Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-12-30

Gluais, a mhic, gluais


Cheannaigh mo mháthair "Gluaiseacht" do mo mhac is sine. Mar is gnách le déagóirí, tá sé deacair é a spreagadh chun dea leabhair Gaeilge a léamh. Ach tá an leabhair léite agamsa. Cé go mbíonn Alan Titley ag aclú na Gaeilge go hiondúil agus é a scríobh do dhaoine fásta, ní hamhlaidh anseo. Ní "Gaeilge simplí" (pé ní é sin) atá i gceist, ach Gaeilge soléite, cuí.

Scéal ógánaigh ón Afraic, teifeach, agus a bhealach ó thuaidh go dtí an Eoraip, tír tairngire an óir ar na sráideanna, bia agus obair do chách. Mar a fuair gach teifeach riamh amach, ó aimsir an chéad chathair anall, ní hamhlaidh atá. Do gach Dic Whittington, tá na mílte gan ainm a d'éag gan cháil.

Is amhlaidh anseo freisin, agus ag deireadh a imram, is léir nach bhfuil dea chríoch i ndán don laoch. Ní luaitear logainm ar bith sa scéal - rud a chuireann leis an cumhacht. Scéal na céadta atá ann, scéal na hAoise seo. Scéal an ghluaiseacht gan sprioc insroichte. Agus ceisteanna á ardú. Tuige go bhfuil feithidí na hEorpa sách ar a nduilleoga, ag cáineadh a mbráithre as an iomarca acu a bheith ag iomrascáil san deannach?

Scéal sár mhaith, arbh fiú é a léamh. (Súil agam mo mhac a mhealladh chuige uair éigin!)


Gluaiseacht
Alan Titley
ISBN 9781857917550
An Gúm 2009

Íomhá: Gaineamhlach i Libya le Luca Galuzzi - www.galuzzi.it