11 December 2009

Endurance


Tá an leabhar Endurance le Dermot Somers díreach léite agam.

Cuir síos ar seacht gcinn d'aistear in Éireann.

Tá tíolacthaí ar léith ag Dermot a fhágann go bhfuil scil thar an gcoiteann aige chun na hoibre seo.
Tá Éire siúlta aige, agus aithne agus grá aige don tírdhreach. Tá Gaeilge ar a thoil aige, agus teacht aige ar foinsí dá réir - agus is léir go ndeachaigh sé i gcomhairle domhain leo. Léiríonn an saothar seo gur scoláire agus gabha focail den scoth é. Bhain mé an-taitneamh as, agus molaim é.

Seo iad na seacht turais a pléitear:
  1. Éalú Aodh Rua ó Caisleáin Átha Cliath.
  2. Eachtra Francisco de Cuéllar
  3. Camchuairt Ó Suilleabháin Béara
  4. Eachtraí na Tána
  5. Aistir Bhrian Ború
  6. Caoilte agus Pádraig ar a gcamchuairt, mar a léirítear in Agallamh na Seanórach.
  7. Eachtaí Michíl Uí Chléirigh ag tiomsú a chuid saothair, go háirithe Annála na gCeithre Máistrí.
D'fhág mé an teideal i mBéarla - cuimsíonn sé na cialla "do-chloíteacht", "seasmhacht" agus "fad-fhulaingt" - nithe atá i gceist leis na heachtraí a reiceann sé.


Thuas: Loch Té, ó Wikimedia.

4 comments:

Dennis King said...

Cé acu ceann ar mhaith leatsa a shiúl?

aonghus said...

Ceist mhaith. Ach an t-am a bheith agam, codanna díobh go léir!

Ach táid ar fad thar a bheith fada, agus siar agus aniar i gcuid mhaith acu.

Tá aithne éigin agam ar chodanna de shiúlóid Aodh Rua, ach níl an seasmhacht agam chun na siúlóidí seo a dhéanamh d'aon ruathar amháin.

Dubhaltach said...

Nach mór an trua go bhfuil sé scríofa i mBéarla aige?

Nó an bhfuil leagan Gaeilge de ar fáil?

aonghus said...

Ní dóigh liom é.

Is dóigh liomsa gur maith an rud go bhfuil sé ag oscailt guais na Gaeilge do Bhéarlóirí.

Tá tagairtí do na foinsí ann, i nGaeilge na linnte úd.