bheaga ina cuid bróga ar maidin.

Is iomaí finscéal naofa maidir le Nioclás Myra a luaitear freisin le Bari, toisc gur tugadh a thaisí ann. Dhá scéal ach go hairithe a nascann é le nós bronntanas do phaistí. Tuairiscítear gur shábháil sé triúir iníon fir a bhí go domhain i bhfiacha ó bheith díolta mar cumhala. Mar a léiríonn pictiúir Fra Angelico thuas, chaith sé meall óir isteach tríd an bhfuinneog agus d'fhuascail an teaghlach ón sáinn.

Tá scéal ann freisin gur thug sé trí bhuachaill thar nais ón mbás. Bhí búistéir cam tar éis iad a mharú agus rún aige a cuid feola a dhíol - bhí gorta san tír.

Patrún na loingseoirí é, agus is minic Eaglais cois cósta tiomnaithe dó. Mar shampla, i Rinn Ó gCuanach, Port Láirge agus i gCionn Sáile, Contae Átha Cliath. Is minice iad ar an Mór Roinn.

Lá mór atá i Oíche Féile San Nioclás san Ísiltír.

Is minic ar an Mór Roinn go roinneann duine fásta, gléasta mar San Nioclás bronntanais. Is minic go mbíonn compánach aige - Knecht RuprechtKrampus, atá freagrach agus pionós a ghearradh ar pháistí dalba.



Íomhá ón ngnáth foinse.

2009-12-05

Luaithreach an Bhua

Fuair mé an t-úrscéal "Luaithreach an Bhua" le Annraoi Ó Liatháin ón leabharlann.

Úrscéal stairiúil faoi Cogadh na gCarad. Gleann sléibhe sna Déise an suíomh, agus léirítear éifeacht an Chogaidh ar an bpobal ann. Chuaigh triúr ón ngleann go Tiobraid Árainn ag troid i Cogadh na Saoirse. Maraíodh duine acu, ach d'fhill an bheirt eile nuair a bhí an Sos Cogaidh ann. Bhí duine acu leis an IRA a eagrú sa ghleann, agus rinne. Eisean, Dónaill Ó Coileáin, laoch an scéil.

Nuair a bhriseann an Cogadh Cathartha amach, cuirtear fios air teacht lena bhuíon chun troid ar son na Poblachta. Ach ní féidir leis. Ní mian leis aghaidh a thabhairt ar Éireannaigh eile ar mhachaire an chatha. Éiríonn idir é agus an fear eile a throid - imíonn seisean chun troda.

Léirítear mar a scriostar an pobal ón taobh istigh de bharr na scoilte seo. Léirítear crá croí agus coinsiasa an laoich.

Úrscéal thar a bheith cumhachtach, agus an pobal bheag ina scáthán don tír ar fad. Is uafásach an tionchar a bhíonn ag an cogadh, agus deireadh tragóideach leis na himeachtaí, a fhágann an pobal scriosta.

2009-12-04

Gairm chun Urnaí

Sin an fheidhm atá le miontúir, a bhfuil cosc ar a dtógáil anois san Eilvéis. Ar ndóigh, ní miontúr atá sa ghrianghraf ar chlé - mar is léir ón gcros ar a bharr agus an dealbh ag a bhun. Cloigtheach atá ann - ar Eaglais Bantiarna na Síochána ar Sráid Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.

Más spuaic, miontúr nó cloigtheach atá i gceist, an fheidhm céanna atá leo go léir. A mheabhrú dúinn go bhfuil níos mó ann ná muid féin. Táid cosúil le méar ag díriú ár n-aird ar na Flaithis. Ní thuigim tuige a ghlacadh creidmheach d'aon chineál col leo.

Go deimhin, de réir mo thuiscint, glacann aindiachaithe agus agnóisithe leis go bhfuil níos mó ann ná an duine féin.

Is féidir le túr mar seo feidhmiú mar comhartha machnamh, is cuma cén aicme nó creideamh a thóg é. [Dála an scéil Denkmal, comhfhocal as Denken (smaoineamh) agus Mal (marc), atá sa Ghearmáinis ar cuimhneacháin agus nithe dá réir ar féidir leo smaointe a spreagadh ionann]

Nós na Moslamaigh, a bhunaigh a bhFáidh, daoine a ghairm chun urnaí leis an guth daonna. Nós na gCríostaithe, clog a bhualadh.

Maidir le clog - bhí mé i Leabharlann Chester Beatty inniu - bhí turas treoraithe i nGaeilge ann. D'inis an treoraí dúinn gur thug an Dalai Lama cuairt ar an mbailiúchán d'ábhar Búdaíoch atá ann. Chonacthas dó go raibh rud in easnamh - agus bhronn sé clog ar an leabharlann.

2009-12-03

Stuaim, staonadh agus SEIF

De bharr go raibh Lá Domhanda SEIF ann, bhí scéalta go leor sna meáin faoi SEIF.

Ina measc, scéal san Irish Times a luaigh go raibh an ráta ionfhabhtaithe ag ardú arís, go hairithe i measc fir óga a mbíonn caidreamh collaí acu le fir. Dream a cheapfá a bheith fós ar an eolas faoin mbaol. Ach tá patrún mar seo ann - luaitear san alt seo ag Mercator.net go bhfuil galar gnéas-tarchurtha ar cailín as gach ceathrar sna déaga.

Bhí raic uafásach ann nuair a dúirt an Pápa ar a shlí go dtí an Afraic nach leigheas iomlán iad coiscíní ar SEIF. Ach tá eolaíocht taobh thiar dá thuairimí: Athrú iompar an cosaint is fearr.

(Tráthúil go raibh Dennis ag lorg leagan ar staonadh collaí!)

Ní hé nach laghdaíonn coiscíní baol an ionfhabhtaithe le SEIF. Laghdaíonn - ach iad a úsáid i gceart agus go leanúnach. Ach bíonn "díláithriú baoil" ann freisin. Téann daoine sa tseans, toisc go gcreideann siad cosaint éigin a bheith acu.

Is deacair a chreidiúint nach eol don aos óg an baol a bheith ann. Is fíor nach bhfuil an ard céanna ar SEIF cionn is go bhfuil cóir leighis ann a mhaolaíonn an tionchar uafásach. Ach fós féin, ba cheart go mbeadh fhios ag gach duine óg go bhfuil malartú páirtnéirí collaí baolach. Níl deacracht teacht ar choiscíní, mar sin ní dóigh liom gurbh sin an toisc go bhfuil an ardú seo ann.

Dar ndóigh, tuigtear go forleathan go bhfuil an córas ABC tábhachtach - Staonadh, beith dílis, nó coiscíní. Bheinn fhéin ar son béim ar "A" agus "B", gan amhras.

Ach tá an sochaí báite i gcollaíocht chomh maith - theip ar taighdeoirí teacht ar aon fear óg nach raibh úsáid éigin bainte aige as ábhar pornagrafaíochta.

Tharla réabhlóid collaí de bharr an piolla frithghiniúna, agus leath creideamh gurbh ann don comhriachtain gan iarmhairtí. Finscéal baolach!

2009-12-02

Foinse III

Ceannaithe agam inniu.

Scéal ar an gcéad leathanach ag Conchubhar, faoin bPlean agus dearcadh baill tofa an Údaráis air. Bhí píosa laistigh a mhaígh gurbh anailís ar an bPlean a bhí ann - ach bhí díomá orm, ní raibh ann ach achoimre ar roinnt gnéithe ann. Ach bhí píosa spéisiúil ann faoi thábhacht na Gaeilge do "bhranda" na hÉireann ag mhargóir mór le rá - príomhfheidhmeannach an MII, Tom Trainor. Cháin sé an drong sa meáin a bhíonn de shíor ag caitheamh anuas ar an nGaeilge.

Tríd is tríd, feictear dom go bhfuil Foinse Nua ag bláthú, ach go bhfuil forbairt fós de dhíth.

Bhí píosaí ag Scott de Buitléir agus Tomaí Ó Conghaile (fear nós*) ann freisin, agus píosa deasaí ag Daithí Ó Sé - conas tú fhéin a iompar ag an gcoisir Nollaig - lán de chiall ceannaithe (go daor!), agus Cormac Ó Loideáin ar chlársheoltóireacht.

Bhí litir spéisiúil amháin ann, ag léitheoir ag clamhsán faoi abairtí a bhí ró fhoclach. M'anam ach go mb'fhéidir go bhfuil an ceart aige.

Maidir le anailís ar an bPlean, bhí píosa maidir le seasamh Gael-Linn san Irish Times ar fiú é a léamh. Tá gá le plé agus anailís i nGaeilge agus i mBéarla ar an bPlean. Cá bhfios nach mbeadh toradh fónta ar stocaireacht Ghuth na Gaeltachta agus an Chonartha.


(Dála an scéal, san Indo a fuair mé saor in aisce le Foinse bhí alt le Kevin Myers ar féiniúlacht agus dlí. Cheap mé go raibh sé stuama go leor. An lúb ar lár ann ná go mbraitheann cumainn a bhíonn ag obair le dreamanna éagsúla ar an eolas ón daonáireamh chun maoiniú a fháil.)

Tá SEIF ar Íosa

Sin an teideal a bhí ar phíosa ar bhlag anseo: Píosa ar lón machnaimh é, agus tráthúil ar dhá chúis. Toisc gurbh lá Domhanda SEIF a bhí ann inné. Agus toisc gurbh é comhbhá Críost lár an liotúirge inniu:

Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;
tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;
óir is é an Tiarna a dúirt é.
Tugann Sé ár dúshlán áfach, a chomhbhá a roinnt. Rud a fhaighimse deacair - tá sé níos fusa féachaint an treo eile, mar a rinne an Léivíteach

2009-12-01

Ridire Teotanach an Phinn Dheirg

Bhí alt san Times inniu ag Ferdinand von Prondzynski maidir le cruinneas gramadaí sa Bhéarla. Seans go bhfuilim uafásach fimíneach, ach aontaím le cuid mór dá bhfuil á rá aige, cé nach maith liom beachtairí agus saoithíní. Agus, monuar, tá mo chuid Gaeilge scríofa lochtach go maith. Ach ní hionann sin agus mé bheith den tuairim nár cheart caitheamh go cúramach le focail!

(Fuair mé an íomhá úd de Ridire Teotanach anseo, cé gur athraigh mé rud beag é)