11 December 2009

Athaireacht

Léiríonn an cás a chinn an Chúirt Uachtarach maidir le cearta athair, a thug a shíol chun go mbeadh leanbh ag lánúin leispiach, castacht cheist an Atáirgeadh Daonna Cuidithe.

Mar is gnách di, tá an cheist cíortha go maith ag Carol Coleman san Times inniu.

Cearta an páiste croí na ceiste - an ceart fhios a bheith aige cé dar díobh é sa cholainn chomh maith le san oiliúint. Agus a leas.

Tá faillí do-mhaite á dhéanamh ag an Oireachtas gan cearta paistí i léith a nathair a rialú, agus gan creatlach ceart dlí a chuir in áit má tá Atáirgeadh Daonna Cuidithe le bheith ann.

Ní ceart an cheist seo a fhágann faoi na cúirteanna - ní féidir leo ach na cásanna a thagann ós a gcomhair a réiteach - nó iarracht ar réiteach a dhéanamh. Faoin am go mbíonn cás imithe faoi bhráid cúirt, is minic dochar déanta.

Tá soiléireacht de dhíth ar phaistí, agus ar an bpobal.

Ceist goilliúnach atá anseo, cinnte, toisc baint a bheith aige le collaíocht agus caidrimh. Ach ní féidir faillí a dhéanamh ann de bharr meatacht.

Aguisín 2009-12-12: alt eile san Times inniu le Breda O'Brien.

5 comments:

Mise Áine said...

Sé mo thuairim go mba chóir tús áite a thabhairt do chearta an pháiste i gcónaí, ach ní dóigh liom go bhfuil bunreacht na tíre seo á dhéanamh sin i láthair na huaire, a Aonghuis. Mar gheall air sin, caithfear na cásanna a thabhairt chun na cúirte, le na ceisteanna goilliúnacha seo a réiteach. Is mór an feall é, mar is minic na páistí thíos leis.

aonghus said...

Ní dóigh liom gurbh an Bunreacht an deacracht, ach easpa gnímh an Oireachtais.

ormondo said...

Ach cibé reachtaíocht a bheadh ann ní chuirfeadh sé deireadh leis na hachrainn i gcásanna dá samhail.

Is beag is féidir, dar liomsa, dlíthe réasúnacha fuarchúiseacha an ghné chianaosta seo de dhúchas an duine a bhíonn i gceist nuair a bhíonn a leanaí féin i gceist a cheansú.

Nílim ag rá gurbh fhearr dlíthe oiriúnacha a bheith as ná ann ach ceapaim go bhfuil féidearthachtaí na reachtaíochta teoranta go maith i gcásanna eiseacha den chineál seo.

aonghus said...

Is fíor go mbeidh achrann ann.

Ach bheadh níos lú achrann ann dá mbeadh creatlach cinnte dlí ann sula rinne daoine cinneadh mar seo.

Sa chás airithe seo rinne an triúir iarracht an bhearna a líonadh le conradh - ach d'éirigh eatarthu ainneoin sin.

Dá mbeadh treoir sa dlí, agus cearta agus dualgais leagtha síos go soiléir, bheadh níos lú baol achrainn ann.

Chuige sin an dlí.

Fearn said...

sílim go bhfuil an cheist seo cíortha cheana sa Fhéineachas: Fear a "luigh" le bean agus an bhean sin a "luigh" le bean eile. Bhí duine cloinne ag an darna bhean. Cé a bhí freagrach as an duine cloinne?
Cá bhfuil scoláirí na SeanGhaeilge?