19 December 2009

Geata Auschwitz goidte


Scéal feicthe agam díreach anois ag an Tagespiegel - ghoid bithiúnaigh an inscríbhinn "Arbeit macht frei" (Saorann saothar) ó gheata Auschwitz. Tá sé doiligh a chreidbháil go ndeanfaí a leithéid de ghníomh mhaslach.

B'iad na braighdeanaigh fhéin a raibh orthu an geata a dhéanamh. Chuala mé caint i bhfad ó shin ó aosánach a bhí ag obair in Auschwitz mar saorálaí le Aktion Suhnezeichen. Thaispéain sé dúinn na comharthaí beaga ceannairc a d'fhág na braighdeanaigh - ina measc go bhfuil an B in Arbeit bun os cionn.

Tá súil agam go bhfaightear an taise seo go tapaigh, agus slán.



Pictiúr ó Wikimedia.

2009-12-21 Aguisín: fuair siad é.

2 comments:

Dennis King said...

GRMA as an scéal faoin litir B atá bunoscionn!

aonghus said...

Scéal a chuaigh i bhfeidhm orm. (Thart ar fiche bliain ó shin a chuala mé é)

Labhair sé le buíon gasóga ó Beirlín (a raibh mé i bpáirt leo) roimh dúinn turas a thabhairt ar an áit uafásach sin.