30 April 2009

Go bhfóire Dia orainn! Diamhasla le beith ina choir

Scéal a bhí san Irish Times inné. Tá sé i gceist ag an Aire Dlí agus Cirt coir a chruthú san Acht reatha a phléann le clúmhilleadh. Feictear dom go bhfuil an moladh atá aige thar a bheith scaoilte, agus is deacair liom aon bhuntáiste a fheisicint leis an moladh seo. Céard go díreach is brí le "ábhar atá maslach d'aon chreideamh"? Conas a chruthófar gur d'aon ghnó chun "uafás" a spreagadh i creidmhigh a dúradh nó a scríobhadh rud?

Téann creideamh go eithne féiniúlachta an duine a chreideann. Bíonn daoine goilliúnach faoi, agus glactar masla go minic agus go héasca. Ach ní dóigh liom gur féidir leis an dlí dul i ngleic leis seo. Tá dlíthe ann in aghaidh fuathghríosadh, agus is maith sin. Tá dlíthe in aghaidh clúmhilleadh.

Ní fheicim tairbhe san dlí nua seo. Sa bhreis ar an méid atá ag Carol Coulter san anailís seo (a bhfuilim ag aontú a bheag nó a mhór leis), feicim bagairt don saoirse creidimh ann.

Tar éis an tsaoil, is de bharr diamhasla a daoradh Críost! Agus tuigtear dom gur diamhasla i súil Moslamaigh é "Athair" a thabhairt ar Dhia. Is de bharr a gciontaithe i ndiamhasla a cuireadh na mairtírigh chun bás go minic.

Ní fheictear dom go bhfuil an moladh seo stuama. Cuirfidh sé bac ar phlé ionraic maidir le creideamh, agus beidh sé ina fhoinse maoine do dhlíodóirí ar feadh i bhfad!



Aguisín 2009-05-04
Meabhraíonn tagairt Dennis dom gurbh diamhasla an coir a cuireadh i leith Socrates freisin. Bhíos ag smaoineamh go príomha a ceisteanna creidimh. Ach tá gné eile den scéal - cuir in aghaidh Diamhasla mar sciath cosanta ag na húdaráis. Mar a tharla i gcás Chríost agus Socrates. Ba mar chosaint d'Eaglais Bhunaithe Shasana a ritheadh reachtaíocht maidir le diamhasla ar dtús in Éirinn. N'fheadar cén tairbhe a bhainfidh na húdaráis reatha as dlíthe mar seo? Ceist mhaith eile!

29 April 2009

An ríomhchlárú mar litríocht

Bíonn dhá príomhchúis ann go dteipeann ar clár ríomhaireachta.
  1. Toisc go bhfuil an clár fabhtach - go ndearna an ríomhchláraitheoir meancóg.
  2. Toisc go bhfuil an clár mícheart curtha i gcrích.
Go hiondúil, bíonn cumasc den dá chúis i gceist.

Tá bunchúiseanna simplí leis seo.

Ní mór aon rud atá le déanamh ag ríomhaire a bhriseadh síos ina mhinmhionsonraí, agus iad a bheith sainmhínithe go soiléir agus in ord a n-úsáidte. Bíonn nodaireacht theibí de dhíth chun é seo a dhéanamh.

Tá dhá deacracht leis seo.
  1. Ní thagann sé seo le modh nádúrtha smaointe an duine. Is fearr linne tosú amach le imlíne gharbh a phléann leis an creatlach ar dtús, agus ansin na mionsonraí a bhreacadh diaidh ar ndiaidh.
  2. Ní mór beith i'd do shaineolaí chun an nodaireacht a thuiscint. Ach ní saineolaí ar an nodaireacht gach saineolaí ar an ábhar is bunús leis an gclár atá le dearadh.
Mar sin, cumarsáid bun agus barr na ceiste. Cumarsáid righin, saor ó dhé bhrí idir an ríomhchláraitheoir agus an ríomhaire (is fíor go bhfuil sé seo ró antrapamorfach - níl tuiscint ag an ríomhaire). Ach, níos tábhachtaí fós, cumarsáid idir an duine ar mhaith leis an ríomhaire a úsáid, agus an saineolaí a bhfuil ar a chumas an ríomhaire a chuir ag obair. Anseo is mó a chailltear an chath.

Tá ríomheolaithe ag dul i ngleic leis an deacracht seo le blianta; agus is mó scéim samhlaíoch a cumadh. Ceann spéisiúil a tháinig mé ar arís ar mallaibh ná Ríomhchlárú Liteartha, téarma a chum Donald Knuth, Ollamh i Meiriceá.

Ina aiste in 1984 "Ríomhchlárú Liteartha", leag sé amach modh nua oibre. Ghlac sé leis go mbeadh seilbh ag ríomhchláraitheoir ar dhá nodaireacht - teanga ríomhaireachta, mar shampla Pascal; agus nodaireacht chun cáipéisí a chruthú. Bhí an nodaireacht clóchur agus na clár a théann leis - TeX - cumtha ag Knuth, agus bhain sé feidhm as ina mhodh nua, ar thug sé "web" air.

An bunphrionsabal atá i gceist ná nach mbeadh ann ach an t-aon foinse amháin don méid a chuirtear faoi bhráid an ríomhaire (faoi bhráid an tiomsaitheora, le bheith cruinn), agus bhí bhráid daoine i foirm cur síos ar an gclár. Líon ("web") a thug sé ar an bhfoinse seo, agus gineann dhá clár ar leith foinsí agus cáipéisí as seo. Caithreáil a thug sé ar an bpróiseas chun clár ríomhaire a bhaint as an líon, agus fíodh ar an bpróiseas cáipéisíochta.

Fágann an córas seo gur féidir an dearadh a dhéanamh ar shlí atá nádúrtha don duine, agus déanann an clár tangle atheagrú ar an gcód don tiomsaitheoir.

Smaoineamh thar a bheith spéisiúil, a bhfuil forbairt tagtha air ó shin - tá suíomh cuimsitheach idirlíon ag plé leis ag http://literateprogramming.com./

Ní dóigh liom go mbainfidh mé feidhm go gairmiúil as fós - ní dóigh liom go bhfuil sé chomh h-oiriúnach céanna do mhór chláracha neadaithe, ar minic canúint ar leith den ríomhtheanga a bheith de dhíth dóibh. Bíonn gá freisin le breis nodaireacht d'fhonn uirlisí anailíse éifeachtach a dhéanamh.

Ach chun cláracha cúnta a dhearadh, agus mar sin, b'fhéidir. Tá leagan don teanga ar C ar fáil - CWEB.

Tá sé ar intinn agam an scéal a chíoradh níos doimhne, pé scéal é.

Quid est Veritas?

Tuarascáil spéisiúil ag Mercator.net ar Chomhdháil ildánach san Vatacáin, ag plé smaointe Darwin.

Mar a dúirt Eoin Pól II, agus é ag caint le Acadamh Pontaifiúil na nEolaíochtaí:

Ní thagann firinne salach ar fhírinne

Cé go gcreidtear go forleathan é bheith ina chogadh dhearg idir an Eaglais agus an Eolaíocht ó aimsir Ghalileo ar aghaidh, agus roimhe, ní amhlaidh atá.

Tá gnéithe den chreideamh ar féidir leis na heolaíochta nádúrtha solas a chaitheamh orthu. Tá gnéithe eile a bhfuil an eolaíocht dall orthu. Agus ní hionann teoiric eolaíochta agus fíric doshéanta. Pléann aiste CS Lewis ar Sheasmhacht sa Chreideamh1 go stuama leis an gceist.

Tá gá le réimse uirlisí intinne ag an duine, agus ag an gcomhluadar.

Agus, thar rud ar bith eile, tá gá le caidreamh idir na dánta, ag cuir modhanna, canúintí agus uirlisí gach dán san áireamh i gceart. É sin, nó níl todhchaí i ndán d'aon dán!



1(On Obstinacy in Belief - nílim in ann teacht ar chóip ar líne)

27 April 2009

Ballóid boga bhaoth

Is maith agus is mithid go ndearna John Gormley cinneadh fáil réidh leis na hinnill vótála leictreonacha. Cé go bhfuilim i bhfabhar úsáid chiallmhar na teicneolaíochta, bhí an scéim áirithe seo fabhtach ón tús.

An príomh-locht a bhí air ná nár ghnóthaigh an córas muinín an phobail.

Anois, ní raibh mé féin buartha faoi na hinnill iad féin - tar éis an tsaoil bheadh sé chomh héasca céanna bosca ballóide a líonadh le ballóidí bréaga agus a bheadh sé camastaíl a dhéanamh leis na hinnill. De réir mo thuiscint, bhain na deacrachtaí leis na hinnill den déanamh chéanna san Ísiltír agus sa Ghearmáin len iad a bheith nasctha le líonra, agus baol dá réir ann go ndéanfaí camastaíl ar scála mhór - rud a bheadh níos deacra a chruthú de bharr an córas liosta atá in úsáid ar an Mhór Roinn.

Fabht eile a bhí ag cur as domsa - tá córas casta comhaireamh na hÉireann neamh cinnteachaíoch. Tá gné den ádh ag baint le conas mar a scaiptear farasbarr vótaí nuair a bhaineann iarrthóir an cuóta amach. Tá seo amhlaidh toisc nach mbeadh sé éifeachtach ó thaobh comhaireamh daonna dé gach vóta a chuir san áireamh. Ach fágann sé sin nach gá go mbeadh an toradh chéanna ar ath-comhaireamh na vótaí céanna. Mar a tharlaíonn sách minic nuair nach bhfuil ach dornán vóta idir beirt iarrthóir.

Nimh atá anseo d'aon chóras promhadh. Mura féidir a thuar cén toradh a bheadh ar iarracht, ní féidir é a phromhadh.

Agus le córas ríomhaireachta, níl cúis ar bith nach gcuirfí córas cinnteachaíoch i gcrích. Córas a bheadh inprofa. D'fheadfaí, gan stró ar bith, gach uile vóta a chuir san áireamh, agus toradh níos ionadaí de thoil an phobail vótála a aimsiú.

Ní dóigh liom gurbh ar na polaiteoirí an locht faoi seo ach oiread - ach an "Rialtas Buan" - na státseirbhísigh. An dream chéanna ar chosain a sileag maidir le PPARS na táinte orainn.

Feictear dom go bhfuil easpa eolais ghairmiúil ar ríomhairí agus ríomhaireacht ina bhac orthu, agus airgead agus acmhainní an phobail á gcur amú dá réir.

Íde Tógálach na muc


Anois agus baol ann go mbeidh paindéim ann de bharr fliú na muc, tá taispeántas tráthúil ann san Dánlann Eolaíochta i Coláiste na Tríonóide.

Tugann an taispeántas "Tógálach" léargas ar an slí a scaipeann ionfhabhtú.

Baintear feidhm samhlaíoch as gléasanna raidió, a scaiptear ar chuairteoirí, chun cur ina luí ar dhaoine cé mar a scaipeann galar. Más rud é gur tháinig tú ró ghar do dhuine a bhí "tógálach", las solas ar an ngléas, agus d'fhéadfaí é mhúchadh ach dul go dtí ionad díghalraithe.

Bhí scáileáin mhóra ann a thaispeáin na cuairteoirí mar spotaí uaithne (slán) nó dearg (tógálach), agus a tharraing naisc de réir mar a bhí teagmháil ag daoine le chéile.

Bhí nithe spéisiúla eile ann, ina measc clár ríomhaire ag léiriú mar a scaipeann paindéim, agus na héifeachtaí a bhíonn ag céimeanna ina aghaidh.

Tráthúil, agus spéisiúil.



Aguisín 2009-04-28:
Alt soleite ar an bhfliú san Telegraph i Sasana - blag Karlin Lillington a tharraing m'aird air.

18 April 2009

Teachtaireacht an Aingil

Gabriel Rosenstock ag saothrú leis le fada chun doirse an saol mhóir a oscailt do Ghaeilgeoirí.

Tá saothair fealsúnachta agus greann araon, ón oirthear agus an Mheánoirthear aistrithe aige, sa bhreis ar saothar ó theanga a athair, an Ghearmáinis.

Cúpla rud leis léite agam ar na mallaibh a spreag an giota seo.

Tá, mar shampla, píosa rialta "Howl agus abhus" aige i gComhar. Anois, drochimeartas focail amach is amach é sin - ach ábhar spéisiúil, scagadh ar nuachtáin agus irisí ó thar lear.

Mí ó shin bhí dornán de scéalta Zen aige. Níor bhain mé mórán adhmaid astu, seachas ceann amháin acu faoi bheirt manach agus spéirbhean. Ceacht mhaith ann!

Bhí glaic sleachta ó fhealsamh Ioslamach aige ar Feasta, agus feicim ó Foinse na seachtaine seo chaite gur bhronn an Phacastáin bonn litríochta air.

Agus ansin na hailt seo san Irish Times:
An ceann seo ag moladh athfhoilsiú ar scoth na haistriúcháin a rinne an Gúm fadó. Agus ceann eile ag moladh file ón nGearmáin a bhfuil tiachóg burdúin leis aistrithe aige.

Tríd is tríd, cé nach mbainim adhmaid as a lán dá scríobhann sé, is duine spéisiúil é. Nach bhfuil sé tráthúil go bhfuil ainm an Ardaingil Gabriel air - an neach a thug teachtaireacht Dé chuig Muire de réir na Críostaithe, agus an Córán do Mhahamad de réir na Moslamaigh.

Agus is seoid atá i Nasrúidín.Greann na nGiúdach ar mo liosta anois freisin.

Sin sa bharr ar an stuif bhreá do leanaí atá dánta aige - leithéidí an Gharbháin nó Scuabtha chun siúl.

Is maith ann filí na Gaeilge, agus is fearr fós iad siúd a fhéachann amach san chruinne mhóir nach bhfuil go hiomlán faoin scáil angla-sacsanach!

Aguisín 2009-04-23
Feicim go bhfuair "Ar son na Cúise" spreagadh freisin ó ildánacht Ghabriel...

17 April 2009

Cáin Ruhama

De réir alt san Irish Times inné, tá grúpaí éagsúla ag éileamh dlí faoina bhfeadfaí fir a íocann as gníomhartha collaíochta a chiontú.

Tá ardú ag teacht ar an méid mná a déantar gáinneáil orthu, agus a cuirtear iallach orthu bheith ina striapacha. De bharr gur coir é bheith i do striapach, agus de bharr gur inimircigh mídhleathacha iad i súile an dlí, níl bhíonn éalú ann dóibh.

Feictear dom go bhfuil ciall leis an éileamh - gan na mná (agus na paistí) a bheith ciontach, ach iadsan, idir sciorracháin agus úsáideoirí, a thagann i dtír orthu.

Ba cheart bealach thar nais don saol folláin a éascú do na mná seo, mar atá á dhéanamh ag leithéidí Ruhama.

Agus maidir le fear a thugann drochíde do bhean d'fhonn a phléisiúr collaí féin - is ciontóir gnéis é, agus ní cheart go ndéanfadh malartú airgid difear ar bith.

Is fíor go dtugann teacht ar striapacha bealach amach do hainniseoirí mar sin, agus is dócha go mbeadh an saol níos baolaí fós do mhná murach go bhfuil striapacha ann. Ach ní ghlacaim leis nach bhfuil saorthoil ag na daoine seo; agus ba cheart go mbeadh sé rí shoiléir dóibh go bhfuil a iompar do-ghlactha.

Sóivéid Luimní, 1919

Cathair inti féin Luimneach.

Fiú roimh luaithreach Angela, agus a droch chlú reatha mar Luimneach na Lann, ba áit spéisiúil í.
Tá giota bhreá ag Heinrich Böll fúithi ina Dhialann as Éirinn - na sráideanna tréigthe, ach na hEaglais lán go dtí go raibh nóibhéine thart.

Is ann a bhí an t-aon (go bhfios dom) pogram in Éirinn, spreagtha ag sagart, monuar.

Cathair a bhí caomhach go maith, mar sin. Cathair a bhain leis an eite dheis cléireach , mar sin.
Ach fiú roimh Jim Kemmy bhí Luimneach eile ann - an Luimneach radacach úd a bhunaigh Soibhéid chun cur i gcoinne Dlí Míleata 90 bliain ó shin.

Rinne Liam Cahill, údar leabhair faoi, píosa breá cainte ar Adhmhaidin inniu, rud a spreag an mhír seo. (Nascann an mhír thuas lena leabhar, atá anois ar líne.)

D'fhág an Cogadh Cathartha muid gan an ghnáth iomaíocht idir na heití a mhúnlaigh polaitíocht na hEorpa. Cadhain aonair ab ea na radacaigh ar an eite clé riamh - Kemmy, Joe Higgins agus a gcuid. Cá bhfios na mbrisfidh imeacht na bPDanna agus an ghéarchéim eacnamaíocht an mhúnla cúng úd ar deireadh thiar thall.

Bheadh feidhm le Sóivéid nua i Luimneach - le cur i gcoinne maoinlathas agus armlathas na drongadóirí, a gcuireann a n-aindlí féin i bhfeidhm orthu siúd a sheasann ina gcoinne - agus daoine geanúla mar Roy Collins ag íoc an praghas is airde as.

16 April 2009

Go maire sé an céad!


Tá an ceithre scór agus dhá bhliain slánaithe ag an bPápa Benedict inniu.

Go dtuga Dia an mhisneach dó seasamh in aghaidh na faolchon, mar a d'iarr sé agus é á insealbhú. Go dtuga Sé freisin gaois an nathair, agus soineantacht an choilm dó. (fch Matha 10:16)

15 April 2009

An saoi scéal de réir Philip

Dar Liom le Philip Cummings léite anois agam.

Cnuasach altanna a bhí i Lá atá i gceist - altanna arbh buaic na seachtaine iad, dar liom.

Tá Philip ina mháistir ar cleas na dtrí cártaí liteartha - sliocht a mbíonn deireadh soiléir leis - ach ansin cuireann sé corr an, ag baint brí iomlán nua as.

Seo ceann de na leabhair úd ar cheart iad a bheith áisiúil chun smailc taitneamhach a bhaint astu ó am go chéile. Aimseoidh mé cúinne mhaith i'm L-spás dhó!

Bhain mé sult ach go hairithe as an comhfhreagras ag deireadh an leabhair idir é agus an Snodach.

Gonta, glic, greannmhar, glé
Ceannaígí é!


Dar Liom
Philip Cummings
Coiscéim 2008

14 April 2009

Blag-oireachtas

Feicim go bhfuil an comórtas blagáil ag an tOireachtas ann arís i mbliana.

Cé go bhfuilim fillte ar an mblagadóireacht anois agus an Carghas thart, níl bheidh mé ag cuir isteach ar an gcomórtas i mbliana. Is fearr liom cuir isteach ar an Speallaire - fear/bean an phinn grinn i bhFoinse. Bhí an duine bocht ag clamhsán faoin dualgas trom atá air blaganna mar seo a scagadh.

N'fheadar an smaoineamh eile é seo nach fiú foilsiú? Pé scéal é, ó tharla nach bhfuil sé ar intinn agam cloí le moladh na moltóirí ó anuraidh, eadhon, cloí le hábhar theicniúla anseo, ní chuirfidh mé acmhainní amú!

Ní mian liom srian a chuir ar fhoinse an tinfeadh a spreagann na smaointe fánacha seo, ainneoin speallairí ó Foinse ná moltóirí oireachtaigh. (Deir statcounter liom go dtagann neach ó Foinse an treo ó am go chéile).

Táim ar aon fhocal leis an Speallaire faoi rud amháin áfach - go gcuireann an Réalt nua san blagchruinne Gaelach go mór leis. Tá, gan amhras, Tadhg Mac Dhonnagáin ag saothrú iothlainn na Gaeilge le fada. Ach cuireann a chuid garraíodóireachta. go mór leis an nGaeltacht ar líne!

Fáilte romhat, a Thadhg!

13 April 2009

Sionad nua Whitby - sa Bhrúiséil?

Roinnt seachtain ó shin, bhí Feargal Quinn ag moladh san Irish Times go nglacfadh an Aontas Eorpach orthu féin an cúram dáta na Cásca a shocrú.

An stró a chuireann siúltacht an dáta ar lucht gaimbín a bhí ag déanamh imní don bhfear bocht.

Ceist chasta, a tharraing achrann sách minic is ea dáta na Cásca: cosúil le ceisteanna eile, is minic polaitíocht nasctha leis. Deirtear gur shocraigh an Rí Sacsanach a bhí i bhfeighil ar Sionad Whitby cloí le dearcadh na Róimhe de bharr gurbh ag Peadar a bhí eochracha na Flaithis. Ó tharla gur Pápaire mise, ní rachaidh mé ró fhada leis an scéal úd!

Caithfidh mé a rá gur dóigh liom féin gur maith an rud é an bogadh sa dáta - is maith an rud é muid a chroitheadh as ár ngnásanna ó am go chéile. Cabhraíonn sé go dtagann an Inid aniar aduaidh orainn ó am go chéile - sonc chun nithe an tsaoil eile a chuir abhaile orainn.

Firicín fánach eile - is cosúil ainm pagánach a bheith ar an gCásc - sa Bhéarla agus sa Ghearmáinís - ainm a luadh ag Bede, mar ainm bhandia pagánach earraigh. Ach níltear cinnte, toisc gan mórán tagairtí eile a bheith ag dul leis. Ón bhfocal Pascha a eascraíonn ainm na féile gach áit eile - fiú sna teangacha Gearmánacha eile.

Seans go mba chirte mar sin don tUasal Superquinn a féile siúd a athnuachan ar mhaith le lucht gaimbín - agus an Chásc (casadh Q ceilteach ar an Pascha) a fhágail faoin rud ar thug an Pápa "liotúirge an chosmas" air - rince na gealaí agus an ghrian.