21 December 2009

Grianstad


Táid ann a chaitheann amhras ar cheangail Bhrú na Bóinne le Grianstad an Gheimhridh, ag maíomh gurbh an atheagar a chum an bosca úd a scaoileann solas na Gréine isteach.

N'fheadar cén radharc a bhí ann i mBliana - lá breá geal soiléir atá ann anseo i gCill Mhantáin.

Pé scéal é, beidh na laethanta ag dul i bhfad as seo amach, buíochas le Dia.

Thuas: Brú na Bóinne mar a bhíodh, aimsithe ar Wikimedia. Is cinnte gurbh mór idir é agus an lá inniu! N'fheadar cad a cheapann Aonghus Óg faoin scéal?

4 comments:

Dennis King said...

ag maíomh gurbh an atheagar a chum an bosca úd a scaoileann solas na Gréine isteach
Ba mhaith liom níos mó a léamh faoi seo, más é scoláire iontaofa, seandálaí nó eile, a scríobh.

aonghus said...

Níl foinse agam le lámh. Ní cuimhin liom go baileach cár léigh mé é.

SeanO said...

Brú na Bóinne agus Newgrange.

Ba iriseoir leis an Irish Times é James Charles Roy a raibh an-suim aige i seandálaíocht na hÉireann. Ina leabhar ‘The Road Wet, The Wind Close, (Dufour Editions 1986, ‘87, ’89) tá caibidil fhada aige faoi Newgrange, beagnach 30 leathanach san iomlán. Sa chaibidil sin tá agallamh aige leis an Ollamh M.J. O’Kelly (UCC) ina gcuireann Kelly síos ag stair seandálaíocht Newgrange agus ar na blianta a chaith sé ag iniúchadh an tulaigh, an ‘grianbhosca’ ach go háirithe. Molaim d’éinne a bhfuil suim aige san ábhar seo an chaibidil a léamh. Táid ann a cháineann O’Kelly, cuid acu in amhras faoin ngrianbhosca, cuid eile ag diúltú don atógáil a rinneadh ar an mballa seachtrach. Faoi dheireadh an agallaimh, áfach, tá Roy cinnte de nach gealt é O’Kelly, go deimhin tá sé tagtha den tuairim gur seandálaí cúramach samhlaíoch an t-ollamh.
Nóta pearsanta le cur agam lena bhfuil scríofa agam thuas. Sa bhliain 1947 chuaigh ar gclann ar saoire ó BhÁC chuig gaolta le mo mháthair i ngar do Bhrú na Bóinne: beirt tuistí, dhá rothar, triúr páistí. Lá amháin, bhí mé seacht mbliana d’aois ag an am, thug m’athair ar a rothar mé chun cuairt a thabhairt ar Newgrange. Ag an am bhí sceach ag fás i gcoinne béal an tulaigh. Bhrú muid ar leataobh í agus ar thathant m’athar chuaigh mé ag lámhacán isteach sa tollán, m’athair i mo dhiaidh, cipín lasta ina lámh mar sholas dúinn. D’éirigh liom dul leathshlí isteach ach bhí leac ar fiar a chuir bac orm dul níos faide. Ar fhilleadh abhaile dúinn bhí an bheirt againn smeartha le láib. Ar chloisteáil di cad a bhí déanta againn, chuaigh mo mháthair sna crannaibh. “Oh, John,” ar sí, “ but aren’t you the terrible stupid man, not fit to be let out alone, never mind with a child.”

aonghus said...

Is maith liom do scéal, agus an soiléiriú.