30 September 2009

Brilléis an tAire Éadochais.

Creideann Batt O'Keefe gur "fostaithe" a bhí sna mná a bhí i ngéibheann san neachtlanna Mhagdalacha. Nuair a tharraing sé sin raic, ghabh sé leithscéal, agus dúirt gurbh "oibrithe" iad.

Cá bhfuair an fear seo a chuid oideachais?

Nó cé atá ag cur comhairle air? Feictear dom go bhfuil an Rialtas i mbun na éalaíona chéanna a tharraing droch chlú (agus é tuillte acu) ar chliarlathas na hÉireann - ag dul i bhfolach laistiar de chleasaíocht focail agus dlíodóirí.

Tá sé in am againn gortghlanadh a dhéanamh, aitheantas (ar a laghad) a thabhairt don méid a d'fhulaing na mná seo. Go minic, is faoi chúram an Stáit a bhí siad roimh dul isteach sna neachtlanna seo.

Ní dóigh liom, dála an scéal, go bhfuil cúrsaí pioc níos fearr anois do mhná óga goilliúnacha faoi chúram an Stát. Maith go leor, is dócha go bhfaigheann siad "comhairle" ó síceolaí anois, agus seoltar chun na Breataine iad chun an fhadhb (i. toirchis) a "réiteach".

An mbeidh tonn uafáis ag briseadh orainn i gceann glún eile de bharr mná atá ag fulaingt Siondróm iar-ghinmilleadh?

Ní éiríonn bean torrach i bhfolús!

29 September 2009

Slait tomhais

Tá sé ina raic de bharr gur ghabh péas na hEilvéise Roman Polanski.
Fear a phléadáil ciontach as éigniú gearrchaile.
Tá léiriú anseo ar díreach chomh gránna is a bhí an coir ar theith sé ó SAM dá bharr.

Deirtear linn gur ealaíontóir mhór é, agus go mba cheart a choir a mhaitheamh dó dá bharr.

Tuige? Coir is ea coir.

EÉA

Eagla, éiginnteacht agus amhras á scaipeadh go tréan.

Seana chleasanna chun argóint a sheachaint. Feictear dom go bhfuil i bfad barraíocht de seo ar siúl ar dhá thaobh na díospóireachta maidir le Conradh Liospóin.

Ní fearrde dúinn é.

Beidh gach rud thart ag an deireadh seachtaine, chomh fada agus a bhaineann sé le conradh Liospóin agus Éireann, pé scéal é. N'fheadar cá mbeidh an chéad cath eile faoi?

28 September 2009

Seachrán Domhnaigh

Cloch na gConChuas ag spaisteoireacht le mo mhac Dé Domhnach beag seo. Thóg muid an bus 185 ó Bhré go dtí an Stad deiridh - Shop River as Béarla, na Geataí Óir as Gaeilge. Mar a léiríonn taifid an Bhrainse Logainmneacha áfach, sílim gur botún atá ansin. Tugtar na Geataí Óir ar bealach cúil isteach go Cúirt na bPaorach. O 203 173 an pointe atá i gceist anseo, píosa siar ó Chill Mholing. Shiúl muid fán mbóthar ansin chomh fada le brú Cnoc Rí1. As sin lean muid Slí Chualann ó thuaidh i dtreo Charraig na bhFiach. Cosán breá tirim, agus slacht curtha ar an gcuid is achrannaí ag an Meitheal Sléibhe. Cosán deas eibhir. Uaidh sin chas muid siar i dtreo Suí Liam2. Chas muid rud beag ró luath, agus lean muid imeall na coille ar feadh tamaill roimh casadh ó thuaidh chun an charn ar bharr a bhaint amach. Bhí radharc bhreá aduaidh againn - Binn Éadair, Inis Mhic Neasáin agus Reachrann le feiscint sna farraigí amach ó Bhleá Cliath. Bhí na Beanna Boirche le feiscint ar imeall na spéire ainneoin é beith scamallach go maith. Chuir sin le blas an anraithe a bhí mar phroinn againn!

Lean muid orainn siar ansin, i dtreo Cloch na gCon. Sin atá sa ghrianghraif thuas. Bhí an bealach seo sách lathach - níor mhaith liom é a shiúl in aimsir fliuch. Mar a bhí, chuaigh mise go barr mo ghlúine isteach sa bportach ag pointe amháin. Ón gcloch chas muid ó siar ó dheas, ag tabhairt aghaidh ar cúinne na coille ós cionn Gleann Crí. Tá cosán fá imeall na coille a thug amach go dtí an Bóthar Míleata muid, agus shiúl muid ansin go dtí an Ionad Athmhuintearais, a bhfuil café deas acu!

Thart ar trí uair go leith a bhíomar ag siúl, siúlóid taitneamhach, go hairithe agus muid araon fós ag teacht as babhta fliú!


1 Leagan amhrasach eile!
2 Ainmnithe in onóir chuairt Rí Seoirse, de réir taifid logainm.ie. N'fheadar cén ainm a bhí ag ár sinsir air?

Feamainn Bhealtaine


Bhí sé de pribhléid agam buaileadh le Máirtín Ó Direáin uair amháin i mo shaol. Mheall múinteoir scoile de mo chuid é chun teacht agus labhairt leis an ceathrar againn a bhí ag gabháil don cúrsa ardleibhéil Gaeilge. Ní cuimhin liom ach gur bhuail muid leis. Caolseans go raibh mórán tairbhe le baint againn as, ná aige asainn. Dailtíní scoile.

Pé scéal é, tharraing Tobar na Gaedhilge m'aird ar an saothar próis seo uaidh. Is ceann de na téacsanna sa bhunachar é.

Bailiúcháin aistí - nó b'fhéidir gurbh cruinne sceitsí a thabhairt orthu. Dírbheathaisnéiseach don gcuid is mó, feictear dom. Thaitin na cinn lonnaithe ar Árainn go mór liom. Ba léir orthu a chluas le héisteacht, agus a mháistreacht ar an dteanga ann a fuineadh as saol na ndaoine. Bhraith mé nach raibh a pheann chomh cruinn céanna ag dul i ngleic le coimhthíos na cathrach.

Tá dornán aistí ann ag plé a cheard. Is luachmhar iad sin ach go hairithe.

Ó tharla nach mór dom an leabhar a thabhairt thar nais chun na leabharlainne amárach, tá cóip de na haistí sin déanta agam.

Feictear dom gur saothar thábhachtach atá ann.



Feamainn Bhealtaine
Máirtín Ó Direáin

27 September 2009

Plionta folamh


Bhí mé amuigh sna sléibhte le mo mhac inniu, thart ar Ghleann Crí. Bhíodh dealbh de Chríost, an tréadaí maith ar an mbóthar míleata ós cionn an Ionad Athmhuintearais. Tá an dealbh imithe le roinnt blianta anois. Ach thug mé suntas don plionta.
Scoil cheartúcháin - príosún do bhuachaillí faoi aois - a bhí i gceist le scoil Chaoimhín. Luaitear i dtuarascáil Ryan é, cé go bhfuil an cuid is measa ag tagairt do cad a tharla sa Daingean nuair a dúnadh Gleann Crí.

Ní go ró mhaith a fheileann an méid atá luaite ann leis an Tréadaí Maith.

Theip muid mar phobal ar na buachaillí - agus b'fhéidir freisin ar na bráithre, má chuirtear san áireamh, mar atá luaite san Tuarascáil, gur theip an néaróga chuid mhaith acu. Córas lofa - ach tá amhras orm go bhfuil mórán feabhas tagtha air ó shin.

Bhí an mír seo i soiscéal an lae inniu: "Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b’fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige."

Cad ba cheart dúinn a dhéanamh? Arís inniu, tá buachaill 17 bliain d'aois faoi ghlas de dheasca fear a shá. Tá goid agus réabadh fós ar siúl, de bharr go bhfuil bochtanas agus fearg fós linn.

Níl fhios agam. Go bhfóire an Tréadaí Maith orainn go léir.

Leoin leonta

Na filí Rúiseacha Bhí ócáid thaitneamhach eile de chuid IMRAM ann oíche Aoine. LEOIN I nGÉIBHEANN/ CAPTIVE LIONS: Filíocht de chuid Anna Akhmatova, Vladimir Mayakovsky agus Marina Tsvetaeva aistrithe go Béarla agus Gaeilge. Filí iad uilig a bhí thuas san 20ú aois, agus a d'fhulaing faoi Stailín. Chuir beirt acu lámh ina mbás féin.

Chuir Liam Carson gach file faoi seach in aithne, agus ansin léigh file Éireannach aistriúchán dá gcuid saothar, le cúlra ceolmhar ó Jackie Leven (giotár), Michael Cosgrave (méarchlár) agus Sean Óg (Sax).

Léigh Paula Meehan saothar le (sílim!) Anna Akhmatova i leagan Béarla a rinne sí féin. Saothar duairc bhrónach - caint ann air faolchú baineann agus fuil agus oighear. Is dóigh liom go raibh splanc dóchais ann - bhí an oighear ag leá, deiridh ag teacht leis an ngeimhreadh.

Chan - más sin an focal ceart - Tomás Mac Siomóin dán le Mayakovsky i leagan Gaeilge. Éigeas i ngleic leis an bhfear cánach. Bhí sé lán de bhrí agus d'fhuinneamh, agus cíoradh ann ar dhán an fhile, agus é i ngleic leis an teanga, agus an dua as a bhfáisctear dánta. Tugadh "file rap" ar Mayakovsky, agus is sa stíl reacaireachta sin a bhí an píosa. B'é Tomás an fear chuige, deirim libh!

Ansin thug Nuala Ní Dhomhnaill a leagan de dhán brónach, mothúchánach le Marina Tsvetaeva (is féidir go bhfuil an dá banfhile curtha tré chéile agam!). Sliabh ar bhruach cathrach, á slogadh ag tithe na saibhir, ach ag baint díoltas amach. Tráthúil d'Éireann na linne seo! Bhí cimeonó cuanna á chaitheamh ag Nuala, agus chuir sé sin lena cur i láthair láidir.

Bhí an cúlra ceolmhar thar a bheith maith. Thug na hoirfidigh ceolchoirm dá gcuid féin, le hamhráin le Jackie Leven bunaithe ar fhilíocht Tsvetaeva - ach bhí ormsa teitheadh, i mo luaithríona ag iarraidh breith ar bhus a deich!

26 September 2009

Duinnín agus Rí na Boihéime


ab ainm don scéal a scríobh Biddy Jenkinson go speisialta d'IMRAM, agus a léigh sí aréir.

D'fhoilsigh sí leabhar de scéalta agus Duinnín ina bhleachtaire iontu anuraidh. (seo an méid a scríobh mé faoi).

Scéal sa mhúnla céanna atá anseo. Fíonn sí ceangal chliste idir Sherlock Holmes, Irene Adler agus Dinneen.

Tá gnéithe ann de mhachnamh Myles maidir leis an gaol idir carachtair ficseanach agus a n-údar freisin, agus an naimhdeas is féidir a bheith ann. Tá ról cameo ag Art Conán Ó Dúill.

Comhla don scéal is ea Bloomsday. Tá tagairtí do Dinneen i Ulysses, agus thug siad sin creatlach an scéil do Bhiddy.

Is iontach cliste an scéal atá ann, agus tá mé ag tnúth níos mó ná raibh le himleabhar eile.

Focal draoi


Aréir, d'fhreastail mé ar An Foclóirí Draíochtúil a bhí mar chuid de IMRAM. Ceiliúradh ar an bhfoclóirí Dinneen a bhí ann.

Ócáid dhá leath a bhí ann. Ar dtús, thug Alan Titley caint thar a bheith spreagúil bunaithe ar Dinneen agus foclóirí i gcoitinne. Ansin léigh Biddy Jenkinson gearrscéal bleachtaireachta a scríobh sí don ócáid. Is fiú mír dá chuid féin é sin.

Tá Alan ina chainteoir chomh líofa agus atá sé ina scríbhneoir. B'é seo a chéad uair a chonac beo é.

Tharraing sé as beathaisnéis an Duinnínigh. Níor thug mé liom ainm an fhir a scríobh, faraor. D'fhigh sé caint iontach as sin focail aisteacha i bhfoclóir Dinneen agus foclóirí eile - go háirithe Dwelly agus liostaí focail éagsúla, ag tarraingt as canúintí na hÉireann agus na hAlbain. Rinne sé tagairtí do Shéan a'Chóta agus don leabhar Éist leis an gCóta - ag tabhairt samplaí thar a bheith greannmhara de chol an Chaomhánaigh leis na Sasanaigh. Saothar gan críoch ab ea an foclóir a bhí idir lámha aige, saothar faraor nár foilsíodh - mór an trua, ó tharla gur foclóir Gaeilge-Gaeilge atá ann. Luaigh sé freisin an leabhar nua Cén Sórt é? agus an bhéim ann ar focail drochmheasa seachas moltacha! Gan amhras, ní bheadh aon phlé ar saibhreas an Duinnínigh iomlán gan sár leabhar Alf Mac Lochlainn - Farasbarr Feasa ar Éirinn - a lua. Gan amhras, mar Chorcaíoch dílis, chaith sé slaiseanna lena comharsan Ciarraíocha, arbh duine díobh an Duinníneach!

Tátal an chainte - go bhfuil saibhreas iontach sa chaint, go háirithe sa Ghaeilge, agus nach stopann an foghlaim riamh. Agus go fuineann agus go scagann foclóirithe agus scríbhneoirí an teanga, ag cuir léi nuair is gá.

Ana chaint.



Íomhá: Dinneen le Jack Yeats, ó Wikimedia.

25 September 2009

Párlathas agus Ríomhlathas

Párlathas - focal (nó b'fhéidir téarma) iontach a tharraing m'aird agus mé ag léamh Feamainn Bhealtaine. Gan amhras, agus é ina ghiolla de chuid na Roinne Éadóchais, bheadh tuiscint ag Ó Direáin ar phárlathas.

Seo an tús an sár chuir síos a rinne Máirtín Ó Cadhain ar phár san gearrscéal An Eochair:

Arae is páipéir í an Stáitsheirbhís, chuile cruth, cineál, dath déanamh agus téagar de pháipéir.
Tháinig mé féin salach ar an bpárlathas uair amháin. Mé ag clárú breith mo dara mhic, sa Ghearmáin. Sloinne mo mhnaoi? Bean Uí Almhain, gan amhras. An raibh fianaise agam? Bhí cinnte, is san ainm sin a bhí idir pas agus cárta aitheantais s'aici. Ach an teastas pósta? Níor luaigh sin ach a hainm réamhphósta. Teastas Éireannach atá ann, agus abhus níl spéis ag an stáit i gceisteanna mar sin! Deiridh an scéal? B'éigean do mo bhean dul go dtí an "Standesamt" (Oifig na nAicmí) agus móid a ghlacadh gurbh í a hainm a hainm. Bhí an pár chuí ar fáil ansin. Agus fuair mo mhac a phár.

Dúirt Brecht i Flüchtlingsgespräche gurbh uaisle an Pas - pár thar a bheith tábhachtach - ná an duine. D'fheadfadh an duine teacht ar an tsaoil ar bhealach fánach ar bith. Ach an Pas - faoi ghradam oifige amháin!

Feictear dom áfach gur baolaí go mór an scéal inniu. Tá an Ríomhaire tagtha in áit an Phár. Ní Rialtas go ríomh-Rialtas. Ach, cé go raibh tuiscint éigin ag cléirigh do phár, neacha eile ar fad iad na sonraí ar ríomhaire. Níl oiread agus tuiscint pháir ar shonraí ag ríomhaire. Agus is lú an tuiscint ag na cléirigh ar na ríomhairí ná ag na ríomhairí ar na cléirigh, go hiondúil. Bogfar thart sonraí, méadófar iad, cóipeálfar iad go rábach. Déanfar mianadóireacht sonraí - scagfar na sonraí a bhailítear as chuile áit chun eolas a aimsiú. Glacfar leo gan cheist - agus ní bheifear in ann a dtús a aimsiú. Tá sé sa ríomhaire, dá bhrí sin, tá sé fíor.

Cúis imní alt Karlin Lillington san Times inniu: Tá sé i gceist ag na húdaráis sonraí a bhailiú orainn go léir, go rábach.

Mar a dúirt Terry Pratchett uair, tá an nath "Níl baol dá laghad ón bpéas do dhuine neamhchiontach" faoi scrúdú ag an gCoiste um Achomhairc Aicsiomaí.

Olc a dhóthain go bhfuilimid gúgláilte. Ach gúgláilte ag an Rialtas...

24 September 2009

Iodh Phádraig

Bhíos ag caitheamh leathshúil ar Deora Dé le Pádraig Ó Fiannachta nuair a tharraing an seoid seo mo shúil.

Tá mo Bhóna Bán Déanta
(7-3-1970)

A Chríost
Nár bheiread breith
Gan breith oram
Ó do Í Morainn

Im chill gach lá
Anall faoim bhráid
Ceangal oram
Do Í Morainn

Ní beaifití bán
Ná ceailicó Cullen
A bhronnfair oram
Mar Í Morainn
Ach
Do bhriathar féin
Nach ponca léinn
Ach breith do bhéil
Ar smúit mo shaoil.



Deirtear i bhForas Feasa ar Éirinn:
"Ní bheireadh Morann mac Maoin breath gan an iodh Morainn um a bhrághaid; agus an tan do-bheireadh bréigbhreath do theannadh an iodh um a bhrághaid; agus an tan do-bheireadh an fhírbhreath do shíneadh an iodh tar a ghuaillibh amach, amhail adubhramar thuas."

Cuid de ghnó sagairt gan amhras breith a thabhairt, breith chun leasa an té a thagann chuige san faoistin. Breith faoi umhlaíocht do Chríost.

Is maith liom an íomhá de bhóna sagairt mar Iodh Mhorainn - comhartha ar a ghradam, ar a oifig, ach freisin ar a dhualgas trom.

Ceannairí Neamh Tofa

Bhí Declan Ganley ag cáineadh "ceannairí neamh thofa" san Irish Times inniu.

Íorónta. Seo fear a sheas, agus a chuir iarratasóirí dá chuid chun cinn ar fud na hEorpa san Toghchán Eorpach, ag maíomh gur deis a bhí ann tuairim a thabhairt faoi Conradh Liospóin.

An toradh? Theip ar féin suíochán a bhaint, agus chaill iarratasóirí a bhí bainteach le Libertas, ach a bhí sa Pharlaimint roimhe seo a gcuid suíocháin.

Dúirt sé féin go nglacadh sé le breith an Phobail, agus tarraingt siar ón saol poiblí.

Ach seo é arís, lena ghrúpa Libertas, thar nais i lár an aonaigh. Ag stocaireacht do vóta Níl, ar an mbonn go bhfuil an dara reifreann neamh-daonlathach.

Pobal Bhileog

I measc na daoine a bhí mé ag caint leo de Máirt bhí bean a bhfuil Máire uirthi silim, agus fear a chaith suaitheantas de chuid PCnahÉ. Feictear Máire thart fán chathair ag seinm an cairdín, agus bhuail mé léi uair nó dhó cheana san Ionad Buail Isteach.

Pé scéal é, táid araon go láidir in aghaidh Chonradh Liospóin. Bhí bileoga de chuid Gluaiseacht an Phobail á scaipeadh ag Máire, agus ghlac mé le ceann.

Tá cuma fiúntach ar an mbileog, agus is é an chéad píosa stocaireachta atá feicthe agam a thagraíonn go sonrach d'Airteagail an Chonradh. Sílim gur don leagan chomhdhlúite atá siad ag tagairt.

An deacracht ná go bhfuil na diabhail Conarthaí teibí go maith, agus is féidir rudaí a léamh isteach ann nach gá iad a bheith fíor.

Mar shampla, an tagairt seo:
Ar bhonn iomaíochta idir chuideachtaí príobháideacha a riarfaí seirbhísí poiblí (e.g. cúrsaí sláinte agus oideachais). (Airteagal 106, Airteagal 107).

Glacaim leis gur tagairt don leagan Comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá i gceist. Ní fheicim an tionchar dá bhfuil siad ag tagairt.

Deir fo-alt de 106 "2. Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú is seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh siad faoi réir rialacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur chun feidhme bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó ghníomh, an chúraim áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur as d'fhorbairt na trádála go feadh méid ba dhochar do leasanna an Aontais."

Feictear dom nach dtagann sláinte ná oideachas faoin gceannteideal sin.

Fós, is dóigh liom gur beartas fiúntach san idirphlé atá sa bhileog seo. Beidh mé á chíoradh.

Seolfar go hoifigiúil ag Tomás Mac Siomóin é san Ionad Buail Isteach, Connolly Books, 43 Sráid Essex Thoir, ar 1.30 i.n.

23 September 2009

Briatharchath

D'fhreastail mé aréir ar chaint Thomáis Mhic Shiomóin "AN DÚCHAS AGUS AN NUA". Cuid d'fhéile IMRAM. Bhíos ag dréim le breis forbairt ar na smaointe a bhí a phlé ag Séan ar na mallaibh. Ní hé sin go baileach a bhí ann. Le bheith cruinn, is dóigh liom gur chreid Tomás go mbeadh am aige do chaint níos faide. B'éigean dó a chaint a chuir in oiriúint do tréimhse níos giorra, rud a chuir dá bhuille é beagán. Dhírigh sé mar sin ar an litríocht, agus an slabhra réabtha idir scríbhneoirí na linne seo - scríbhneoirí Gaeltachta agus Galltachta - agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Pobal atá don gcuid is mó dall ar na saothair atá á scríobh, agus a chreideann gur stop litríocht na Gaeilge le béaloideas na Blascaodaí.

Bhí scéalta ón ngort aige. Ceann a chuaigh i gcion orm go mór. An cailín Gaeltachta a d'fhreastail ar cheardlann scoile scríbhneoireachta. A chum gearrscéal den scoth lena linn. Ar mian léi scríobh. I mBéarla - Stephen King seachas Máirtín Ó Cadhain an múnla di.

Nach raibh leabhar ar bith léite ag na gasúr nach raibh ar an gcúrsa; níorbh eol dóibh comharsan leo a bheith ag scríobh.

Téis Thomáis - go gcaithfear na nascanna margaíochta a ath-thógáil ar bhun córasach, go bhfuil gá le cur chuige seasta chun an méid atá á fhoilsiú a oscailt don bpobal i gcoitinne, chun go bhfaigheadh sé bealach isteach i mbéaloideas an phobail.

Dáithí Ó hÓgáin a bhí le freagra a thabhairt ar Thomás. Bhí léamh beagán difriúil, mar a bheifeá ag súil leis, ag Daithí ar Bhéaloideas, ach bhfacthas dom go raibh sé mórán ar aon fhocail le Tomás seachas sin, ach béimeanna eile aige.

Gabriel Rosenstock a bhí mar chathaoirleach, agus a d'oscail an cheist don rud ar thug sé Briatharchath , seachas díospóireacht air.

D'ardaigh mise ceist an easpa leabharlann don Ghaeilge - ach dúirt Liam Carson go bhfuil gach leabhar Gaeilge i gcló i Leabharlann Sráid an Phiarsaigh. Rud a chaithfidh mé a fhiosrú níos doimhne. Is féidir, gan amhras, feidhm a bhaint as an gcóras iasachtaí idir leabharlainne chun teacht ar leabhar más eol duit é bheith i leabharlann éigin.

D'fhiafraigh Nuala Ní Dhomhnaill cén fáth nach raibh Annalacha na gCeithre Maistrí le fáil i ngach leabharlann.

Thug Liam Ó Muirthile aitheasc mór fada a chuir mearbhall orm, agus an t-aon smaoineamh a d'fhan liom ná an gá a chonaic sé gortghlanadh a dhéanamh ar teagasc na Gaeilge, tabula rasa iomlán.

Bhog an bhriatharchath san treo sin ar feadh tamaill, agus i gciorcail cúnga seanchaite. Tarraingíodh Conradh Liospóin isteach sa cheist freisin, n'fheadar cén fáth. Luadh an Cadhnach mar an cheannaire deiridh a bhí ar Ghluaiseacht na Gaeilge, agus dúradh gurbh é a thionchar siúd, agus tionchar na glúine sin a bhunaigh RnaG agus TG4 - rud atá fíor.

Dúirt an fear a chuir clabhsúr leis an gcaint foirmeálta - Douglas a thug Gabriel air - rud thar a bheith stuama. Nach ann do "phobal" na Gaeilge mar bhloc. Go bhfuil daoine ann a léann, agus daoine nach léifidh riamh. Ach gurbh í an teanga labhartha an rud a chaithfear a bhuanú - gan í, tá thiar orainn.

Bhí comhráití taitneamhacha bríomhara fíon éascaithe agam ina dhiaidh, agus ba bheag nár lig mé don bhus deiridh éalú uaim. Bhí bord faoi throm ualach litríochta ann freisin, ach níor ghéill mé don gcathú an uair seo!

Tá Liam ag caint ar ócáid míosúil a bheith ann idir IMRAMA. Bheadh sin go deas. Mór an trua nach fear gan bean, gan chlann - gan beann ar aoinne mé - ansin bheadh ar mo chumas tumadh i saol literati na Gaeilge níos minice!

21 September 2009

Liospóin Uí Thuathail

Ar mholadh ó Chon, d'iarr Mick Fealty orm píosa i bhfabhar Conradh Liospóin a scríobh do Slugger O'Toole.

sraith aistí ann, agus m'iarrachtsa anois ina measc.

Frith-Ghluais-eacht

Mheabhraigh tagairt Challiomachas thíos dom gné amháin a chuireann cantal orm.

Is minic, i leabhar i nGaeilge atá ag baint úsáid as foclóir neamhchoitianta, go mbíonn "gluais" ann. Bhí, cuir i gcás, ceann le leabhar Dermot, ar Muir is ar Sliabh. Ach ní bhíonn sna "gluaiseanna" seo ach tiontú Bhéarla ar théarma Gaeilge.

Cén mhaith a rá liom - abair - gur "claustrophobia" an Bhéarla atá ar "uamhain clóis", muna bhfuil fhios agam cad é?

Caithfidh mé a rá nár bhain mé mórán feidhm as an gluais sin, pé scéal é, ó tharla gan gá agam leis.

Ach i saothair níos doimhne sna h-eolaíochtaí, is minic téarma nach dtuigim ann. Agus ní thuigim an Bhéarla ach chomh beag. Bheadh níos mó tairbhe ann domhsa (agus uaireanta don scríbhneoir!) sainmhíniú i nGaeilge a dhéanamh ar an téarma. Cinnte, ba mhór an chabhair é sin chun teacht ar an dtéarma cheart.

Is breá ann An Foclóir Beag ach santaím An Foclóir Mór!

Cód poist... arís

Deir an Rianach go mbeidh cóid poist againn.

Agus, faraor, léiríonn an preas ráiteas go bhfuil sé agus a lucht cabhartha sáinnithe i saol an Bhéarla fós - ag sodar i ndiaidh na Sasanach. "ATH" agus "D" do Áth Luain agus Áth Cliath faoi seach.

Sin uilig ainneoin feachtas an Chonartha - sheol mé féin litir, agus fuair mé freagra a léirigh nár thuig na maorlathaigh an fhadhb.

Má tá córas le bheith againn, tuige nach bunaithe ar uimhreacha atá sé, mar atá bunús gach córas eile Eorpach? Sa Ghearmáin, abair? Córas i bhfad níos solúbtha, agus neamhspleách ar cheisteanna achrannacha teangain.

Nó, ó tá muid sa bponc ina bhfuilimid, céard faoin gcóras eolaíoch seo ag lucht PONC?

An File Gaeilge is Saol na Cathrach

Agus mé ag treabhadh liom tríd Feamainn Bhealtaine le Máirtín Ó Díreáin, tháinig mé ar an aiste seo atá tráthúil agus muid ag plé na teangain mar a bhíomar


Nithe iad "focail" atá beo. Tá siad i mbéal na ndaoine. Tá anam iontu. Nithe iad "téarmaí" a gcaithfidh tú rith chun an fhoclóra á lorg nó iad a chumadh tú féin nuair is gá sin, mura bhfuil sé déanta ag duine éigin cheana.


Is mór is fiú an aiste a léamh, mar sin rinne mé é a scanáil, agus tá teacht air ag an nasc thuas.

20 September 2009

Tá an scéal ina chac!



Bhíos sa chlós spraoi le m'iníon ar maidin. I bpáirc beag i mBré, páirc nach bhfuil aon cothabháil á dhéanamh air ag na húdaráis - ach atá glan de bharr díograis na gcomharsan. Nó sách glan, pé scéal é.

Bhí mé ag caint le bean. Bhí sí sách corraithe, mar ainneoin go raibh an áit glan inné, agus faoi ghlas thar oíche, bhí carn mór cac madra ar an gcosán arís. Le seachtain, thit trí paistí i gcac madra ann, agus bhí an trealamh spraoi smeartha le cac.

Dúirt sí (ó tharla na Éireannach í) go bhfuil muid mar Éireannaigh go maith ag clamhsán, ach go holc ag dul i ngleic le nithe mar seo. Go mbíonn muid ag brath ar dhaoine eile, "orthu siúd" nó ar "an Rialtas" i gcónaí.

Is eagal liom gur fíor di, agus táimse chomh ciontach le haoinne. Ar a laghad, ním iarracht féachaint chuige nach scaipeann mo phaistí bruscar, agus níl madra agam.

Ritheann sé liom go bhfuil nasc idir seo agus an cheist atá á phlé ag Áine - an folús sa phobal a ligeann do eachtraí uafara cosúil le batráil seanathair tarlú.

Is dóigh liom go bhfuil fírinne san téis faoi fuinneoga briste a dheisiú - má ghlac an pobal le mion mí iompar, go n-osclaíonn sé an bhealach do coireanna móra.

Tá sé in am ais-throid a dhéanamh. Ach conas? An cac áitiúil a ghlanadh suas an chéad céim!

Dála an scéil, faoin am a shroich muid an baile, bhí bróg m'iníon smeartha le cac a shiúl sí ann áit éigin ...

19 September 2009

Na Reifrinn Eile


Cloistear sách minic an reifreann san Fhrainc agus san Ísiltír dá lua agus Conradh Liospóin faoi chaibidil.

Ach bhí dhá reifreann eile ann - inar glacadh le móramh mór leis an Conradh Bunreachtúil - san Spáinn (77% i bhfabhar) agus san Lucsamburg (57% i bhfabhar)

Cad a chruthaíonn sé sin?

Faic, is dócha, seachas go bhfuil an cheist seo faoi gan aon tír eile a bheith ag fáil deis "daonlathach" rud beag níos casta ná mar a mhaítear.

Mar a dúirt mé cheana, rud cigilteach is ea reifreann. Tá tíortha ann - an Ghearmáin, abair, a bhfuil an-drogall orthu reifreann a ghairm de bharr mí-úsáid reifrinn san am atá thart.

Tá a bhealaí féin ag gach tír conradh - conradh Liospóin ina measc - a dhaingniú, agus feictear dom nach dtig a rá go bhfuil bealach amháin níos "daonlathaí" ná bealach eile.


Íomhá - vóta Tá (Si) sa Spáinn, ó Wikimedia.

Is láidre muid leis an Eoraip!

Ní minic mé ag déanamh mo chuid fhéin de mhana de chuid Fianna Fáil. Ach tá an ceann seo fíor!

Go foirmeálta, tá sé fíor nach gciallóidh vóta i gcoinne Liospóin go "gcaithfear amach as an Aontas muid".

Ach mar atá fhios ag aoinne a bhí riamh páirteach in aon cumann nó coiste, bíonn níos mó ná leibhéal na rialacha foirmeálta i gceist. Tá an-tábhacht le meas, dea-thoil agus tionchar. Na nithe sin a thugann lucht gnó "doláimhsithe" orthu.

Go dtí seo, d'éirigh thar barr lenár dtaidhleoirí ag déanamh leas na hÉireann thar lear, agus go háirithe sa Bhruiséil. Cuid de sin, is toisc gurbh iad plúr ár státseirbhís iad - fágann a ngairm beatha nach bhfuil siad chomh teoranta ná oileánda leis an dream nár fhág an baile riamh. Fianaise ar sin, gurbh bean Éireannach a bhfuil an post is airde i maorlathas an Aontais aici - Catherine Day.

Tá cúiseanna eile ann - is cuid den domhan Angla Sacsanach muid - ach is féidir linn muid féin a dhealú ó na cumhachtaí impiriúla an Bhreatain agus SAM, de bharr na staire. Feidhmíonn muid mar comhla idir na stáit sin, agus a gcuid réimsí tionchair, agus an Aontas i gcoitinne. Rud a fhágann go mbíonn ceann ceathrú Eorpach - nó fiú EMEA - an iliomad comhlachta anseo.

Tá nascanna domhanda againn de bharr ár misinéirí, agus dea thoil dá réir. San Eoraip freisin - is eol do dhaoine le oideachas gurbh iad manaigh Éireannacha a thug saíocht na Róimhe agus na Gréige thar nais go lár na hEorpa tar éis briseadh an Völkerwanderung. Tá bá acu linn mar thír le stair fada d'fhulaingt - stair a bhí i gcónaí nasctha le stair na hEorpa, cé gur minic muid dall ar sin abhus. Tá na géanna fiáine i stair na dtíortha Eorpacha freisin!

Is fíor go n-amharcann cuid acu orainn le "spéaclaí uaine" rómánsacha - ach go dtí seo, ba chun ár leasa é sin, fiú.

Ach tá sé thar a bheith éasca dea thoil a chailleadh. Má chreidtear go bhfuil muid - agus ár Rialtas - patuar faoin dtogra ar mian leis na tíortha eile é chuir chun cinn, beidh éifeacht aige sin ar ár dtionchar. Tá fearg forleathan ann faoin gcuma atá ar an scéal - go raibh muid sásta bheith san Eoraip nuair ba diúlcaigh ar an sine airgid muid, ach nach bhfuil muid sásta aon chuid den ualach a iompar. Beidh an fearg sin le brath ní hamháin i measc na tíortha san "sean Eoraip" a chuidigh linne in am ár ngátar, ach go hairithe i measc na tíortha nua - a chreideann go bhfuil muid ag iarraidh an dréimire a dhreap muide a shéanadh orthusan.

Ní neart go cur le chéile!

18 September 2009

Daonlathas agus an tAontas Eorpach

Tá sé léite cúpla uair le déanaí agam go bhfuil "easpa daonlathais" ag baint leis an Aontas Eorpach - agus é sin luaite uaireanta mar chúis diúltú don reifreann ar Chonradh Liospóin.

Ní déantar sainmhíniú ar an "easpa" seo ró mhinic.

Cinnte, tá an tslí ina ndréachtaítear dlíthe an Aontais casta, mar a bheidh súil agat le próiseas ina gcaitheann fiche seacht Rialtas teacht ar aon tuairim, agus ról go minic ag Parlaimint na hEorpa san ceist. Agus ansin caithfear na dlíthe a chuir i feidhm go logánta.

Feictear dom go bhfuil an tuiscint ann go bhfuil an tAE mí-dhaonlathach de bharr meatacht na bpolaiteoirí logánta, nach bhfuil sásta teacht amach go soiléir agus na beartais ar ghlac siad leo a mhíniú don bpobal agus seasamh lena gcinneadh.

Má tá míshuaimhneas ar an bpobal faoi athrú éigin, scairteann na polaiteoirí go bhfuil "An Bhruiséil" ag brú rud orainn.

Sampla mhaith ná an raic a bhí ann maidir le táillí uisce ar scoileanna. Dúirt an Rialtas go raibh an "Eoraip" á bhrú sin orainn. Cheil siad gurbh iad fhéin a shocraigh go mbeadh ar scoileanna íoc - d'iarr - agus fuair - an Fhrainc díolúine dá scoileanna féin.

Siopa Baolach!


I measc rudaí eile, tharraing an fógra thuas mé isteach san siopa Leabhair Cathach ar Sráid Diúc.

Tá an chuid is mó de na leabhair ann i bhfad thar m'acmhainn díol astu - plúr na seanleabhair atá a dhíol ag Muintir Chuinneagáin ann. (Agus is fíor don fógra!)

D'éalaigh mé le cóip de Colún Eibhir - Saol agus saothar Tomás Acuín le Aibhistín Valkenburg O.P. Fuair mé ar dhá euro é i gcúinne na sladmhargaí thíos staighre.

Earra atá ag éirí gann is ea fíor siopa leabhar, seachas ollmhargadh na hilmheáin (fiú Waterstones, níl siad gan bialann anois, agus is beag rud as an gnách a gheofá ann!)

17 September 2009

Máistir Ildánach ar Muir agus ar Sliabh


Seoladh úrscéal nua Dermot Somers, Ar Muir agus ar Sliabh, mar chuid d'fhéile IMRAM de Satharn seo chaite.

Bhí sé de phribhléid agus de phléisiúr agam bheith i láthair. Is sár reacaire é Dermot (mar a luaigh mé cheana). Le cabhair ó grianghraif roghnaithe óna shaol eachtraíochta thug sé cnámha a scéil fhéin, a ghrá don eachtraíocht - gach saghas eachtra - agus creatlach an úrscéil. Níor sceith sé aon rún, ach is cinnte gur spreag sé fonn léite i níos mó ná ionamsa.

Fíonn Dermot scéal cumasach caidrimh as eachtraíocht, an teannas a bhaineann le clár teilifís a dhéanamh, cíocras béadáin sciar airithe de na meáin, éiginnteacht agus fánaíocht glúin na noughties, agus roinnt comhábhair eile. Dúirt sé féin gur gearrscéal fada seachas úrscéal atá i gceist. Ach is seánra ann féin an novella, agus is máistir shampla atá san úrscéal seo.

Is maith liom an slí a thugann sé nodanna agus imlínte gnéithe den scéal, ag fágáil bearnaí do shamhlaíocht an léitheora.

Ach tagann forbairt mar is dual d'úrscéal ar a laoch, a fhoghlaimíonn faoi féin agus a chasann i dtreo feabhais.

An-leabhar. Agus an-seoladh! Táim ag tnúth go mór le reacaireacht Dermot a bhlaiseadh arís an mhí seo chugainn, ag Tionóil Fómhair Sléibhteoireacht Éireann.


Ar muir is ar sliabh
Dermot Somers
ISBN: 9781901176971
Cois Life 2009

12 September 2009

Colanna agus Caidrimh

Phioc mé suas Í Siúd le Siobhán Ní Shúilleabháin san leabharlann le déanaí. Sraith gearrscéalta cumhachtacha faoi mná agus na caidrimh le fir a bhíonn mar cuid dá saol. Tá na scéalta taitneamhach, gruama uaireanta, áthasach uaireanta eile, ach i gcónaí go maith.

Cé gur léir iad a bheith lonnaithe faoin dtuath in Éirinn, nó ag teacht as an gcúlra sin, ní dóigh liom go bhfuil siad logánta ná paróisteach a chaoi ar bith - is dóigh liom go dtagann siad gar don gaol chasta uilíoch idir fir agus mná. (Gan amhras, is fear mise - b'fhéidir go mbeadh na mná ar mhalairt tuairim!).

Bhí Aistriú léite agam cheana, agus thaitin sé liom. Beidh súil in airde agam dá leabhra amach anseo.

(Ceann eile don liosta, a Áine?)




Í Siúd
Siobhán Ní Shúilleabháin
Cló Iar-Chonnachta 1999
ISBN 1 902420 03 9

Aistriú
Siobhán Ó Shúilleabháin
Cló Iar-Chonnachta 2004
ISBN 1 902420 38 1

10 September 2009

Éiric fola


Maíonn Aire Gnóthaí Eorpacha na Libia go mba cheart d'íobartaigh an IRA a bheith ag lorg cúiteamh ó Gael Mheiriceánaigh a thacaigh leis an IRA seachas ó Libia a dhíol an Semtex leo.

Seo casadh i scéal atá ann ar an gcéad dul síos de bharr gur íoc Libia cúiteamh le híobartaigh Mheiriceánacha an IRA mar chuid de mhargadh trádála le SAM.

Is dóigh, má tá éiric le n-íoc, go bhfuil dealramh leis an tuairim seo aige.

Ach ní dóigh liom go ndéanfaidh sé lá difir do chonair chasta na sé Contae.

Tá daoine ann nach sásódh éiric Chéin iad - go hairithe má fhaigheann an taobh eile rud ar bith. Rud a chonaic muid nuair a mhol coiste Eames Bradley cúiteamh do gach aoinne ar maraíodh

Tá amhras orm faoin saghas seo cúiteamh gan nasc le haon rud eile. Bhí ciall leis an éiric fadó, agus é neadaithe sa chóras cóir. Ach anois? Íobartaigh mar ceithearnaigh i margaíocht ceannaithe agus polaiteoirí?


Sleá Lugh, cuid de éiric Chéin, ón ngnáth fhoinse.

07 September 2009

Straitéis Idirlín don Óige

Tá dréacht straitéis foilsithe ag an Foras anseo.

http://www.gaeilge.ie/oige

Tá rudaí fiúntacha ann.

Táim tar éis aighneacht a sheoladh isteach. Tá sé le léamh anseo:

06 September 2009

Daonlathas Díreach

Tá fúinn cinneadh a dhéanamh - arís! Beidh reifreann ar Chonradh Liospóin ann i gceann míosa. Fuarthas gealltanais maidir le roinnt de na ceisteanna a tógadh le linn an reifreann deiridh (cé gur beag an bhaint a bhí acu leis an gConradh). Agus tá an bholscaireacht agus síolteagasc faoi lán tseoil arís.

Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras orm faoin bhfeachtas ar an dá thaobh. Feicim agus cloisim a lán paisean agus mothúcháin - ach fíor bheagán argóint stuama.

Tá amhras orm faoin gcur chuige seo. Cáipéis chasta trí chéad leathanach atá i gceist leis an "Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh" a rialóidh obair an Aontais má dhaingnítear Conradh Liospóin. Is amhlaidh a bheidh riamh in aon eagraíocht a mbeidh breis agus fiche seacht Stát, gona teangacha, córais dlí, cultúir agus nósanna faoi seach, ag obair le chéile. Tá sin le feiceáil san méid prótacal agus eisceachtaí a chuirtear le haon cheann de na Conarthaí seo, ag dearbhú go bhfuil an Stát seo nó siúd ag diúltú nó ag leasú gné éigin.

Tá reifreann in Éireann de dhíth, deirtear linn, de bharr cás Chrotty in aghaidh an Taoisigh maidir leis an Ionstraim Eorpach Aonair. Ach bhí an breithiúnas sa chás sin measartha soiléir - ghlac an Chúirt leis go raibh an chuid is mó den Acht chun feidhm a thabhairt don gConradh bhailí. Seachas maidir le pointe amháin, sé sin, go raibh an Rialtas ag géilleadh roinnt inniúlachtaí maidir le gnóthaí eachtracha don gComhairle. De bharr gurbh ón bPobal a tháinig na hinniúlachtaí seo, bhí sé de dhualgas ar an Rialtas cead an Phobail a fháil.

An beart stuama mar sin ná na Conarthaí seo a iniúchadh, agus aon ghné a bheadh ag laghdú flaitheas an phobail a chuir faoi bhráid an pobail. Ina áit sin, tá gach conradh ó shin sactha isteach sa mBunreacht, ag bronnadh carte blanche ar na maorlathaigh.

Is mór idir sin agus daonlathas díreach, dar liom.

Daonlathas mar atá san Eilvéis, áit a chíortar ceisteanna ar an leibhéal is ísle, i nDáil Poiblí (mar a fheictear thuas1). An difríocht? Go bhfuil daoine ag cíoradh na ceisteanna mar a bhaineann siad leo féin go díreach. Ag glacadh le dualgais, agus ag éileamh agus ag seasamh le cearta pearsanta agus pobail. Tuiscint acu ar a bhfuil idir chamáin acu.

Ba mhaith liom i bhfad Éireann níos mó den saghas sin daonlathas a fheiscint abhus. Agus, ag tógáil ar sin, daonlathas ionadaíoch faoi prionsabal na coimhdeachta. Fágtar faoi na maorlathaigh conas a eagraíonn siad a gnó féin, ach iad ag cloí le treoir ón bPobal. Agus a oiread de ghnó gach pobail i lámha an pobail sin agus atá ar chumas an phobail a reáchtáil.

Ach níl aon mhaith i cuma an daonlathais a chuir ar cíoradh ceiste, mar atá sa reifreann seo. Tá's ag an saol nach ar bhun a bhfuil sa chonradh a shocrófar an cheist, ach ar bhonn mothúcháin agus claontuairimí.

An chun ár leas é sin?



1Íomhá le Marcus Schlumpf, http://www.icarus-design.ch/icarus/

Daoirse na mBan

Ar athraigh aon rud? Chuir an píosa seo de chuid Míshásta - coiscíní á dháileadh ag rince Debs - ag smaoineamh mé.

Feictear dom, ainneoin an réabhlóid atá in ainm is a bheith curtha i gcrích, nach bhfuil an dearcadh coiteann ar mhná athraithe pioc. Fós is ea an chollaíocht an slat tomhais. Níl ann de dhifir anois ach go bhfuil sé níos fusa ag fir éalú ó aon iarmhairt i caidreamh gnéis - nárbh cheart don mbean féachaint chuige go raibh frithghiniúint in úsáid aici?

Sa mhullach ar sin, tá an dá slat tomhais fós ann. Fear a luíonn le iliomad bean, is fear seoigh, stail iontach é. Bean a luíonn le fear nó dhó, tá sí ró fhial lena cuid, is striapach í. Bean a dhiúltaíonn fear, tá sí fuar, tá rud éigin cearr léi.

Sa mhullach ar sin, táimid i gcultúr ina mbíonn lucht fógraíochta ag baint feidhm as corp na mban chun chuile rud a dhíol - ó smeara fiacla go carranna ghasta. Agus is minic íomhá bréagach á chuir in iúl - grianghraif de mhná áille dá g"ceartú" chun aon mhion-lochtanna a feictear do dhuine éigin a bheith orthu a leigheas. Agus ansin na cailiúláin sin dá mholadh mar múnla do mhná óga.

Bhí alt ar Mercator.net ar na mallaibh faoi réiltín Poncánach óg - cailín le tallann agus fonn - a bhfuil brú uirthi agus í anois ag teacht in inmhe, a chraiceann chomh maith lena ghuth a chuir sa reicneáil.

An toradh - creimeadh ar féin mheas mná óga, gearr-chailí ag fulaingt le neamhoird itheacháin, easpa measa ag daoine orthu féin agus ar a chéile.

Agus feictear dom nach bhfuil feabhas dá laghad tagtha ar líon na mná atá ina gceannairí pobail. Ainneoin gurbh iad mná cnámh droma chuile pobal.

Ceann de na cúiseanna a cuireadh i léith Jean D'Arc - bean a d'fhuascail a pobal as an ngéibheann - ná go raibh sí ró fhearúil. An caineadh chéanna a déantar go minic ar na mná láidre sin a éiríonn leo an síleáil gloine a réabadh.

Ach n'fheadar an fearúlacht ná banúlacht atá i gceist in aon chor. Mar atá an chóras faoi láthair, ní mór d'aon duine ar mian leo na harda a bhaint amach a bheith leithleasach, tiomáinte, agus a gairm a chuir roimh aon rud eile. Má tharlaíonn sé go bhfuil paistí acu, ní mór dóibh céile tuisceanach a bheith acu, a iompraíonn an t-ualach ar fad.

Feictear dom nach bhfuil saoirse - fíor saoirse - ag mná ná fir sa chóras seo. Agus gur boichte muid uilig dá bharr.

Agus sin mo racht go n-uige seo.



Jeanne d'Arc ag coróiniú Cathal IV, ón ghnáth fhoinse!

04 September 2009

Eilifint agus Daille


Mar a gheall (bhagair?) sé tá alt ag Cailliomachas san eagrán reatha de Feasta ag plé an ghné ar ar thug sé "An Eilifint san Seomra". Sé sin, nach gcuirtear ceist na teangain san áireamh i bplé stair na hÉireann ach go hainnimh. An sampla a bhí aige ná leabhair i nGaeilge ar shaol Fintan Lalor.

Mheabhraigh cuid dá raibh á rá aige sliocht a léigh mé i "Mo Scéal Féin". Bhí an Laoghaireach tar éis aiste do scríobh ar "The Elizabethan Age of English Literature" agus é ar Mhá Nuad, agus duais gnóthaithe aige, agus é len a léamh do na hEaspaig.

Thug Easpag áirithe freagra air:
"Dheinis an méid sin go maith, a bhuachaill" ar seisean. Thugais do chuairt mór-thimpeall orthu go léir. Mholais léann na Gréige. Mholais léann na Rómha. Mholais léann na Fraince agus léann na Spáinne agus léann na hAlmáine. Ansan mholais go hard léann Shasana. Agus féach, oiread agus aon fhocal amháin amach as do bhéal ní dúrais i dtaobh léinn na hÉireann".1

Chuir an chaint sin ag Seán Mac Éil2 corr i meon agus saol an Laoghaireach - ag cuir ar neamhní a dhuairceas i leith na Gaeilge.

An tátal as sin? Go bhfuil oideachas agus ceannaireacht de dhíth.

Meabhraíonn ceist seo an eilifint scéal eile dom faoi eilifint. An seisear fear caoch agus an eilifint. De bharr gan ach cuid den scéal ag gach aoinne acu, níl raibh ar a gcumas an eilifint a thuiscint. Is amhlaidh don duine nach bhfuil teacht aige ach ar foinsí i dteanga amháin.

Ceist nach bhfuil teoranta don Ghaeilge, gan amhras. Léiríonn an léirmheas seo ar leabhar John Cornwell, Hitler's Pope, go raibh a anailís siúd thar a bheith lochtach de bharr an neamhaird a rinne sé ar fhoinsí Ghearmánacha.

Ach tá an fadhb córasach i leith stair agus cultúr na hÉireann. Ainneoin scoláirí aitheanta ar nós Declan Kiberd, a bhfuil cumas agus tuiscint san dá theanga acu, is láidre tionchar na bPriompalláin.

Mar sin, is tráthúil gurbh é focail scoir Calliomachas go bhfuil ár Roinn Oideachas féin de dhíth orainn.

Tá. Tá teip na Roinne Éadóchais ag creimeadh cultúr na hÉireann. Cúis sceoin is ea moladh MacCarthy an chúram ar fad a chuir fúthu. A mhalairt ar fad atá de dhíth.

Roinn Oideachas chumasach Gaeilge, le freagracht as Gaelscolaíocht ón réamhscolaíocht go dtí an cheathrú leibhéal. Cumhacht agus acmhainn chun leabhair a fhoilsiú - ainneoin gur ar Ghaelscoil a fhreastalaíonn mo leanaí, is i mBéarla atá sciar dá leabhair - an leabhar staire ina measc.

Siollabais céimithe do gach gné den Ghaeilge Bunghaeilge do chách, bunaithe ar an obair atá déanta maidir leis an Teastas Eorpach sa Ghaeilge. Cúrsa teanga dúshlánach do chainteoirí dúchais Gaeltachta agus do daltaí Gaelscoile faoi seach, a sholáthróidh maistrí ar an nGaeilge. Cúrsaí ollscoile a chuirfidh staraithe, dlíodóirí agus daoine gairmiúla eile den scoth ar fáil - iad fáiscthe as córas Gaelscolaíochta. Tar éis an tsaoil, léiríonn an taighde gurbh fearr an mata atá ag Ghaeilgeoirí atá cumasach san dá theanga, ná lucht aon teanga.

Delenda est Marlboro.

Ach níos tábhachtaí (agus mé ar bheagán Laidin - súil agam go bhfuil fear nó bean léinn in bhur measc a chuirfidh snas air)

Conditum est Regio Disciplinae Gaelicum!


Eilifint Mhór Ó Wikimedia
1Mo Scéal Féin, Caib. XIV Baol ar an nGaeilge
2 Níor aimsigh Google aon bheathaisnéis i nGaeilge dhom!

02 September 2009

Úrscéilín Órga

San slám is déanaí leabhair a fuair mé ón leabharlann, bhí úrscéilín bhreá le Pádraig Ua Maoileoin - An Bóna Óir.

Bhí an líne úd le Moore
"When Malachy wore the collar of gold
he took from the proud invader"
ag preabadh thart im cheann le fada. Bunaithe ar an scéil úd atá an scéal eachtraíochta seo, ach an stair bogtha ar aghaidh glúin nó dhó. Aimsir Flann Sinna agus Cormac mac Cuileannáin, agus ról acu araon san eachtra faoi fear óg a thagann aneas ón Íoslainn agus fonn air choróin Bhaile Átha Cliath a éileamh.

Is iomaí corr sa scéal as sin, agus timpeall an domhain i gceist sula mbaineann sé amach a dhán. Faoi deireadh an scéil, tuigimid gur Gael atá ann, agus ní Gall mar a chreid sé féin. Ach bíonn daoirse i measc na Múrach agus turas ó Luimneach thar Chathair Constaintín agus tríd an Rúis go Críocha Lochlann i ndán dó, agus corr i ndiaidh corr sa scéil.

Agus an scéal ar fad inste i bhfriotal shaibhir Dhuibhneach an Maoileoinigh.

Ana scéal. (Ach as cló, faraor!)


Torc ceilteach ó Wikimedia san íomhá thuas.

01 September 2009

Súil caoch an dlí?

Chuir an tuairisc seo an croí trasna ionam. Tuairisc ag Adam Brophy faoi fear, a cíontaíodh as iompar mí chuí le leanaí, a bheith ag faire ar a leanaí. Rinne Adam an rud cheart, agus thuairisc do na Gardaí é. Ach ní raibh ar a gcumas siúd ach - cé gur admhaigh an fear seo go raibh sé ag gliúcaíocht ar na gearrchailí - rá leis fanacht chun siúil.

Nílim ar son daoine a dhamnú ar feadh a saol as cionta a bhfuil íoctha acu astu.

Ach i gcás mar seo, creidim go mba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag na Gardaí, nó ag Breitheamh dúiche, ordú urchoisc le feidhm dlí leis a chur i bhfeidhm ar an nduine. Go hairithe agus fiainaise ann, mar a bhí sa chás seo.

Is eol dúinn anois go mbíonn claonadh ag ciontóirí in aghaidh leanaí filleadh ar an ndrochgníomhartha. B'é súil caoch na n-údaráis a lig dó seo tarlú go minic cheana, agus a charnaigh íobartach ar íobartach.

Caithfidh modh níos fearr a bheith ann.