Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-12-19

Geamaireacht Greannmhar

Chuaigh mé go dtí an New Theatre aréir le mo thuismitheoirí chun Geamaireacht Aisteoirí Bulfin a fheiceáil.

Aor ghéar pholaitiúil scríofa ag Aodh Ó Domhnaill - Biffó Béar. Bhain sé greann as ár dTaoiseach, ár Réamh Taoiseach, saol an lae inniu in Éirinn - dífhostaíocht, drongadóirí, Magh Rois i Luimneach, turasóirí, Spa bréag ghalánta agus rl.

Tá an scil aige ag scríobh liricí i nGaeilge le dul le foinn hits an Bhéarla. Ceann faoin galar MRSA ag dul le fonn YMCA, mar shampla (A sheanbhean....)

Cé gur amaitéaraigh iad aisteoirí Bulfin, ní aithneofá é. Bhí gach ball den chliar ag cur leis an spraoi agus scata acu ar stáitse.

Thug Méabh Ní Loinsigh sár taispeántas mar Mhaggie, iníon súil leathan saonta an Taoisigh.

Bhí Louise Foxe i ról an Scuinc, drongadóir. Chinntigh sí go dtáinig lucht an phinn dheirg ar a gcostas - cheartaigh sí an tuiseal Gairmeach agus Ginideach dá hainm i gcónaí agus go glórach!

Thug Tadhg Ó Conchubhair agus Micheál Ó Gruagáin ana thaispeántas mar dís dífhostaithe de bharr éag an Tíogair Cheiltigh atá sásta dul in éide mná ar mhaithe le post san Spa Mar Dheá.

Is beag nach bhfuil fonn orm gach ball den chliar faoi seach a ainmniú agus a mholadh! Ach táim ró fhalsa.

Is fada ó rinne mé an oiread gáire croíúil le fada an lá. Ba bhoichte go mór muid gan Aisteoirí Bulfin!