13 December 2009

Gáirigí le háthas agus le lúcháir


Inniu Domhnach Gaudete, an tríú Domhnach den Aidbhint.

Meabhraíonn ná léachtaí dúinn go bhfuil cúis gairdeas san Tiarna againn. (Sófania 3:14-18, Is 12 ónar thóg mé an leathrann thuas, Filipigh 4:4-7 agus Lúcás 3:10-18)

Éide rósach a fheileann don féile seo, agus do Domhnach Laetare san Carghas. Shíl mé an nós a bheith imithe, ach bhí éide rósach ar an sagart a léigh an tAifreann ar fhreastail mé air aréir.

Tá nós Ghearmánach an Fleasc Aidbhinte éirithe coitianta abhus sna hEaglais, agus is minic na coinnle ar dhathanna an liotúirge, murab ionann agus an dearg a chleachtar thall.

Ní fada anois uainn cothrom lae a bhreith. Go scaipe Sé a lúcháir agus a Ghairdeas orainn go léir.

2 comments:

ormondo said...

An bhfuil an nós leis na ceithre choinneal i bhfeidhm in Éirinn (fós)?

Faoi mar is eol duit cloíonn na Gearmánaigh leis na traidisiúin cé nach bhfuil ach mionlach beag ag freastal ar an eaglais. Is maith an rud é go mbíonn níos mó ann ná San Nioclás na tráchtála.

aonghus said...

Ní cuimhin liom iad a bheith sna hEaglais nuair a bhí mé óg. Bhíodh siad age baile, toisc an nós a bheith tógtha ag mo mhuintir ó cairde Gearmánacha leo. Bhíodh nós an coinneal san fhuinneog againn freisin.

Bíonn an fhleasc i nach séipéal anois, feictear dom. Ghlac mé an grianghraif thuas i Mullach Íde.