Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-01-25

A dá cos san uaigh, ach a guth fós linn

Cheannaíos an saothar seo roimh Nollaig, agus thug do Dhaidí na Nollag é le bronnadh orm. Dhá CD leis an méid a chuir Peig ar an dtaifid leis an BBC agus RTÉ sna 1940í/50í atá ann, móide tras-scríobh, aistriúcháin agus réamhrá i nGaeilge agus i mBéarla.

Saothar chuimsitheach eagarthóireachta eile (i ndiaidh Ó Bhéal an Bhab) ó Bo Almqvist. Tá Pádraig Ó Héalaí ina leathbhádóir aige ar an gceann seo.

Go dtí seo, níor éist mé ach le cúpla giota - táid ar mo sheinnteoir póca agam, ach tá aird de dhíth chun tairbhe a bhaint astu. Níl cleachtadh agam ar saibhreas Ghaeilge mar a bhí ag Peig, is léir, agus ós i mbus nó traein is minice a éistim lena leithéidí....

Bhí léirmheas ag Máirín Nic Eoin san Irish Times de Satharn, agus cur síos níos fearr ann ná mar atá ar mo chumas. Ach is cinnte gur seoid atá anseo, agus is iontach guth beo, beathaíoch an sár scéalaí a bheith againn, fiú más i ndeireadh a ré a ceapadh é.

Ní cuimhin liom ar raibh sé de dhualgas orm an leabhar Peig a staidéir. Táim measartha cinnte gur léigh mé é agus mé ar scoil, agus sílim nár bhain mé mórán tairbhe as! Tá Machnamh Seanmhná ceannaithe agam ó shin, agus súp bainte agam as. Seo mír deas eile i'm chnuasach leabhair, agus fuaim ag dul leis. Is iontach an nua-theicneolaíocht ach é a úsáid chun deireadh ré a shárú!



Labharfad Le Cách Leabhar agus 2 CDs.

Peig Sayers
Eagarthóirí / Editors
Bo Almqvist
Pádraig Ó Héalaí

Buntaifeadtaí Fuaime ó Chartlanna RTÉ agus BBC

ISBN: 9781848400085
New Island 2009