01 January 2010

Caille Bhán

Thit rud beag sneachta anseo aréir. Bhí m'iníon ar bís chun fear sneachta a dhéanamh tar éis na rannta a fhoghlaim ar an réamhscoil. Faraor, níor leor an sneachta ach d'abhac, agus ní raibh sí in ann an srón cuí - cairéad - a bhronnadh air! Bhain sí sult as mar sin fhéin, agus baineadh feidhm as an gcarr sleamhnán a thug muid linn ó Bheirlín dón gcéad uair le fada.

Ach níl an tír seo in inmhe do sneachta, agus tá cúrsaí tráchta ina gcíor thuathail. Maith an rud go ndearna muid siopadóireacht inné!

2 comments:

Dennis King said...

Is deas an abhac é mar sin féin. Meas tú an mbeadh sí sásta ceann de na rannta sin a roinnt linn?

aonghus said...

I mBéarla atá siad. Caolseans go mbeadh mise sásta í a chuir á rá go hidirlíon poiblí!

Seo ceann acu