14 February 2010

Blúirín: Ilaibítreachas

Á phlé ag Michal Měchura ar a bhlag san teanga eile úd.

Aontaím leis go mba cheart d'aon bhogearra atá ag plé le sonraí daonna a bheith ilaibítreach le cúnamh Unicode. Gan amhras, fágann sin ceisteanna fós le réiteach - go hairithe conas litreacha le aiceann a chuir in ord. "fra a til å" a deir na hIoruaigh, ag áireamh å mar litir deiridh a n-aibítir siúd. Abhus, déantar neamhaird den aiceann de ghnáth agus focail á gcur in ord.

1 comment:

SeanO said...

Ní minic a bhím ag plé le hainmneacha a bhfuil marc diaicriticiúil ag baint leis, seachas aicinn na Gaeilge, ar ndóigh. Nuair a tharlaíonn a leithéid agus seans measartha maith ann go dtarlóidh sé arís, (Panu Höglund, mar shampla) cuardaím an comhartha ceart, litrím an ainm/focal/ agus cuirim le mo liosta atacheartú é. Agus, a chairde, sin sin.