18 December 2009

Is athghéar an ghaoth inniu


Is athghéar an ghaoth anocht,
craitear fionnfholt farraige:
ní heagal theacht thar mhuir mhín
laochra fiáin na Lochlainne

Tonnta i mbá Bhaile Átha Cliath inniu. Grianghraif ó thóg mé ag Stáisiúin na Carraige Duibhe. An rann thuas tógtha as Athdhánta, Ó Floinn 1969. An buntéacs ón 9ú aois.

6 comments:

Fearn said...

An é sin tigh Ghé Burn, anuas ón mhullach?

Dála an scéil, cad is ainm Gaelach don uisce úd: sular raibh BÁC ach ina loinnir i súil Uiginnigh éigin?

Cuan Life? Loch Life?

aonghus said...

Tá Beann Éadar sa chúlra, cinnte.

Tá leabhar darbh ainm "Mágh Ealta Éadair" agam faoi Dinnseanchas Dhúthaigh Átha Cliath. Chaith mé sracfhéachaint air, ach ní bhfuair mé ainm an bhá. Beidh orm tochailt.

Fearn said...

Rith focal eile chugam: Inbhir Life?

aonghus said...

Tá sin luaite sa leabhar, ach ní don bhá iomlán. Tá Inbhir Domhnann (Mullach Íde) agus Tulca, Dothra agus abhainn eile i gceist. Tá an Bá fairsing.

Fearn said...

Tá Inbhir Life ag Ó Duinnín; agus arna féachaint go bhfuil Magh Life ann fosta, seans gur fheil an t-ainm

aonghus said...

Feicim gur thug sé "Liffey Mouth" mar ciall eile le hInbhir Life. Bheadh claonadh orm Inbhir Life a cheangail le ceantar farraige níos lú ná an Bhá, go hairithe agus inbhir eile i gceist. Ó tharla Átha Cliath a bheith gan mórán tábhacht go dtí níos moille sa stair, beidh sé deacair dul go croí na ceiste.