Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-12-21

Dlí scanrúil, scannalach á phlé i Uganda

Beidh fhios ag léitheoirí an bhlag seo go seasaimse go dlúth le teagasc na hEaglaise, ina measc an teagasc gurbh sa bpósadh idir fhear agus bean amháin atá dlisteanacht ag baint le gníomh collaí.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuilim i bhfabhar dlí chóiriúil a úsáid chun an teagasc sin a chuir i bhfeidhm. Creidim go raibh an lán cheart ag Tomás Acúin ina phlé ar gnó an dlí - ní féidir le dlí daonna cosc a chuir ar gach duáilce, ná iallach a chuir gach suáilce a bheith ag duine. Is an leas coiteann atá mar sprioc ag an dlí. Deir na scrioptúir go dtiteann an fear chóir seacht n-uaire in aghaidh an lae, agus is beag duine againn nach dtiocfadh i coinbhleacht le dlí ghéar mar sin.

Bhíodh gníomhacha collaí idir fir in aghaidh an dlí chóiriúil san tír seo. Ní dóigh liom go ndearna an dlí úd aon leas don bpobal i gcoitinne. D'fhág sé daoine aeracha faoi bhagairt dúmhál agus níos measa. D'fhág sé baic roimh obair sláinte agus tréadach. Droch dlí a bhí ann, agus is maith bainte de na leabhair é.

Ach tá dlíthe mar é fós ina reacht ina lán tíortha. Tá dlí a phlé i Uganda a bheadh iarmhairtí thar a bheith tromchúiseacha aige. Gearrfar pionós an bhás ar dhaoine aeracha. Cuirfear dualgas dlí ar aoinne le húdarás sceitheadh a dhéanamh ar aon eolas atá acu. Reacht mí mhorálta atá ann.

Tá deacracht ann i gcur i gcoinne dlí mar seo ón Iarthar. Mar a léiríonn an alt seo, tá an tuairim forleathan san Afraic gur "cúis" Iartharach é cúis na daoine aeracha, atá dá bhrú in aghaidh a dtola ar mhuintir na hAfraice. Maraon le nithe eile a fheictear dóibh a bheidh in aghaidh a leasa - tá gnéithe eoiginic agus ciníoch ag baint len obair atá ar bun acu siúd san Iarthar atá ag brú frithghiniúint agus ginmhilleadh ar an Afraic. Sin gan trácht ar na fiacha atá ar an Afraic le bainc san Iarthar - ach gur caitheadh an t-airgead ar lón cogaidh nár dhéan leas pobail na hAfraice in aon chor, agus a chuir go mór le brabach an Iarthar. Ní hé an chollaíocht an chloch is mó ar phaidrín Eaglais na hAfraice (ná abhus, i bhfírinne - níl ann ach go bhfuil codarsnacht follasach idir an teagasc agus meon na meáin chumarsáide, ainneoin an fíoch a bhí ar Tiger Woods de bharr a dhrúis).

Bhí mé ag súil go labharfadh Easpaig na hAfraice iad féin amach, ag meabhrú teagasc na hEaglaise a aithníonn castacht agus íogaireacht cheist an Homaighnéasacht agus a deir go soiléir go mba cheart aon rian de leithcheal éagórach ina leith a sheachaint.

Ach níor labhair.

Níl fhios agam céard ba cheart a dhéanamh ón Iarthar sa chás seo. Tá súil agam nach rithfear an reacht mar atá, agus má ritear, go n-aimseoidh daoine bealaí thart air chun an éagóir a sheachaint, agus chun leas na pobail go léir a dhéanamh - idir homaighnéasach agus gan a bheith.

Ní fheictear dom aon mhaith a bheith i achainithe idirlín nach bhfuil costas ag baint len iad a shíniú agus dearmad a dhéanamh orthu.